Súil in airde ag cairde Mharty do leabhar Menino

Beidh súil ghéar á coinneáil thall is abhus ar innéacs leabhar nua ó Thomas Menino, Iar-Mhéara Bhoston, féachaint an bhfuil aon tagairt ann don Mhéara reatha Marty Walsh

Méara Boston, Marty Walsh, cuireadh fáilte mhór roimhe agus é ar cuairt i gConamara, áit dhúchais a thuismitheoirí an mhí seo caite.  Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Méara Boston, Marty Walsh, cuireadh fáilte mhór roimhe agus é ar cuairt i gConamara, áit dhúchais a thuismitheoirí an mhí seo caite. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Beidh diaspora na nGael i Massachusetts agus lucht tacaíochta Mhéara Bhoston thall agus abhus ina measc siúd a chaithfidh súil ghrinn ar leabhar nua ó dhuine de mhórphearsana na polaitíochta i Meiriceá.

Níl aon tuairisc fós go bhfuil mórán tagairtí do Mharty Walsh i Mayor for a New America le Thomas Menino, réamhtheachtaí Walsh mar Mhéara Bhoston, ach cé gur fhan Menino as an bhfeachtas toghchánaíochta do phost an mhéara anuraidh, ceapadh nach raibh sé an-gheal ar fhear Chonamara.

Bhí tuairimíocht ann go raibh Menino ag tacú i dtosach báire le hiarrthóir eile – an tIar-Chomhairleoir Cathrach Rob Consalvo, fear a raibh barúil mhaith ag go leor daoine dó ag tús an fheachtais.

Ar ndóigh, bhí cúis eile ag Menino tacú le Consalavo – is ó chúlra Iodálach an bheirt acu.
Tá stair ag baint le cás Menino féin mar ba é an chéad pholaiteoir de mhianach na hIodáile é a fuair post an Mhéara i mBoston.
Téann tréimhse Menino siar chomh fada le conspóid fhuilteach an ‘busing’ i mBoston dhá scór bliain ó shin, nuair a rinneadh iarracht le gasúir den chine dubh agus den chine geal a chur chun na scoile in éineacht. Bhí an pobal Gael-Mheiriceánach sáite go mór sa gconspóid sin i South Boston.

Maítear go raibh baint mhór ag Menino le síocháin agus tuiscint níos fearr a chothú idir grúpaí éagsúla sna blianta ó shin i leith.

Bhí Menino ina Mhéara ar feadh beagnach fiche bliain sula ndeachaigh Walsh féin i mbun an dualgais sin.

Cuireadh fáilte mhór chaithréimeach roimh Marty Walsh nuair a thug sé cuairt ar Chonamara, áit dhúchais a thuismitheoirí, an mhí seo caite.

Aithníodh go mba mhór an cor sa saol é go raibh mac imirceoirí as an nGaeltacht tagtha i gcumhacht mar Mhéara ar cheann de na cathracha is stairiúla agus is mó cáil i Meiriceá.