In ainneoin tréan-iarrachtaí sa dara leath agus iad i gcoinne Exeter an Satharn seo caite, theip ar na Muimhnigh áit a bhaint amach i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn an Dúshláin, cluichí atá á imirt an deireadh seachtaine seo. Caithfidh siad braith ar an URC anois chun snas de chineál éicint a chur ar cheann de na séasúir is measa a bhí acu le fada an lá.
A mhalairt atá le tuairisciú maidir leis na trí chúige eile, cé go raibh ar Chúige Chonnacht agus Cúige Uladh dul domhain sa bpóca chun na Sharks agus na hOspreys araon a chur ó dhoras i mbabhtaí cáilithe Chorn an Dúshláin. Ní raibh mórán stró ar Chúige Laighean ag deireadh an chluiche agus iadsan ag fáil an ceann is fearr ar Dhún Éideann sa gcomórtas sinsearach, Corn na gCuradh.
Fágann sin go bhfuil scíth ag na Muimhnigh an deireadh seachtaine seo agus go mbeidh fleá iontach rugbaí romhainn arís an deireadh seachtaine seo agus na cúigí eile ag iarraidh áit i mbabhtaí leathcheannais an dá chomórtas Eorpacha a bhaint amach.
I gCorn an Dúshláin, is ar La Rochelle agus ar Ronan O’Gara a bheas aird na nUltach i mBéal Feirste anocht. Cé nach ró-iontach atá ag éirí le La Rochelle sa Top 14, iad sa naoú háit, is léir ón mbua maith as baile a bhí acu ar Newcastle (26-18) i gcluiche cáilithe an tSathairn seo caite go bhfuil suim ag O’Gara sa gcomórtas seo. Seans go mbraitheann sé gur ann atá an seans is fearr ar aon chraobh an séasúr seo. Ag an am céanna, ní féidir bagairt na nUltach agus iad faoi stiúir Richie Murphy a chur as an áireamh. Ní dóigh go mbeadh mórán idir na foirne seo, fiú le buntáiste an bhaile ag Uladh is cinnte go mbeidh tionchar ag paca ollmhór La Rochelle ar chúrsaí. Chaithfeadh Uladh a bheadh an-chúramach.
Ar bhruach na Meánmhara, i Montpellier, a bheas Cúige Chonnacht ag imirt i gcoinne fhoireann na cathrach sin amárach. Is fiú a mheabhrú gur chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 3 den chomórtas i mí Eanáir. Bhuaigh foireann an bhaile an choimhlint sin le dhá phointe (33-31). Mar sin féin, is fiú a lua freisin go bhfuil athrú suntasach tagtha ar imirt fhoireann an iarthair ó shin. Tá sé bhua as a chéile cláraithe acu agus iad lán de sprid agus de mhuinín. Sa gcúigiú háit ar thábla Top 14 na Fraince atá Montpellier suite faoi láthair. Cé go mbeidh siad ag imirt as baile, caithfear seans a thabhairt do Chúige Chonnacht sa gceann seo, sin má imríonn siad mar a rinne siad sa dara leath i gcoinne na Sharks seachtain ó shin.
Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean amárach agus iad ag tabhairt faoi na Sale Sharks san aon chluiche i gCorn na gCuradh ina bhfuil aon fhoireann ón tír seo páirteach. Cé go raibh bearna mhaith (49-31) idir Cúige Laighean agus Dún Éideann sa mbabhta cáilithe seachtain ó shin, tugann an t-aon phointe dhéag agus fiche a d’aimsigh na cuairteoirí léargas ar chosaint a bhí thar a bheith scaoilte agus lag ó Chúige Laighean sa gcéad leath go háirithe. Is cinnte gur chaith Leo Cullen an tseachtain ag iarraidh na bearnaí sin a dhúnadh. Mar sin féin, is ag Cúige Laighean atá buntáiste an bhaile agus is iadsan mór-rogha na coitiantachta. Silim go mbeidh Cúige Laighean róláidir amárach agus iad ag tógáil céim thábhachtach eile chun cinn sa gcomórtas sinsearach seo.
Amárach freisin cuirfear tús le Comórtas Sé Náisiún na mBan 2026. Is mór an trua gur i gcoinne churaidh reatha an chomórtais, na Sasanaigh, a bheas mná n tíre seo ag imirt sa gcéad chluiche. Thug na Sasanaigh greadadh 49 – 5 dúinn anuraidh i gcluiche a imríodh sa tír seo. Ó tharla gur i Sasana a bheas an cluiche seo á imirt is deacair aon athrú ar an toradh sin a thuar, faraor.
Fág freagra ar 'Obair le déanamh ag na Connachtaigh agus na hUltaigh más leo leanúint lena n-aistear san Eoraip'