Beidh an cluiche iomána is tábhachtaí ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh amárach agus craobh na sraithe ann, athimirt ar Chraobh na hÉireann 2023. Mar atá scríofa agam anseo minic go leor ó thosach na sraithe ní raibh an comórtas sraithe thar mholadh beirte taobh amuigh de dhá chluiche, i mo thuairimse.
Bhí Luimneach páirteach sa dá cluiche sin, an chéad cheann i gcoinne Phort Láirge i mbabhta a 4 agus an dara ceann coicís ó shin sa chluiche leathcheannais i gcoinne Thiobraid Árann. An t-am seo anuraidh meirgeach go leor an chuma a bhí ar Luimneach agus sraith mheasartha imeartha acu i ndiaidh cheiliúradh a dtríú craobh na hÉireann agus a saoire thar sáile i ndiaidh na Nollag.
I mbliana baineadh stangadh astu sa gcéad chluiche sraithe a bhí acu i gcoinne Chorcaí nuair a sciob Corcaigh an bua uathu an-déanach san imirt.
Ach ina dhiaidh sin léirigh siad dintiúir an-dearfach go deo agus iad ag dul chun páirce le foirne difriúla gach deireadh seachtaine.
Ach pé foireann a chuaigh chun páirce, bhíodar iomaíoch agus iad ag imirt stíl Luimnigh, stíl na linne. Is cuma cén meascán a bhí ar an bpáirc, d’imríodar go léir mar fhoireann aontaithe.
Agus ansin bhí an cluiche leathcheannais againn agus leathdhosaen buaiteoirí gradam All Star ina suí ar an mbinse, leithéidí Kyle Hayes, Darragh O’Donovan, Gearóid Hegarty, Dan Morrissey, agus Seamus Flanagan.
Bhíodar leamh go maith sa chéad leath, ach amach leo sa dara leath, cuma dhifriúil ar fad orthu, iad an-tapa ag cosc lucht scórála na dTiobraid Árannach agus ag aimsiú na scóranna iad féin. 1-28 a bhí ar chlár na scór acu ag deireadh an chluiche. Bhí sé suimiúil gur scóráil gach imreoir ó uimhir a 4 go 15 sa chluiche sin, sampla eile d’iomáint na linne. Tá Cian Lynch beagnach ar a sheanléim arís agus é ag stiúradh na n-imreoirí atá timpeall air.
Bhí sé go hiontach sa dara leath coicís ó shin. Bunaithe ar na himreoirí atá ag Luimneach i láthair na huaire is deacair a rá nach mbuafaidh siad na trí chorn eile atá le buachan i mbliana.
Maidir le Cill Chainnigh tá siad ag feabhsú faoi Derek Lyng agus tá scata imreoirí le teacht ar ais. Faoin iarbhainisteoir Brian Cody ní raibh an fhoireann riamh gan spiorad fíochmhar agus níl aon athrú tagtha air sin ó tháinig Lyng isteach mar bhainisteoir. Tá dul chun cinn suntasach déanta acu ó bhabhta a dó nuair a mhúin Tiobraid Árann cúpla ceacht dóibh agus an lá sin bhí chuid mhaith gearán sna seastáin faoi stíl imeartha na foirne faoin mbainistíocht nua. Ach de réir a chéile, tá an tseanstíl agus an stíl nua sórt difriúil óna chéile. Bhíodar níos fearr ná Corcaigh coicís ó shin i gcluiche nach raibh leath chomh maith leis an gcluiche leathcheannais eile.
Ach is freasúra difriúil ar fad atá rompu amárach. Tuigim nach raibh mórán idir na foirne céanna i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh ach níor bhraith mé ag aon uair le linn an chluiche sin go raibh aon seans ag na Cait é a bhuachan.
Ag féachaint ar na himreoirí ar an dá thaobh amárach, ceapaim go bhfuil Luimneach níos fearr. Cill Chainnigh an contae deireanach a bhuaigh cluiche díbeartha i gcoinne Luimnigh. B’in in 2018 agus dar ndóigh bhí an t-ádh leo an lá céanna.
Beidh orthu a bheith ar fheabhas ar fud na páirce amárach don chluiche ar fad agus beidh orthu cúl nó dhó a scóráil. Anuas air sin chaithfeadh drochlá a bheith ag Luimneach. Ní dóigh liom go dtarlóidh san.
Fág freagra ar 'Tá Cill Chainnigh ag feabhsú ach ar éigean a stopfaidh siad Luimneach'