Súil ar na fothoghcháin

D’fhéadfadh gur le neamhspleách agus le Sinn Féin a bheidh na fothoghcháin amárach

Is minic a thoghtar neamhspleách i Ros Comáin, ach leis an oiread sin acu sa rása seo, b’fhéidir gur ag tógáil vótaí óna chéile seachas ó na páirtithe a bheifear.

Dála gach áit eile sa tír, tá an fhostaíocht agus an imirce ag déanamh imní don phobal sa dáilcheantar seo.

Na príomhcheisteanna eile sa dáilcheantar ná uisce truaillithe, dúnadh an Ionaid Timpiste agus Éigeandála san Ospidéal i Ros Comáin agus easpa leathanbhanda.

Cé go bhfuil gealltanas tugtha ag an Rialtas nach ngearrfar táillí uisce orthu siúd nach bhfuil uisce folláin acu, níor mhaolaigh ar fhearg na ndaoine dá bharr agus tá na páirtithe Rialtais go mór faoi bhrú.

Maíonn Fianna Fáil go bhfuil an teacht aniar a chonacthas sa Phairtí ag na toghcháin áitiula le brath anseo freisin agus go bhfuil seans maith acu ar shuíochán. Is iad atá i dtús áite ag na geallghlacadóirí, ach is fiú súil a choinneáil ar Mhichael Fitzmaurice, atá sna sála ar Ivan Connaughton, a bhfuil tacaíocht aige ó Luke ‘Ming’ Flanagan.

Sílim gur eatarthu a bheidh an suíochan. Tá sé fíordheacair tuar a dhéanamh ach má fhanann na haistriúcháin dílis i measc na neamhspleách, d’fhéadfadh gur le Fitzmaurice a bheidh an lá.

Baile Atha Cliath Thiar Theas

Brian Hayes an tIar-Aire Stáit a thréig an dáilcheantar seo le dul anonn chuig an Mór-Roinn.

Is annamh a bhuann páirtí rialtais fothoghcháin mura bás is cúis lena ghairm, agus shílfeá nach aon chabhair ach oiread do Sheanadóir Fhine Gael, Cáit Keane, an praiseach a rinne a páirtí le cúpla seachtain de chás John Mc Nulty.

Tá táillí uisce ina gcnámh spairne anseo freisin agus feachtas láidir in aghaidh taillí ag a lán de na hiarrthóirí, iarrthóir Shinn Féin agus an Pháirtí Shóisialaigh san áireamh.

Tá ceist na leapacha in ospidéal Thamhlachta, liostaí feithimh, ciorruithe leasa shóisialaigh agus easpa fostaíochta i mbéal pobail a bhfuil daonra 106,000 duine ann.

Bhíodh dhá shuíochán tráth ag Fianna Fáil anseo ach níl ceann ar bith anois acu, ach fiú mura n-eireoidh leo an iarraidh seo, is chun leas Martin Lahart a rachaidh an phoiblíocht agus leathshúil aige ar an olltoghchán.

Tá na geallghlacadóirí ag moladh do dhaoine a gcuid airgid a chur ar Shinn Féin cé gur tharraing siadsan drochphoiblíocht de bharr cuntas bréige Facebook a d’fhág in adharca iad leis an Iar-Fheisire Eorpach Paul Murphy.

Bhí an Pairtí i dtrioblóid arís faoi gan bean a bheith ag seasamh dóibh, ach, ar a shon sin is uile, is é tuairim na coitiantachta gurbh olc an mhaise dóibh an suíochán a chailliúint.