Tá an Rí marbh! Go maire an Rí! – fadhbanna Fhine Gael

Tá Fine Gael traochta, gan fuinneamh agus d’uireasa smaointe nua agus beag a athróidh Simon Harris roimh na toghcháin

Tá an Rí marbh! Go maire an Rí! – fadhbanna Fhine Gael

Is ar éigean go raibh sé fógartha ag Leo Varadkar go raibh sé ag éirí as mar cheannaire Fhine Gael, is go n-éireoidh sé as oifig an Taoisigh go luath freisin, ná gur cuireadh tús leis an tuairimíocht faoi cé a thiocfaidh i gcomharbas air.

Ba ghearr gur chosúil nach raibh l ach an t-aon iarrthóir ann: an tAire Ardoideachais, Simon Harris. Guth na hóige, guth na húire is guth na todhchaí – tá súil ag Fine Gael, ar aon chuma. De réir a chéile d’fhógair na daoine a raibh a  n-ainmneacha luaite leis an rás nach mbeidís ag seasamh– Simon Coveney, Helen McEntee, Paschal Donohoe is Heather Humphries.

Corónú a bheadh ann.

Ar bhealach, ar ndóigh, is cailís nimhe atá ann. Más fíor thuig Varadkar gur léasadh toghcháin a bhí i ndán dó agus tá drochlá i ndán d’Fhine Gael sna toghcháin áitiúla sa samhradh agus seans maith san olltoghchán ina ndiaidh.

Dá bhfanfadh Varadkar sa bpost is airsean a bheadh an milleán agus baol mór ann go dtabharfaí a dhúshlán ar aon chuma. An fearr léim nó fanacht go mbrúfaí thú?

Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá deichniúr Teachtaí Dála de chuid an pháirtí i ndiaidh a fhógairt nach seasfaidh siad in athuair (an tríú cuid den pháirtí parlaiminte), comhartha eile b’fhéidir go bhfeiceann siadsan laige mhór istigh nach bhfuil soiléir ón taobh amuigh.

Is ait é ar bhealach, mar má bhreathnaíonn muid ar na pobalbhreitheanna, bhí Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil i 52 pobalbhreith as 66 i ndiaidh an olltoghcháin. Ní raibh mórán sa difear go minic, ach, ar an meán, bhí tacaíocht 20% ag Fine Gael i gcomparáid le 18% ag Fianna Fáil.

Bhí Sinn Féin ar ndóigh go mór chun tosaigh ar cheachtar den bheirt. Ní féidir le Fine Gael a bheith cinnte go dtabharfaidh Fianna Fáil droim láimhe le comhrialtas le Sinn Féin má imíonn Micheál Martin.

Nó b’fhéidir gur fíor an méad a dúirt Varadkar agus nach bhfuil aon smaointe nua aige chun fuinneamh agus muinín a thabhairt don pháirtí arís.

É sin go léir ráite, ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon difear ceannaire nua a bheith ag an bpáirtí. Cé gur fíor go bhfuil an chuma air go bhfuil an páirtí traochta, gan fuinneamh ná smaointe nua, ní féidir é sin a leigheas san achar beag ama atá fágtha go dtí na toghcháin.

Is ábhar iontais é mar sin féin gur éirigh Varadkar as ag an bpointe seo. D’éirigh go maith leis i Meiriceá agus é ag ardú cheist na Palaistíne, agus tá daoine a bhíodh naimhdeach ina choinne ag breathnú níos fabhraí air. Ach is cosúil go bhfuil a mhisneach agus a fhéinmhuinín caillte aige.

Cén tionchar a bheidh aige seo uilig ar an bpolaitíocht i gcoitinne?

Tá an freasúra ar fad ag rá gur olltoghchán seachas ceannaire nua a cheapadh ar Fhine Gael atá de dhíth. Ní ghéillfidh an rialtas go héasca don éileamh sin, is ceapaim go ndéanfaidh siad gach iarracht cloí le hoifig chomh fada agus is féidir leo.

Ach tá cás loighciúil ann i dtaobh olltoghchán a reáchtáil. Níl ach bliain ar a mhéad ann sula mbeidh olltoghchán ann ar aon chuma, is tá éiginnteacht nua sa bpolaitíocht mar gheall ar an athrú seo.

Ach ar ndóigh má tá páirtithe an rialtais le crochadh, is fearr (dar leosan) gur amárach seachas inniu a chrochfaí iad.

Ach an mbeidh an t-údarás ag an rialtas aon cheo a dhéanamh? Nó an mbeidh Harris ag obair chun é féin a chur cinn agus athchóiriú éigin a dhéanamh ar a pháirtí?

An mbeidh polasaithe na bpáirtithe comhtháite ar aon bhealach?

Neosfaidh na pobalbhreitheanna cuid den scéal seo dúinn, ach má éiríonn sé níos soiléire go bhfuil an rialtas gan treo ná cuspóir, cabhróidh sé sin go mór le Sinn Féin san olltoghchán atá ag teacht ar aon chuma.

Fear trodach ábalta is ea Harris, agus déanfaidh sé gach dícheall dul i ngleic le Sinn Féin sa Dáil, ach tá ceist mhór fós faoi. Beidh sé láidir ag maslú Shinn Féin is ag déanamh iarracht cuimhne na streachailte armtha a choinneáil beo, ach an amhlaidh go mbeidh laige pháirtithe an rialtais i dtaobh polasaithe níos soiléire dá bharr?

Feicfimid.

Fág freagra ar 'Tá an Rí marbh! Go maire an Rí! – fadhbanna Fhine Gael'

  • Gabriel Rosenstock

    (Luimneach):

    Súile dearga dóite na vaimpíre
    Gach éinne ar crith le teann sceimhle
    Ochón is ochón!
    A Shíomóin! A Shíomóin!
    Níl aon leigheas ort ach gairleog – dáiríre!

  • WTF

    An ceart ag GR!

  • An Teanga Bheo

    súile dearga go bhfóire Dia orainn ach an raibh aon dúshlán ag Simon? ach crois Leo a iompar dhó le haghaidh na Cásca ……………..Ochón is ochán Ó