An bhfuil muid faighte dobrónach nó uaigneach nó tuirseach den saol sna ceantair thuaithe in iarthar na hÉireann? Má tá – tuige? An finscéal uilig é an port seo go bhfuil sláinte, saoirse intinne agus spás na tuaithe ina chabhair don chine daonna?
Fanadh muid i gConamara go fóilleach. Níl cur síos ná inseacht scéil ar a bhfuil de leabhra agus de cháipéisí eile curtha i dtoll a chéile faoi áilleacht Chonamara agus faoi shaibhreas na timpeallachta agus faoin téagar atá in oidhreacht an cheantair.
Mar a tharlaíonn sé, tá go leor den ábhar seo scríofa ag daoine nach gcónaíonn san áit agus, go minic, nach dtuigeann an áit. Ach sin scéal thairis go fóill beag.
Sa tseanscoil ar an Sraith Salach ar an 12 Nollaig tá ócáid á reáchtáil a bhaineann le sláinte intinne, suaimhneas agus sásamh a bhaint as an saol. Eagraíochtaí atá fite fuaite i saol an phobail atá á reáchtáil, Forum Chonamara i Leitir Fraic agus Forbairt Chonamara Láir sa taobh ó dheas de Chonamara. Eagraíochtaí pobail den scoth iad an dá dhream acu. Feiceann siad folús sa saol agus tádar ag iarraidh leigheas a fháil air. Tá fianaise acu go bhfuil an folús sin ann.
Rinne bean atá ag obair d’Fhóram Chonamara – eagraíocht forbartha tuaithe – i Leitir Fraic i gConamara obair fhíorluachmhar ag déanamh teagmhálacha le feilméaraí agus a dteaghlaigh i gConamara cúpla bliain ó shin. Tá sise, Sinéad Grimes, ag leanacht ar aghaidh leis an obair sin agus ag scríobh colún nuachtáin seachtainiúil anois faoin ábhar. Ar a cuid siúlóide ó theach go teach feilme sa taobh ó thuaidh de Chonamara (ceantair Ghaeltachta cuid acu) thug sí faoi deara go raibh easpa misnigh ar chuid mhór daoine. Sna cásanna ba mheasa d’fhéadfá a rá go raibh siad i ngreim ag an ísle brí. Bhíodar uaigneach agus d’airigh siad go rabhadar scartha amach ón saol.
Caithfear a chur san gcomhaireamh anseo go raibh lorg Covid-19 ar an saol fós nuair a rinneadh an chamchuairt sin. Bhí sé sin ann, ach níorbh é sin uilig é, a deir Sinéad Grimes. Bhí rud déanta aici nach raibh déanta ag mórán lucht taighde agus suirbhéanna; bhí sí gaibhte go croí na ndaoine agus go croí an scéil istigh ar an teallach acu.
Ó shin i leith scríobh Sinéad lámhleabhar i mBéarla ar ar bhaist sí How’s Things?.
Ba mhaith an beart cóip Ghaeilge den lámhleabhar seo a chur ar fáil. B’fhéidir gurb in rud a thiocfadh as an ócáid ar an Sraith Salach an tseachtain seo chugainn. Ach an cheist, tuige an t-uaigneas i saol na tuaithe? Nó b’fhéidir gur cheart a dhul níos cruinne ar an gceist – tuige an t-uaigneas i réimse na feilméarachta i gConamara?
Ar bhonn pearsanta, b’éigean dom féin fanacht amach ón bhfeilméaracht sléibhe le tamall de bharr gortaithe agus obráid chorróige. Is fada liom go mbeidh mé ar ais ina bun aríst. Tá an chuairt agus an píosa ‘comhrá’ a dhéanainn le m’asal ‘John Mór’ thiar ag an seid le titim na hoíche ar cheann de na rudaí is mó a airím uaim!
Ach, ní hionann mise agus duine a bheadh gafa go hiomlán leis an bhfeilméaracht sléibhe. Thugainn faoi deara an t-uaigneas dá mbínn ar m’aghaidh féin ar feadh an lae uilig ag plé le rud éicint ar an gcriathrach. Éiríonn sé uaigneach, go háirithe in áit nach bhfuil mórán daoine thart nó go deimhin mórán tráchta nó mórán d’fhuaimeanna daonna an tsaoil le cloisteáil.
Cuimhním ar bhean ar thug mé síob di roinnt blianta ó shin sa taobh ó dheas de Chonamara. Bhí sí ag teannadh amach roinnt sna blianta agus í ina cónaí léi féin. “Drochrath ar an REPs sin ar chuma ar bith,” a deir sí. (Scéim timpeallachta agus talmhaíochta a bhí sa REPs a raibh íocaíocht mhaith go leor as ach go raibh ort beithígh agus caoirigh a choinneáil coiscthe). “Drochrath ar na REPs,” arsa an bhean bhocht. “Bhíodh caoirigh ag teacht anuas as an gcnoc sa ngarraí agus ba mhór an comhluadar iad sular thosaigh na REPS.”
Níl a fhios agam an raibh mórán comhluadair dhaonna ar bith aici ach ba mhór ab fhiú di caoirigh na gcomharsan féin a fheiceáil ag teacht isteach ag bradaíl sa ngarraí.
Ar ndóigh is ceist í intinn an duine don síciatraí ach scaití ní éiríonn leo sa gceird sin féin eolas, tuiscint ná leigheas a fháil ar an uaigneas, nó ar an ísle brí. Tá an intinn níos doimhne ná an Mariana Trench, an poll is doimhne sa bhfarraige. Ach tá glactha leis go forleathan go bhfuil caidreamh le daoine eile riachtanach don chine daonna. Ceart go leor tá corrdhuine ann atá in ann ceart a bhaint as féin, ar a aghaidh féin agus a chomhluadar féin. Mionlach!
Tá nádúr na feilméarachta athraithe agus tá an líon daoine atá le feiceáil nó le labhairt leo i mbailte fearainn tuaithe i gConamara agus in áiteacha nach é, laghdaithe thar cuimse. Agus tá sruth an tsaoil in aghaidh na mbailte sin. ‘Maintain the open character of rural Ireland’, a deir an dream sna cathracha atá ag iarraidh srian agus stop a chur ar thógáil tithe agus ar theaghlaigh óga lonnú amuigh faoin tír.
Tá an t-uaigneas ar cheann de na torthaí atá agus a bheidh air sin.
Go n-éirí leis an dream atá ag teacht le chéile ar an Sraith Salach ina gcuid iarrachtaí le misneach agus lámh chúnta a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an lagmhisneach agus an t-uaigneas ag luí go trom orthu.
jpmorley0@gmail.com
Tig leat bheith uaigneach sa chathair freisin .i. i measc daoine, ní galar na tuaithe amháin é. Ba chóir go mbeadh ‘líne chomhrá’ ann do Ghaelgeoirí fé mar atá i saol an Bhéarla. Tá daoine ann a bheadh ábalta a leithéid a chur ar bun gan mórán stró ná costais. An mbeadh cabhair airgid nó deontas ar fáil chuige? Cá bhfuil na fiontraithe óga? Bheadh rochtain againn ar an diaspóra sin a mbítear ag caint orthu freisin, gan uait ach an fón agus tá ceann acu sin ag óg is aosta anois. Bhí sé ina áis iontach agam féin i rith na paindéime: te teolaí ar do chraidó sa mbaile agus tú ag caint le duine éigint ar an taobh eile den chruinne, b’fhéidir. Agus bhí sé saor in aisce! Bítear a d’iarraidh daoine a mhealladh chun Gaeilge a labhairt le hairgead a dháileadh orthu (ffs), táimídne ann cheana féin agus gan aon bheann acu orainn! Áis iontach eile atá tagtha ar an saol anois ná an ‘Leabharlann Oscailte’. Bíonn siad ar oscailt chuile lá sa bhliain go dtí a 10 pm, ach amháin Lá Nollag. Níl go leor acu ann, áfach, bíonn ort taisteal uaireanta ach, ar a laghad ar bith, ní bheidh tú ólta ag teacht abhaile! Ba cheart brú a chur ar lucht riartha na tuaithe dlús a chur leis an dtogra sin.* Agus ní léitheoireacht amháin a bhíonn ar siúl ach oiread! Tograí simplí ba dhó’ leat ach nithe a chuirfeadh athrú mór chun feabhais ar ár saol.* Dún Garbhán an chéad áit in Éirinn a chuir an ‘Leabharlann Oscailte’ ar bun.