Tá dún déanta ag na Connachtaigh den Dexcom agus na Sharks anois le cur ó dhoras

Is sna comórtais Eorpacha a bheidh foirne na hÉireann ag imirt an deireadh seachtaine seo

Tá dún déanta ag na Connachtaigh den Dexcom agus na Sharks anois le cur ó dhoras

Fiú murar éirigh le Cúige Mumhan bua a fháil ar na Bulls agus má theip ar Chúige Chonnacht pointe bónais a aimsiú i gcoinne na nOspreys i mBabhta 14 den URC, is cinnte gur thug na cúigí ar fad tuairisc mhaith orthu féin an deireadh seachtaine seo caite. Seans maith go raibh leathshúil acu ar fad ar an dá comórtais Eorpacha atá linn arís an deireadh seachtaine seo.

Cúige Chonnacht agus iad ag imirt sa staid nua anocht, a chuirfeas tús le himeachtaí an deireadh seachtaine agus iad ag cur fáilte roimh na Sharks ón Afraic Theas i mbabhta cáilithe de Chorn an Dúshláin. Is fada an lá ó bhí na Connachtaigh chomh réitithe d’aon chluiche agus atá siad don choimhlint seo. Tá cúig bhua as a chéile cláraithe acu agus tá siad ag imirt go snasta agus go ciallmhar faoi stiúir Stuart Lancaster.

Ní haon ábhar iontais go bhfuil chuile spás sa Dexcom díolta le cúpla seachtain anuas. Mar sin féin, ag brath ar pé foireann a thugann na Sharks go Gaillimh leo, ní dóigh go mbeidh tada bog ag baint leis an gcoimhlint seo. Mar sin féin, is geall le dún é an Dexcom do na Connachtaigh, áit gur deacair iad a shárú ann. Tá mise ag súil le sárchoimhlint ach beidh mé imní orm freisin. Teastóidh sprid agus glór an séú himreoir déag más le Cúige Chonnacht na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Beidh Cúige Mumhan, foireann a d’fhill ón Afraic Theas i rith na seachtaine, ar an mbóthar arís amárach agus iad ag imirt i gcoinne Exeter i Sasana. Is masla dóibh agus léiriú ar lagstádas rugbaí na Mumhan faoi láthair gur i gCorn an Dúshláin atá siad ag imirt ó ruaigeadh as Corn na gCuradh iad ag deireadh na réamhbhabhtaí. Mar bharr ar an dímheas atá ag baint leis an ísliú céime seo, caithfidh Cúige Mumhan, foireann atá faoi bhrú san URC, dúshlán foireann atá sa gceathrú háit ar thábla an Gallagher Premiership a thabhairt amárach.

Ba cheart go mbeadh an lá go héasca le hExeter agus iad sa mbaile, is iad rogha na coitiantachta, ach má imríonn Cúige Mumhan mar a rinne siad i gcoinne na mBulls an Satharn seo caite, ní bheidh siad gan seans. Freisin, fiú más maslaithe atá na Muimhnigh de bharr go bhfuil orthu imirt i gCorn an Dúshláin, náirithe ar fad a bheas siad má theipeann orthu oiread agus cluiche amháin féin a bhuachan ann.

Sa tríú cluiche i gCorn an Dúshláin, beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Uladh amárach agus iad i gcoinne na nOspreys. Cé gur thug foireann na Breataine Bige a ndóthain le déanamh do na Connachtaigh an Satharn seo caite, is deacair bua i gcoinne na nUltach a shamhlú dóibh. Cuimhnigh go scarann ocht n-áit agus seacht bpointe dhéag na foirne seo ar thábla an URC faoi láthair, Cúige Uladh gar dá bharr sa tríú háit.

Cúige Laighean an t-aon fhoireann amháin ón tír seo atá ag imirt i gCorn na gCuradh, sin an comórtas sinsearach. Beidh buntáiste an bhaile acu i gcoinne Dhún Éideann ar an Domhnach agus is deacair aon duine, i measc a lucht leanúna féin fiú, a aimsiú atá ag tabhairt seans ar bith do na cuairteoirí. Tá naoi n-áit agus trí phointe agus fiche ag scaradh na bhfoirne seo ar thábla an URC. Cúige Laighean atá ar a bharr.

Is ea, bua sách éasca d’fhoireann an bhaile agus ar aghaidh leo ansin le tabhairt faoi na Harlequins nó na Sale Sharks sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann seachtaine.

Fág freagra ar 'Tá dún déanta ag na Connachtaigh den Dexcom agus na Sharks anois le cur ó dhoras'