Súil le feabhas ó na Cúigí agus tús á chur le séasúr nua

Ní toradh dearfach san URC amháin a bheas mar spreagadh ag go leor de na himreoirí a bheas ag cur chun páirce le linn an tséasúir seo

Súil le feabhas ó na Cúigí agus tús á chur le séasúr nua

Malakai Fekitoa, Cúige Mumhan. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Cuirfidh na Cúigí ar fad tús le séasúir nua rugbaí inniu, séasúr fada agus iad ar thóir craobhacha agus stádas a theip orthu a bhaint amach an séasúr seo caite. I gcás an URC, sraith a thosaigh inné agus ina bhfuil na ceithre fhoireann ón tír seo dul chun páirce i mBabhta 1 ann inniu, is cinnte go mbeidh siad ar fad ar a míle dícheall ag iarraidh stop a chur leis an mborradh a bhí faoi fhoirne na hAfraice Theas a d’imir agus a bhuaigh an chraobh sa gcomórtas seo.

Cúis náire é sin gan dabht do Chúige Laighean, foireann a raibh greim an fhir bháite acu ar an gcraobh seo le blianta. Chaill siad an cluiche leathcheannais (18-13) i gcoinne na mBulls ón Afraic Theas, ainneoin gur san RDS a bhí an cluiche sin á imirt. Is fiú a mheabhrú freisin gur chaill Cúige Laighean cluiche ceannais Chorn na gCuradh an tséasúir seo caite freisin, rud a fhágann go bhfuil dúshlán mór rompu más leo greim a choinneáil ar an stádas ard atá acu mar cheann de na clubanna rugbaí is fearr ar domhan. Tá an t-ádh orthu freisin go mbeidh fáil acu ar Johhny Sexton, imreoir atá ag cur tús lena shéasúr deiridh rugbaí.

Ní toradh dearfach san URC amháin a bheas mar spreagadh ag go leor de na himreoirí a bheas ag cur chun páirce le linn an tséasúir seo. Beidh go leor acu ar a mbionda ag iarraidh a n-áit a choinneáil, nó a fháil ar ais b’fhéidir, ar an bpainéal idirnáisiúnta agus an Comórtas Sé Náisiún chomh maith le Corn Rugbaí an Domhain atá ag drannadh linn.

Fágann sin go bhfuil bunchloch iontach againn a chinnteoidh go mbeidh chuile imreoir agus chuile fhoireann ag iarraidh tús maith dearfach a chur lena séasúr féin.

Maidir le cluichí Bhabhta 1 a bheas á n-imirt inniu, Cúige Laighean agus iad as baile san Iodáil i gcoinne Zebre is túisce a bheas ag dul chun páirce. Níor cheart go mbeadh aon stró ar na hiarchuraidh sa gcoimhlint seo. Ina dhiaidh sin tabharfaidh Cúige Mumhan faoi Chaerdydd sa mBreatain Bheag agus cé gur deacair toradh a thuar roimh thús aon chomórtais bheadh mise ag súil go n-éireoidh le foireann na hÉireann cé nach bhfuil mé róchinnte.

Seans gur roimh Chúige Chonnacht agus iad ag taisteal go Béal Feirste le tabhairt faoi Chúige Uladh atá an dúshlán is mó inniu. Beidh an t-ádh leo má thugann siad pointe ar bith abhaile leo.

Fág freagra ar 'Súil le feabhas ó na Cúigí agus tús á chur le séasúr nua'