Tá an íomhá sin atá agam de m’athair cumhachtach, ciapach…

Tá cumhacht ar leith ag baint leis an gcaidreamh idir athair agus mac do go leor scríbhneoirí, James Baldwin, Barack Obama agus Samuel Beckett

Tá an íomhá sin atá agam de m’athair cumhachtach, ciapach…

An bhliain 1962 atá ann agus tá m’athair ag déanamh an rud ceannann céanna atá mise a dhéanamh anois: tá sé ina shuí ag an mbord, ag scríobh; a ceann cromtha i ndianmhachnamh, a lámh dheas ag gluaiseacht go mall trasna an leathanaigh. Tá sé ina chíor thuathail thart timpeall air, leabhair ina gcarn ar an urlár agus ar an mbord, leabhair nótaí oscailte agus gach rud i mullach a chéile agus trína chéile fearacht na háite seo anseo in mo thimpeallsa anois agus mise á scríobh seo.

Scaití, má léann sé siar thrí rud eicínt nach maith leis, crapann sé an leathanach ina bhurla agus caitheann uaidh i dtreo an teallaigh é. Teipeann air an sprioc a aimsiú go mion minic. Tá mise ag iarraidh é sin a sheachaint, ach is maith a thuigim gur theip ar mo chuid iarrachtaí féin a bheith níos pointeáilte. Bímse ag scríobh de láimh freisin. Tá mo chuid peannaireachta féin níos soiléire ná mar a bhí a chuid seisean. Nó sin b’fhéidir go mbreathnaíodh a chuid peannaireachta siúd níos soiléire do dhuine fásta ná do ghasúr.

Ní mé an bhfaca mé ag scríobh é agus ar shíl mé go bhféadfainn féin an rud céanna a dhéanamh. Ach tá a údar féin ag chuile dhuine le dul ag scríobh. Laethanta áirithe tagann frása nó abairt nó íomhá isteach san intinn. Nó sin tagann fadhb eicínt chun cinn i gcruthú struchtúr úrscéil, cuireann imní orm, agus tugaim faoina réiteach, ar feadh tamaill ar a laghad, amhail dá mb’fhadhb sa matamaitic nó san innealtóireacht struchtúr a bheadh ann.

Ní rud é seo a fuair mé le hoidhreacht ná a thóg mé ó éinne eile, ná ó thuismitheoir fiú. As rud eicínt nó as áit eicínt níos ceilte, níos doimhne, níos pearsanta a eascraíonn sé seo. Níos bunúsaí, níos riachtanaí.

Ach tá an íomhá sin atá agam de m’athair cumhachtach, ciapach. Is dócha gur fhoghlaim mé rud eicínt ón íomhá sin, gur shúigh mé isteach méid áirithe dá chuid fuinnimh. 

Sa mbliain 1967 scríobh an t-úrscéalaí Meiriceánach James Baldwin: ‘Tá an caidreamh idir athair agus mac ar cheann de na caidrimh is bunúsaí agus is contúirtí ar domhan agus is deargbhuile agus cur i gcéill a cheapadh nach bhféadfadh sé a bheith amhlaidh.’ B’in rud tábhachtach freisin, is cosúil, do James Baldwin, agus do Bharack Obama, agus iad ag scríobh a ndírbheathaisnéise féin.

Theastaigh uathu a dheimhniú seachas rud ar bith eile gur thosaigh scéal a mbeatha nuair a fuair a n-athair bás, iad ag dearbhú gur chuir siad tús leis an saol ina n-aonar gan scáth ná cead athar. Tosaíonn Notes of a Native Son le James Baldwin le bás a athar nuair a bhí sé beagnach naoi mbliana déag d’aois; tosaíonn Dreams from my Father le Barack Obama le bás a athar freisin: ‘Cúpla mí théis m’aonú breithlá is fiche, chuir strainséir glaoch orm leis an nuaíocht a thabhairt dom.’

Léirigh an bheirt fhear a gcuid neamhspleáchais óna n-athair go sciobtha ansin, rud a ghéaraigh ar a bpian agus a rinne níos uaigní iad, ach chomh maith leis sin rud a shoiléirigh dá lucht léite go raibh sé de cheart acu labhairt uathu féin, astu féin go húdarásach, go raibh sé de cheart acu an leagan seo díobh féin a chur ina láthair, ar bhealach mar gurbh iadsan thrína dtoil féin agus a dtuiscint láidir ar charachtracht a chruthaigh an guth a bhí in úsáid anois acu agus nach raibh siadsan i dtuilleamaí aon fhear eile anois go raibh siadsan tagtha in inmhe fir.

‘Is beag aithne a bhí agam ar m’athair,’ a scríobh Baldwin; scríobh Obama: ‘Ag am a bháis, ba chineál miotais dom é m’athair, é níos mó agus níos lú ná fear ar bith ag an am céanna … nuair a bhí mé i mo ghasúr ní raibh aithne agam air ach amháin trí na scéalta a d’inis mo mháthair agus mo sheantuismitheoirí dom.’ 

Do mhic eile, bhí an t-athair i láthair i gcónaí agus ba spreagadh buan agus tábhachtach dóibh é. Scaití, mar sin féin, d’fhoghlaim an mac conas brionglóidí a athar a chomhlíonadh gan a shampla seisean a leanúint go díreach. Chuir Henry James agus a dheartháir William, mar shampla, gach rud a thosaigh siad i gcrích. B’in codarsnacht mhór lena n-athair, a chuirfeadh caint síos i mbuidéal ach nár chuir mórán i gcrích. B’in freisin mar a bhí athair an fhile W. B. Yeats agus a dhearthár, an t-ealaíontóir Jack B. Yeats, a bhí ina n-oibrithe maithe; bhí an t-athair go maith ag pleanáil ach go dona ag cur pleananna i gcrích.

Amhail is dá dtógfadh na mic a raibh uathu óna n-athair, a thallann is a chumas, agus go ndéanfadh siad a gcuid féin de, ag cur rudaí i gcrích ina dhiaidh sin. Ina gcaidreamh seasta is leanúnach leis an bhfírinne, ba cineál ómóis dá n-athair é a saothar siadsan, ach ba aighneas lena n-athair agus lena chuid leisce a bhí ann freisin.

Soiléiríonn íomhánna sa litríocht céard a chiallaíonn cailliúint athar do mhac agus cé chomh dlúth agus tábhachtach is atá an ceangal sin, an t-athair mar ancaire don mhac, duine a choinníonn an saol in ord. Tá sé éasca, mar shampla, Hamlet a fheiceáil ag tús an dráma mar mhac a d’imigh as a mheabhair mar gheall ar bhás a athar. Tá sé i ngrá nóiméad amháin agus fuaraíonn an grá sin sa gcéad nóiméad eile.

Bíonn fearg ansin air agus é réidh le díoltas a bhaint amach ach théis tamall gearr bíonn sé réidh le rudaí a chur ar an méar fhada. An chéad nóiméad eile tá sé in ísle brí agus go gairid ina dhiaidh sin cuireann sé geáitsí amaidí air féin. Is féidir le guth Hamlet a bheith críonna agus go tobann ansin a bheith searbh agus géar agus mímhúinte. Céard is cúis leis an éagsúlacht seo? De bhrí gur cailleadh a athair tamall gearr roimhe sin. Sin an méid. Níl cos aige le cur faoi.

Ar an láimh eile, an bhfuil aon samplaí sa litríocht nó i mbeathaí scríbhneoirí ina bhfuil an caidreamh idir athair agus mac simplí agus lán den ghrá agus den éascaíocht, caidreamh ina bhfágann ghlúin amháin saol sona mar oidhreacht ag an gcéad ghlúin eile – saol gan aon teannas, is gan ann ach dílseacht, is dea-chuimhní agus an taithí a bhí mar bhun leo? Tá go deimhin, tá a leithéid sin de shamplaí ann, agus in áiteanna gan choinne thairis sin. Mar shampla, bhí an-ghean ag Samuel Beckett agus ag a athair ar a chéile; bhí comhthuiscint agus an-ghrá eatarthu.

I litreacha Beckett, agus fiú ina shaothar deireanach, Company, cuireann sé in iúl dúinn an méid measa a bhí aige ar a athair, Bleá Cliathach ar shuirbhéir cainníochta ciúin é nár chuir mórán suime i gcúrsaí litríochta. Bhain Beckett an-sásamh as na siúlóidí a dhéanaidís le chéile i sléibhte dheisceart Bhaile Átha Cliath. In Aibreán na bliana 1933, mar shampla, scríobh sé chuig cara leis: ‘Siúlóid bhreá agam le m’athair ar maidin inniu, fear atá ag éirí sean le meon an-ghrástúil. Ag cur beach agus féileacán i gcomparáid le heilifintí & pearóidí & ag labhairt faoi do lá a bheith thuas.

Ag brú a bhealaigh thrí fhálta agus thar chlaíocha, a lámh ar mo ghualainn mar thaca, é ag eascainí agus ag stopadh lena scíth a ghlacadh is ag ligean air go bhfuil sé ag baint lán na súl as an radharc. Ní bheidh a leithéid agam arís go brách.’ Ceithre mhí ina dhiaidh sin, nuair a cailleadh a athair, scríobh sé arís: ‘Bhí sé beagnach bliain is trí scór, ach gur bhreathnaigh is gur mhothaigh sé i bhfad níos óige na sin!

Ag magadh faoi na dochtúirí agus á mallachtú chomh fada is a bhí aon anáil fanta aige. Luigh sé sa leaba … é ag tabhairt na mionnaí móra nach ndéanfadh sé lá oibre arís nuair a thiocfadh biseach air. Thiomáinfeadh sé suas go barr Bhinn Éadair agus luífeadh siar sa bhfraoch agus ligfeadh broim … Nílim in ann scríobh faoi. Níl agam ach siúl sa ngarraí agus na claíocha a dhreapadh ina dhiaidh.’ 

I litir eile, Lá Caille na bliana 1935, téann Beckett siar ar bhóithrín na smaointe, ar mhaidin Lá Nollag ‘ní rófhada ó shin, mé i mo sheasamh ar chúl na Scailpe le m’athair, ag éisteacht le ceol ag teacht ó Shéipéal Ghleann Cuilinn. Ansin an t-aer chomh glan geal ionas go bhfeicfeá uait na mílte ó bhaile, ag léiriú na n-imlínte duit gan an mionbhreacadh. Luí na gréine bándearg & glas ina dhiaidh sin nach bhfaca mé in aon áit eile agus nuair a bhí sé sách dorcha, teach ósta beag a aimsiú le mo scíth a ligean ann agus gin a ól.’

Sin iad na cuimhní a choinnigh Beckett ag imeacht. Cuimhní den chineál sin atá againn ar fad, nó ag an gcuid againn a raibh sé d’ádh orainn aithne a bheith againn ar ár n-athair, é a bheith againn agus grá a bheith againn dó. 

Cuimhní mar sin atá agamsa freisin agus mé ag leagan uaim mo phinn agus ag casadh timpeall le m’athair a fheiceáil, gan aird aige ar thada, é théis leathanach eile a bheith líonta le focla aige, agus ansin ag stopadh le léamh thrína bhfuil scríofa aige, an peann curtha aige lena bhéal agus é ag léamh a chuid focla féin, ag déanamh athrú beag anseo is ansiúd, an t-urlár timpeall an tinteáin brataithe leis na leathanaigh a chaith sé uaidh. Iompaíonn muid thart agus féachann ar a chéile. 

Tá an oiread sin le rá.

Micheál Ó Conghailei gcomhar le Niklas Finka d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024 

Fág freagra ar 'Tá an íomhá sin atá agam de m’athair cumhachtach, ciapach…'

  • Jim Kavanagh

    Alt an-suimiúil atá aistrithe go Gaeilge ó bhunleagan Béarla a scríobh Colm Tóibín. Ach is deacair a chreidiúint nár imir athair Choilm tionchar air a bheith ina scríbhneoir nuair a chonaic Colm a athair i mbun scríbhneoireachta agus carnadh leabhar agus nótaí scaipthe timpeall an tseomra!

  • Is saoi é Colm Toibín agus tá aé rí-shoiléir ón sliocht seo. Ach, caithfear a admháil go bfhuil an aistritheoir teanga seo, an saoi eile, Mícheál Ó Conghaille thar barr chomh maith. Go maire an teanga Gaeilge go deo, agus go mbeidh lá ag an Paorach,
    Mise le meas,
    Kevin Ó Tuathaigh,
    Baile an Chollaigh, Corcaigh