Gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar os cionn 30 gné den phlean do dhá chúrsa Gaeilge Ardteiste – tuarascáil

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag moladh don Aire Oideachais go n-éireofaí as forbairt na gcúrsaí nua T1 agus T2  chun tuilleadh taighde a dhéanamh

Gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar os cionn 30 gné den phlean do dhá chúrsa Gaeilge Ardteiste – tuarascáil

Moltar i dtuarascáil nua athmhachnamh a dhéanamh ar os cionn 30 gné éagsúil den dá chúrsa Gaeilge a bhí le tabhairt isteach don Ardteist.

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc, gur cheart éirí as forbairt na gcúrsaí nua T1 agus T2 agus tuilleadh taighde a dhéanamh.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta gur chóir tosú ón mbonn arís agus sraith seimineár a eagrú le heolas a bhailiú faoi cén múnla ab fhearr chun dhá cúrsa a thabhairt isteach – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

Tá an tuarascáil ón CNCM bunaithe ar thuairimí ón bpobal faoin bplean, tuairimí a cuireadh faoina bráid le linn an phróisis chomhairliúcháin a reáchtáladh faoin ábhar.

Deirtear gur léiríodh “imní go minic” le linn an phróisis sin faoi conas a mheallfaí chun an cúrsa nua T1 a dhéanamh, cúrsa a bheadh níos dúshlánaí.

Pointí breise CAO mar chúiteamh do dhaltaí a dhéanfadh an scrúdú T1 “ba mhó a d’éiligh” daoine mar ‘spreagadh’, a deirtear sa tuarascáil.

Léiríodh imní chomh maith go bhféadfadh scoláirí atá ag freastal faoi láthair ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “a shocrú aistriú go scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla” sa chás nach mbeadh cúiteamh breise ar fáil as T1.

Tugadh le fios freisin go bhféadfadh go roghnódh daoine gan clárú i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta ar an gcúis chéanna.

Deirtear sa tuarascáil gur mhol a lán de na daoine agus na grúpaí a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí múnlaí eile chun cúrsaí T1 agus T2 a thabhairt isteach. Luaitear moladh go gcuirfí sonraíochtaí éagsúla ar fáil ar cheithre leibhéal.

Moladh chomh maith go mbeadh cúrsa Gaeilge éigeantach ann do chách a dhíreodh ar na scileanna cumarsáide agus go mbeadh cúrsa roghnach eile ar fáil a dhíreodh cuid mhór ar an litríocht agus ar an saibhreas teanga. Moltaí eile a bhí ann ná ábhar roghnach a fhorbairt dírithe ar theanga agus cultúr na Gaeilge nó cúrsa sa Ghaeilge Fheidhmeach, a bheadh dírithe ar na scileanna a theastaíonn “le haghaidh shaol na hoibre”, scileanna aistriúcháin agus ateangaireachta, agus scileanna a bhaineann leis na meáin.

Ní hé gach duine a bhí ar aon intinn faoi na moltaí éagsúla, a deirtear.

“Léirigh daoine eile amhras faoi na moltaí seo agus ní raibh aon chomhaontú ann maidir leis an múnla is oiriúnaí soláthair le haghaidh Ghaeilge na hArdteistiméireachta.”

Téama mór sa tuarascáil é nach raibh na daoine a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bplean T1 agus T2 ar aon intinn faoin gcur chuige ba cheart a bheith ann.

“Ar cheann de na téamaí ba láidre a tháinig amach as an gcomhairliúchán bhí nár baineadh amach fós fís agus cuspóir comhroinnte maidir le Gaeilge na hArdteistiméireachta,” a deirtear.

“Tá amhras ann fós maidir leis an múnla soláthair, maidir le hailíniú beartais agus comhleanúnachas, agus maidir le foghlaim agus tacaíocht ghairmiúil fheabhsaithe.”

Deirtear go bhfuil gá lena thuilleadh taighde a dhéanamh faoin gcur chuige atá ann in áiteanna eile a mbíonn teanga á múineadh mar theanga dhúchais agus mar dhara teanga.

Leagadh béim, a deirtear, i gcaitheamh an chomhairliúcháin “ar an ngá atá le hacmhainní, tacaíochtaí agus oiliúint”.

Léirigh rannpháirtithe “imní go minic” chomh maith nach mbeadh go leor múinteoirí ann chun an dá shonraíocht a theagasc, go háirithe i scoileanna beaga. Bhí imní ar lucht scoileanna Gaeltachta nach mbeadh dóthain múinteoirí “a mbeadh an caighdeán cuí Gaeilge acu ar fáil chun sonraíocht T1 a chur i bhfeidhm ar ardchaighdeán”.

Ar cheann de “na téamaí ba láidre” eile a tháinig chun cinn sa chomhairliúchán bhí an dearcadh “go bhfuil easpa soiléireachta ar an iomlán i sonraí an dá dhréachtsonraíocht, rud a chruthódh dúshláin do mhúinteoirí, go háirithe maidir le torthaí foghlama, measúnú agus an litríocht”.

Mheas 69% de fhreagróirí shuirbhé T1 agus 64% de fhreagróirí shuirbhé T2, an dá shuirbhé a rinneadh don taighde, mar shampla, go raibh na torthaí foghlama “doiléir nó an-doiléir i leith na pleanála don fhoghlaim agus don teagasc”.

Deirtear gur fháiltigh go leor rannpháirtithe roimh “oscailteacht, réasúnaíocht, aidhmeanna agus cuspóirí” na ndréachtsonraíochtaí T1 agus T2.

I measc na nithe a deirtear gur chóir athbhreithniú a dhéanamh orthu tá a oiriúnaí is atá na haidhmeanna sna sonraíochtaí do riachtanais na scoláirí́ go léir. Moltar athbhreithniú́ a dhéanamh ar an mbéim a chuirtear ar fheasacht chultúrtha i sonraíocht T2 agus “ar an bhfís” a leagtar amach i T1 agus T2 maidir le tuiscint canúintí.

Moltar freisin athbhreithniú a dhéanamh “ar an gcaidreamh idir scileanna litríochta agus teanga” agus ar an méid litríochta atá sna dréachtsonraíochtaí.

Ní mór, a deirtear, machnamh a dhéanamh ar ar cheart níos mó béime a chur ar scileanna labhartha.

Moltar machnamh a dhéanamh ar an litríocht agus béaloideas áitiúil a chur san áireamh i T1 agus athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir maidir le roghnú na dtéacsanna don dá shonraíocht.

Deirtear sa tuarascáil nár aontaigh tromlach mór rannpháirtithe an chomhairliúcháin leis an moladh sna dréachtsonraíochtaí 35% de na marcanna a bhronnadh ar an scrúdú cainte. 40% atá i gceist faoi láthair.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar cuireadh tús leis mí Feabhra 2021, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle.

13 grúpa fócais, le 275 rannpháirtí, a eagraíodh agus bhí ocht gcruinniú speisialta ag an CNCM le grúpaí ar leith.

Bhí 19 agallamh duine le duine i gceist chomh maith.

Fág freagra ar 'Gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar os cionn 30 gné den phlean do dhá chúrsa Gaeilge Ardteiste – tuarascáil'

  • Seán

    Smaoineamh bunúsach – go maith.
    Pleanáil – go dona.
    Cúr i bhfeidhm – praiseach náireach iomlán.

    Na blianta curtha amú ag an Roinn Oideachais.

    An ndéanfadh síad botúin chomh mór le seo leis an mBéarla? Ní dóigh liom é.

    Ar ais go dtí an Drawing Board is dócha.

    Ach fiú má thagann síad ar phlean maith (pointí breise, nó 4ú leibhéal don Ghaeilge san ardteist nó an Ghaeilge a scaireadh i 2 ábhar ….. nó meascán de na rudaí seo … nó plean iontach cliste cruthaíoch eile), táim 100% cinnte go ndéanfar preasaich iomlán den chur i bhfeidhm.

    Ba chóir an Roinn Oideachais a dhúnadh agus Gaeloideas a chur i gceannas.

  • Siobhán

    Seán, is léir nach bhfuil cúlra an phróisis agat. An iad na hEagrais Ghaeilge a bhí laistiar den dá shonraíocht a mholadh agus a bhrúigh ar aghaidh ón tús leo? Féach an taighde! Bhí Meitheal oibre a stiúraigh an próiseas. Seiceáil cé a bhí ar an Mheitheal! Iadsan agus an CNCM a chomhairligh an Aire. Cé hiad Gaeloideas? Is fiú fíricí a sheiceáil agus nochtaigh tuairim ansin. Ná dearmad gurb iad na múinteoirí agus scoláirí atá lárnach anseo!