Stop curtha leis an bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist

Deir an CNCM go gcaithfear machnamh níos grinne a dhéanamh ar an múnla nua T1 agus T2 ó thaobh an oideachais de agus ‘i gcomhthéacs níos leithne thodhchaí na Gaeilge’

Stop curtha leis an bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist

Tá stop curtha leis an bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite go raibh tuarascáil déanta ag an CNCM ina molfaí don Aire Oideachais an plean dhá chúrsa Gaeilge a thabhairt isteach a chaitheamh i dtraipisí agus tosú ó bhonn arís air.

Foilsíodh an tuarascáil sin inné, in éineacht le nóta eolais ó CNCM inar cuireadh in iúl go raibh glactha leis an moladh éirí as forbairt na gcúrsaí nua – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

“Tá CNCM ag cur stop leis an obair forbartha ar dhréachtsonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta,” a dúradh sa ráiteas tráthnóna inné.

“Tá CNCM ag tabhairt faoi thaighde breise láithreach bonn ar mhúnla an tsoláthair agus ar chreataí a úsáidtear chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt curaclaim le haghaidh teangacha dúchais i ndlínsí ina bhfuil próifíl chomhchosúil teanga,” a dúradh.

An chéad chéim eile ag an CNCM ná sraith seimineár a eagrú le heolas a bhailiú faoi cén múnla ab fhearr chun dhá cúrsa a thabhairt isteach.

Dúradh go bhfuil gá lena thuilleadh taighde a dhéanamh faoin gcur chuige atá ann in áiteanna eile a mbíonn teanga á múineadh mar theanga dhúchais agus mar dhara teanga.

Plean do dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist le caitheamh i dtraipisí

Agus an CNCM ag tabhairt faoin taighde athuair, dúradh go dtabharfaí tús áite don phleanáil don fhoghlaim agus don teagasc agus don ghá atá le hacmhainní agus oiliúint do mhúinteoirí.

Seo an dara huair le roinnt seachtainí gur caitheadh i dtraipisí plean de chuid na Roinne Oideachais do scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Ag deireadh na míosa seo caite, chuir an tAire Oideachais Norma Foley stop lena plean Páipéar a hAon scrúdú Gaeilge na hArdteiste a thabhairt chun cinn go dtí an cúigiú bliain.

Tá an plean sin á chur siar ar feadh bliana agus tuilleadh machnaimh le déanamh faoi.

Mar a tuairiscíodh an mhí seo caite, moltar sa tuarascáil nua faoi na cúrsaí T1 agus T2 go ndéanfaí athmhachnamh ar os cionn 30 gné éagsúil den dá chúrsa Gaeilge a bhí le tabhairt isteach.

Tá an tuarascáil ón CNCM bunaithe ar thuairimí ón bpobal agus ó eagraíochtaí oideachais agus eile faoin bplean, tuairimí a cuireadh faoina bráid le linn an phróisis chomhairliúcháin a reáchtáladh faoin ábhar.

Léiríonn an anailís ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin go ndúirt 95% de dhaoine a líon isteach suirbhé faoin dréachtchúrsa T1 go raibh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar réimse amháin de ar a laghad. 98% a dúirt amhlaidh i gcás an chúrsa T2.

Léiríodh “imní go minic” le linn an phróisis chomhairliúcháin faoi conas a mheallfaí daltaí chun an cúrsa nua T1 a dhéanamh, cúrsa a bheadh níos dúshlánaí. De réir na hanailíse, a foilsíodh inné, bhí ceist seo na marcanna bónais ar na téamaí ba choitianta a luaigh daoine agus go leor den tuairim mba ghá daltaí a chúiteamh as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Dúradh go minic chomh maith go mbeadh “an córas míchóir agus leithchealach” d’uireasa cúiteamh do dhaltaí T1.

Mheas go leor daoine chomh maith nach raibh an chothromaíocht cheart sna dréachtchúrsaí idir an teanga labhartha agus an litríocht, go háirithe sa cheann T2.

Bhí go leor daoine míshásta chomh maith leis an moladh na marcanna don scrúdú cainte a ísliú go dtí 35%.

Deirtear sa tuarascáil gur mhol a lán de na daoine agus na grúpaí a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí múnlaí eile chun cúrsaí T1 agus T2 a thabhairt isteach. Luaitear moladh go gcuirfí sonraíochtaí éagsúla ar fáil ar cheithre leibhéal.

Moladh chomh maith go mbeadh cúrsa Gaeilge éigeantach ann do chách a dhíreodh ar na scileanna cumarsáide agus go mbeadh cúrsa roghnach eile ar fáil a dhíreodh cuid mhór ar an litríocht agus ar an saibhreas teanga. Moltaí eile a bhí ann ná ábhar roghnach a fhorbairt a bheadh dírithe ar theanga agus cultúr na Gaeilge nó cúrsa sa Ghaeilge Fheidhmeach, a bheadh dírithe ar na scileanna a theastaíonn “le haghaidh saol na hoibre”, scileanna aistriúcháin agus ateangaireachta, agus scileanna a bhaineann leis na meáin.

Fág freagra ar 'Stop curtha leis an bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist'

  • Siobhán

    Goidé nach luaitear an Mheitheal a bhí laistiar den T1 agus T2?

  • Dónall Mór Mac Billings

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonMacBill YouTube @DonallMacB

    SUIM

    Scrúdaithe do scoileanna T1 nó T2, is cuma sa tsioc gan Suim a bheith ann !!!

    Tabhair aire ar an Phictiúr mór

    Níl an talamh réidh leis an Phobal a chur ag caint na Gaeilge agus ag iarraidh í a fhoghlaim !!!

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    SEO AN REITEACH —-

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Réabhlóid Pholaitiúil Shoisialta Chultúrtha atá a dhíth le teanga ar bith a neartú a thagann as mheon agus suim an Phobail. Ní thiocfaidh an t-athbheochan as saol caipitileach meán-aicmeach a bhfuil a rialtas ag iarraidh boilsciú a bhainistiú agus brabus a shéanamh.

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    An Darna focal scoir :——

    1. Beidh ‘Ciorcail Chainte/Chomhra’ ar siúil i Longfort gach Aoine san Óstán Armais nó sa teach tabhairne ‘Eascabar ?’ nó i dTeach Tabhairne ‘Valentine’ amach anseo ag 1.30 i.n.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    2. Déan teagmháil liom i dtaobh ‘Ranganna Teagaisc’ le dul faoin Ard-Teistiméaracht nó cuidiú i dtaobh obair ollscoile.

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************