Tá ceisteanna le freagairt ag Corcaigh i ndiaidh chliseadh Inse

Ní hé seo an chéad uair gur lig foireann seo Chorcaí na maidí le sruth i gcluiche ach beidh deis freagra a thabhairt i gcoinne Thiobraid Árann

Tá ceisteanna le freagairt ag Corcaigh i ndiaidh chliseadh Inse

Patrick Horgan agus Alan Connolly leis an réiteoir Liam Gordon. Pic: INPHO/Tom Maher

Na cluichí i gcúige Laighean a chuir tús le craobh na bliana seo Dé Sathairn seo caite agus an bua ag na foirne baile go léir. Bhí mí-ádh ar Uíbh Fhailí nár bhuadar i gcoinne Átha Cliath agus bhí Loch Garman níos fearr ná Aontroim. Bhí Cill Chainnigh i bhfad níos fearr ná an Ghaillimh agus comharthaí tugtha go mbeidh siad san iomaíocht ag deireadh an tséasúir. Ach céard faoin nGaillimh? Ní bheadh tú dóchasach bunaithe ar thaispeántas an tSathairn.

Ach bhí orainn fanacht go dtí an Domhnach don chuid ab fhearr den deireadh seachtaine. Bhí dhá chluiche againn a bhí dian, fearúil, sciliúil, fíochmhar agus iontach agus dhá chluiche a chríochnaigh cothrom. Sa chéad chluiche in Inis bhí an chuma ar an scéal ag leath ama go raibh i bhfad an iomad le déanamh ag an Chlár agus iad dhá phointe dhéag chun deiridh. Ach faoin am go raibh an t-am cúitimh istigh sa dara leath bhí gach cuma ar chúrsaí gurb iad a bheadh ag tabhairt leo an dhá phointe. Ach le poc saor Declan Dalton bhí comhscór againn.

Ar deireadh thiar thall, léiríodh, b’fhéidir, nach bhfuil an Clár chomh dona agus a cheapamar roimh ré agus nach bhfuil Corcaigh chomh hiontach. Maidir le Corcaigh, bhíodar ocht bpointe chun cinn agus 68 nóiméad imeartha agus taobh istigh den naoi nóiméad eile ghéilleadar naoi bpointe. Ní hí seo an chéad uair gur lig an fhoireann seo na maidí le sruth agus seans go bhfuil ceacht le foghlaim ansin.

Bhí cluiche iontach eile againn i nDurlas Éile. Bhí caighdeán na hiománaíochta thar na bearta sa chluiche agus comhimirt iontach idir imreoirí Thiobraid Árann ar chuid de na rudaí a sheas amach. Ní minic a éiríonn le lánchúlaí ceithre phointe a aimsiú ach an oiread, gaisce a rinne Eoghan Connolly Thiobraid Árann. Bhí fir nua Luimnigh agus na fir nach bhfuil chomh nua – Barry Murphy, Colin Coughlin, Adam English agus Shane O’Brien – go breá compordach sa chluiche chomh maith.

Tá moladh ag dul don réiteoir Thomas Walsh chomh maith. Thug sé taispeántas maith agus chuir sé áthas orm nuair nár bhronn sé aon chárta ar dhuine den seisear a bhí páirteach sa raic bheag i líne lánchúil Thiobraid Árann ag tús an chluiche. Dá mbronnfadh sé cártaí ansin, bheadh sé féin agus seisear imreoirí faoi chuid mhaith brú ar feadh an chluiche go léir agus ní raibh i gceist ach ‘handbags’, mar a deir siad.

Níl aon bhuille buailte ag Port Láirge sa chraobh fós ach athróidh sé sin an deireadh seachtaine seo agus baileoidh feachtas na nDéiseach luas sa chéad cúpla seachtain eile agus an Clár, Luimneach agus Tiobrad Árainn rompu trí seachtain as a chéile. Tá siad sa bhaile amárach agus an Clár ag teacht go Páirc an Bhreathnaigh. Beidh na heirebaill in airde ag na Cláirínigh i ndiaidh an comhscór a bhaineadar amach an tseachtain seo caite.

Níl daoine ag tabhairt mórán seans dos na Déisigh agus is deacair cás a dhéanamh dóibh go háirithe agus iad i Roinn 1B na sraithe. Níl aon fhianaise feicthe againn le tamall maith anuas go bhfuil siad ar chaighdeán na bhfoirne a bhí i Roinn 1A i mbliana. Beidh níos mó eolais againn tráthnóna amárach.

Agus cad a scríobhfaidh mé faoin choimhlint idir Thiobraid Árann agus Corcaigh? Bhuel, beidh na Tiobradaigh ag taistil go Páirc Uí Chaoimh amárach lán de mhuinín. Agus beidh Corcaigh ann agus roinnt ceisteanna le freagairt, ceisteanna nach raibh in intinn an phobail ocht lá ó shin.

Chonaiceamar i bhfad níos mó troid agus spiorad in imirt na dTiobraid Árannach ná mar a chonaic le tamall maith. Agus chonaiceamar roinnt laigí in imirt Chorcaí agus ar an taobhlíne. Bhaineadar cúig tosaithe den pháirc an lá cheana agus an chuid is mó de na tosaithe sin ag dul go maith i mo thuairimse. Bhí sé soiléir go raibh Eoin Downey ag streachailt le Peter Duggan don chuid is mó den dara leath. Cén fáth nár thugadar isteach Damien Cahalane?

Gheofar roinnt freagraí amárach. Beidh an staid lán arís amárach agus gach seans go mbeidh eipic ceart againn.

I gcúige Laighean, measaim go bhfuil cluiche na deireadh seachtaine i bPáirc Parnell um thráthnóna, áit a bheidh Loch Garman mar fhreasúra ag Áth Cliath. Tá an-seans go mbeidh buaiteoir an chluiche seo i measc an trí chontae a thagann amach as an chúige nuair a bheidh deireadh déanta.

Cúpla smaoineamh fánach eile i ndiaidh bhabhta a haon na craoibhe. Cén fáth nach bhfuil ‘hooter’ á úsáid san iomáint?

Céard is cúis leis an-mhoill ag ‘Súil an tSeabhaic’ i nDurlas. Agus nach bhfuil sé in am an ‘Súil’ a bheith i ngach staid contae? Luaitear costas ach tá na himreoirí ag cur an t-uafás isteach sa spórt agus minic go leor níl ach poc amháin den sliotar eatarthu. Níl sé féaráilte ná ceart go dtabharfadh botún daonna an bhua don fhoireann mí cheart.

Fág freagra ar 'Tá ceisteanna le freagairt ag Corcaigh i ndiaidh chliseadh Inse'