Súil chun cinn ar na halbaim a dtabharfar cluas le héisteacht dóibh in 2016

Tá cluasa ár gcolúnaí bioraithe do shaothar ó leithéidí The Besnard Lakes, Tricky, Tindersticks, Junior Boys, Bloc Party, Lucinda Williams agus The Gloaming

007 001

Tá taoide 2015 ag trá agus sinn ag tnúth cheana féin le fuaimeanna na bliana nua.

As measc na n-albam ar fad atá ar na bioráin ar sceideal an Eanáir, táim ag súil go háirithe le cluas le héisteacht a thabhairt do A Coliseum Complex Museum, cúigiú halbam The Besnard Lakes, banna ar leith ó Montreal, Cheanada, agus Curve Of The Earth, an séú halbam ón mbanna Mystery Jets ó Londain. Tá ceoltóir nua ar an ndord acu, Jack Flanagan agus cé go bhfuil tamall ó chuala saothar uathu a bhí iontach ó thús deireadh, bíonn ar a laghad seoid pop amháin le clos ar gach albam dá n-eisíonn siad.

Tugaim fé ndeara go bhfuil laochra móra na nóchaidí ag treabhadh leo i gcónaí. Beidh an 11ú albam le Tricky Skilled Mechanics ag teacht amach sna seachtainí romhainn, agus cloisfear chomh maith Night Thoughts, an saothar is déanaí ón mbanna pop Suede. Beidh scannán á chur amach ag Suede i dteannta an albaim, agus é faoi stiúir an ghrianghrafadóra Roger Sargent.

Bheadh níos mó muiníne agam as albaim úra le Tindersticks agus le Tortoise a bheidh ar fáil i mí Eanáir freisin. Tá aon albam d’éag eisithe ag Tindersticks ó Nottingham agus cé nach bhfuil na hamhráin a d’eisíodar le blianta beaga anuas chomh láidir leis na saothair luaithe uathu, táim ag súil le glór uathúil an amhránaí Stuart Staples a chlos arís ar The Waiting Room. Maidir le Tortoise, banna ceannródaíoch Chicago, tá blaiseadh faighte againn cheana dá n-albam úr The Catastrophist ar an bpíosa ceoil seo ‘Gesceap’.

Thar aon albam eile atá in ainm is teacht amach go luath sa bhliain úr, táim ag tnúth le Big Black Coat, ceann nua leis an ngrúpa pop-leictreonach Junior Boys ó Cheanada. Chuireadar na cosa ag rince fúm lena gcéad albam Last Exit, a eisíodh sa bhliain 2004, agus tá seoda ar gach a bhfuil eisithe acu ó shin i leith. Is é an lipéad City Slang a bhronnfaidh orainn an saothar is déanaí uathu.

I measc na n-albam eile a bheidh ag teacht amach sa chéad ráithe den bhliain nua, tá Hymns, an cúigiú halbam ó Bloc Party, banna a bhfuil ceoltóirí nua anois ann, Justin Harris ar an ndord is Louise Bartle ar na drumaí.

Beidh mé ag súil chomh maith le The Ghosts Of Highway 20, an tríú halbam d’éag ón amhrán tíre Lucinda Williams. Beidh fáil chéad ráithe chomh maith ar albam úr Underworld, Barbara, Barbara, We Face A Shining Future. Tá súil agam go mbeidh an ceol ann chomh suimiúil le teideal an albaim féin.

Dar le mo chuid foinsí, tá albaim úra ar na bioráin chomh maith ag leithéidí Kanye West, Azelia Banks, Lady Gaga, Lush, M83, Metronomy, Pearl Jam, Red Hot Chilli Peppers, Guns ’n Roses,  Lush agus The xx.

Ach thar aon albam eile a bhfuil daoine ag cogarnáil faoi i ndomhan an cheoil, is é teacht fhadcheirnín nua The Gloaming is mó atá ag cur sceitimíní ormsa.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00 https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar na halbaim a dtabharfar cluas le héisteacht dóibh in 2016'