Tá ‘bráithreachas fola’ anois idir na Tataraigh agus na hÚcránaigh…

Tá cás phobal Tartarach na Crimé ina ghné chasta den chogadh san Úcráin ach níl aon amhras ach go leanfaidh na Tataraigh orthu ag cur i gcoinne fhorghabháil na Rúise

Tá ‘bráithreachas fola’ anois idir na Tataraigh agus na hÚcránaigh…

Gné de chogadh na hÚcráine nach dtugtar a lán airde air is ea an ról atá á imirt ag páirtiseánaigh de chuid phobal Tatarach na Crimé. Tá sé deacair eolas cruinn a fháil fúthu ach tá a fhios againn gur bunaíodh an grúpa páirtiseánach Tartarach Atesh (Tine) mí Meán Fómhair 2022.

Maíonn siad gur mharaigh siad 30 ball d’fhórsaí na Rúise in ospidéal i gcathair Simperepol sa Chrimé i mí na Samhna 2022. Bíodh sin fíor nó ná bíodh, tá a fhios againn go cinnte gur tharla roinnt de na hionsaithe ar fhórsaí na Rúise a mhaíonn Atesh gurbh iadsan a bhí freagrach astu go háirithe ionsaithe buamála inar maraíodh saighdiúirí Rúiseacha nó feidhmeannaigh na forghabhála.

Samplaí iad an carrbhuama a mharaigh beirt shaighdiúirí Rúiseacha i Nova Kakhovka i réigiún Kherson ar an 10 Feabhra 2023 agus buama ag seicphointe i sráidbhaile Oleshkv i réigiún Kherson ar an 23 Aibreán 2023 inar maraíodh scata saighdiúirí ón Rúis. Tá an cathlán Tatarach ag troid le harm oifigiúil na hÚcráine freisin.

Ní bheadh ionadh ar éinne arb eol dóibh stair na dTatarach an naimhdeas atá ag an bpobal sin don Rúis. Ba Mhoslamaigh iad go traidisiúnta ach sa lá atá inniu ann ní chleachtann ach tuairim is aon trian acu an creideamh sin go gníomhach.

Nuair a rinne Caitríona Mhór ionghabháil ar an gCrimé i 1783 ba Thataraigh breis agus 84% den phobal. De bharr géarleanúna níl iontu anois ach tuairim is 12% den phobal agus tá a dteanga dhúchais i mbaol báis. Dhíbir Stalin an pobal ar fad, breis agus 180,000 duine go lár na hÁise mar gur chuir sé ina leith gur chomhoibrigh siad leis na Gearmánaigh sa Dara Cogadh Domhanda, in ainneoin gur throid níos mó Tatarach leis an arm Sóivéadach ná mar a throid leis na Gearmánaigh. Sna 1960idí mheas taighdeoirí Tataracha go bhfuair breis agus leath na ndaoine a díbríodh bás. D’admhaigh na Sóivéadaigh iad fhéin go bhfuair 30,000 bás sa dá bhliain tar éis a ndíbeartha.

Meán Fómhair 1967 d’aithin an tAontas Sóivéadach go raibh an tslí ar caitheadh leis an bPobal Tatarach ‘míréasúnta’. Trí bliana déag roimhe sin aistríodh an Chrimé ó Phoblacht Shóivéadach na Rúise go Poblacht Shóivéadach na hÚcráine. Ní raibh mórán conspóide faoi sin ag an am mar gur chuid den Aontas Sóivéadach iad araon. Dar ndóigh d’athraigh sin ar fad nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach i 1991.

Níor ceadaíodh don chuid is mó den phobal Tatarach filleadh go dtí an Chrimé go dtí 1989 le linn ré Mikhail Gorbachev. Níor tugadh cúiteamh ar bith riamh dóibh as an méid a bhí caillte acu agus bhí siad anois ina mionlach ina gcríocha dúchais féin, agus lonnaitheoirí Rúiseacha ab ea tromlach an phobail.

Tar éis neamhspleáchas na hÚcráine i 1991 lean streachailt an phobail ag iarraidh a gcearta cultúrtha, náisiúnta, sóisialta agus eacnamaíochta a chur ar aghaidh.

Bhain gníomhaithe Tataracha úsáid as suiteoireacht chun iarracht a dhéanamh athsheilbh a ghlacadh ar thailte chun na pobail s’acu a bhí scriosta ag Stalin a atógáil. Chothaigh sin teannas agus foréigean, fiú leis an tromlach Rúiseach eitneach a raibh seilbh acu anois ar fhormhór na talún.

Bhain na Tataraigh aitheantas mar phobal ar leith amach den chéad uair i mbunreacht nua na hÚcráine i 1996. I 1998 thug Parlaimint na hÚcráine a beannacht do bhunreacht nua don Chrimé inar tugadh aitheantas do chearta teanga agus cultúrtha an phobail Tataraigh agus rinneadh dul chun cinn beag ó thaobh tumoideachas sa Tatairis a chur ar fáil.

I 1990-1991 d’éirigh leis an bPobal Tatarach a dtionól daonlathach ionadaíoch féin a bhunú – an Mejlis. I 1995 thug na Náisiúin Aontaithe – le beannacht rialtas na hÚcráine, – aitheantas don Mejlis mar eagraíocht a bhí ionadaíoch ar an phobal dúchasach Tatarach. Agus in 2006 ghlac rialtas na hÚcráine le polasaí nua chun cabhrú le Tataraigh a díbríodh as an gCrimé a athlonnú.

Ba thubaiste don phobal Tatarach ionghabháil na Rúise ar an gCrimé in 2014, áfach. Cuireadh cosc ar a dTionól daonlathach, an Mejlis. Cuireadh cosc ar thagairtí poiblí do dhíbirt na dTatarach i ré Stalin. Thuairiscigh eagraíocht cearta daonna idirnáisiúnta ar nós Human Rights Watch gur bhain na húdaráis Rúiseacha úsáid as ciapadh, imeaglú, bagairtí, cuardaigh mhídhleathacha ar áitribh chónaithe, ionsaithe fisiciúla agus fuadach mar chuid den fheachtas géarleanúna i gcoinne an phobail Tataraigh. Theith 25,000 den phobal ón gCrimé agus le spreagadh ó rialtas na Rúise, chuir breis agus 200,000 lonnaitheoir Rúiseach eile fúthu ar an leithinis, rud a d’fhág go raibh an céatadán Rúiseach eitneach den daonra ardaithe ó 60% go 76%.

Mhéadaigh an naimhdeas comónta seo don Rúis an dlúthpháirtíocht idir an pobal Tatarach agus an Úcráin. Ghlac parlaimint na hÚcráine le rún in 2015 ag aithint gur chinedhíothú da bhí i ndíbirt na dTatarach i 1944. Tuigeann an pobal Tatarach nach bhfuil ach géarleanúint agus Rúisiú éigeantach i ndán dóibh faoi riail na Rúise, agus gurbh é an t-aon seans atá acu a gcearta cultúrtha agus náisiúnta a fháil ar ais ina gcríocha dúchais ná go bhfillfeadh an Chrimé ar riail na hÚcráine. Ar an taobh eile den scéal tá an cúnamh atá á thabhairt ag an bpobal Tatarach don Úcráin sa chogadh tar éis dílseacht agus dualgas áirithe a chothú ina leith i measc rialtas agus pobal na hÚcráine.

Níl aon chuma ar an scéal faoi láthair go bhfuil ar chumas na hÚcráine an leithinis a athghabháil leis an lámh láidir agus is é an t-aon cheann de na críocha gafa ina raibh tromlach Rúiseach eitneach roimh an gcogadh. Ach níl aon dóchas ann go dtabharfar a gcearta ar ais don phobal dúchasach Tatarach faoi riail na Rúise mura dtagann athrú réimis iomlán sa tír sin.

Mar sin leanfaidh na Tataraigh orthu ag cur i gcoinne fhorghabháil na Rúise agus ag iarraidh go bhfillfeadh an leithinis faoi riail na hÚcráine. Tá bráithreachas fola anois idir na Tataraigh agus na hÚcránaigh agus b’ionann an Chrimé a ghéilleadh don Rúis agus feall a dhéanamh orthu i súile na nÚcránach agus na dTatarach araon.

Sin ceann de na castachtaí a bhaineann le haon iarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh seo nach dtuigeann daoine a shíleann gur ceist shimplí atá ann iarraidh ar an Úcráin an Chrimé a thabhairt suas.

Fág freagra ar 'Tá ‘bráithreachas fola’ anois idir na Tataraigh agus na hÚcránaigh…'

  • Paula

    Go leor ábhar machnaimh ansin maidir le pobal a ligeadh i ndearmad.