Tá beagnach €2.6 milliún ag an gcomharchumann Gaeltachta seo, ach faraor tá fadhb chumarsáide acu…

Deir scairshealbhóir amháin de chuid Chomharchumann Sailearna i gCois Fharraige go mbeadh níos mó tacaíochta ar fáil ón bpobal dá mbeifí níos oscailte leo

Tá beagnach €2.6 milliún ag an gcomharchumann Gaeltachta seo, ach faraor tá fadhb chumarsáide acu…

Comharchumann Gaeltachta amháin nach bhfuil aon ghanntan airgid air is ea Comharchumann Sailearna i gCois Fharraige. Bunaíodh Comharchumann Sailearna siar sna 1980idí, tar éis do Chomharchumann Chois Fharraige éirí as trádáil, le go bhféadfaí leanacht le reáchtáil na ngrúpscéimeanna uisce agus le go bhféadfaí plotannaí móna a chur ar fáil do dhaoine, nach raibh portaigh dá gcuid féin acu.

Bhí Comharchumann Sailearna fadbhreathnaitheach agus os cionn 10 mbliana ó shin, thapaigh an coiste an deis cur isteach ar chearta le tuirbíní gaoithe a cheangal leis an ngréasán leictreachais. Caitheadh suim mhór airgid in 2012, thart ar €225,000, leis na cearta ceangailte a fháil. B’fhiú go mór an t-airgead sin a chaitheamh.

Ag an am bhí líne nua ardchumhachtach 110kv á forbairt aniar as Scríb le ceangal leis an ngréasán náisiúnta i mBóthar na Trá. Cineál mótarbhealach leictreachais a bhí sa líne ardchumhachta. Gan í ní fhéadfaí feilmeacha gaoithe a fhorbairt i gConamara. Bhí ‘geata’ faighte ag Comharchumann Sailearna le ceangal isteach sa ngréasán leictreach. Bhí luach airgid air seo agus díoladh an ‘geata’ ar shuim mhór airgid, thart ar €3 milliún. Frítheadh an chéad ghála €325,000 in 2012.

Íocadh an dara sciar, thart ar €575,000, in 2013 agus an sciar deireanach, €2,044,290, in 2018.

D’fhág an t-airgead mór sin go raibh an Comharchumann in ann talamh a cheannach chomh maith le hiasacht mhór airgid a thabhairt don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc chun é a choinneáil ar oscailt. Tá talamh trasna ó Shéipéal an Chnoic ceannaithe ón Deoise, agus focal curtha leis an Údarás ar seacht n-acra sa Spidéal, a bhfuil criosú tithíochta á lorg air i bPlean Forbartha na Gaillimhe.

Mura bhfuil fadhbanna airgid ag an gcomharchumann tá fadhbanna cumarsáide acu maidir leis an bpobal. Ní raibh aon suíomh idirlín ag an gComharchumann go dtí anuraidh. Ní dhéantaí mórán poiblíochta faoin gCruinniú Cinn Bhliana ach an méid is lú a chaithfí leis na rialacha a shásamh. Ní bhíonn a fhios ag go leor daoine go bhfuil scair acu sa gcomharchumann mar go bhfios dom níor eisíodh aon teastas scaireanna do na scairshealbhóirí. Fágann sin go bhfuil daoine ag ceapadh gur scairshealbhóirí iad ach níl a n-ainmneacha ar chlár na scairshealbhóirí agus seans maith go bhfuil daoine ar an liosta nach eol dóibh go bhfuil siad air. Ní gnách litir, ríomhphost ná téacs a chur chuig scairshealbhóirí faoin gCruinniú Ginearálta Bliantúil.

Ní chuimhneach liom aon toghchán a bheith ann do na folúntais ar an gcoiste stiúrtha ach ainmníonn baill an choiste daoine le folúntais a líonadh. Ní bhíonn a fhios ag an bpobal cé atá ar an gcoiste, nó cé atá ag éirí as. Ní thugtar an t-eolas sin ar an suíomh idirlín. Tá cultúr na rúndachta ag baint leis an gcomharchumann le tamall: tríd is tríd is beag an méid eolais a roinntear leis an bpobal faoi ghnóthaí an chomharchumainn.

Cothaíonn an easpa cumarsáide atá mar chuid de chultúr an chomharchumainn amhras agus diúltachas nach bhfuil chun leas an phobail ná leas an chomharchumainn. Bhí sé sin soiléir ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil a tionóladh Déardaoin seo caite, an 2 Nollaig.

Sé an Cruinniú Bliantúil an t-aon deis a bhíonn ag na scairshealbhóirí ceisteanna a chur agus rúin a chur ar an gclár maidir le polasaithe agus cur chuige an chomharchumainn. Ar an Déardaoin seo caite bhí ceithre rún curtha isteach ag scairshealbhóirí, ceann uaim féin agus trí cinn ó scairshealbhóirí atá oibrithe faoin mbealach ar thacaigh Comharchumann Sailearna le tuirbín gaoithe a thógáil ar shuíomh in aice leo ar an mBóthar Buí, gan dul i dteagmháil leo roimh ré. Bhí na rúin ag iarraidh a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Níor liostáladh na rúin ar an gclár a eisíodh don chruinniú. Rialaíodh an rún a chuireas féin síos as ord ar chúis theicniúil. Triáileadh idirbheartaíocht a dhéanamh faoi na rúin eile le go mbeadh an coiste sásta leo. Sa deireadh glacadh leis go mba cheart cruinniú speisialta de na scairshealbhóirí a thabhairt le chéile, roimh dheireadh mhí Feabhra ag a bhféadfaí plé agus athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí Chomharchumann Sailearna. Ba chinneadh maith é sin agus tá súil agam go gcomhlíonfar é.

Ag deireadh 2020 b’fhiú €2,582,408 Comharchumann Sailearna ach de bharr tuirbín gaoithe amháin a bhí le tógáil ar an mBóthar Buí, tá easpa muiníne ag roinnt daoine as an gcomharchumann. Is trua sin.

Thar aon ní eile, níor mhór do choiste an chomharchumainn ceacht a fhoghlaim ó na botúin chumarsáide a tharla bliain ó shin, le go mbeidh an pobal taobh thiar de agus de na tionscadail éagsúla atá le forbairt ag an gcomharchumann.

Gan dabht tá tacaíocht an phobail tuillte ag an gCathaoirleach, ag an mBainisteoir agus ag an gcoiste deonach.

Bheadh an tacaíocht sin ar fáil níos éasca ón bpobal agus bheadh níos mó comhoibrithe le fáil ach deireadh a chur le cultúr na rúndachta, eolas a roinnt go fial leis an bpobal agus éirí as an nós a bheith ag ceapadh gur deargnamhad gach duine a ardaíonn ceist.

Fág freagra ar 'Tá beagnach €2.6 milliún ag an gcomharchumann Gaeltachta seo, ach faraor tá fadhb chumarsáide acu…'

  • Seán Ó hAodha

    Sampla den “fhadhb cumarsáide” ná gur de sheans a fuair an pobal áitiúil amach don chéad uair ag an gcruinniú Ginearálta den chomharchumainn ar an 2 Nollaig 2021 go raibh teagmháil déanta leis an gcomhlacht idirnáisiúnta Natural Forces faoi thuirbín ollmhór a fhorbairt ar an mBóthar Buí comh fada siar le mí Bealtaine 2020. Ba ón bhfógra pleanála le Natural Forces ar an mBóthar Buí ag tús mí Feabhra 2021 a fuair an pobal áitiúil eolas faoin scéil don chéad uair agus ní ón gcomharchumainn a bhí théis dul i gcomhpháirtíocht le Natural Forces i ngan fhios do mhuintir Chois Fharraige.