Plean do dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist le caitheamh i dtraipisí

Tá moladh déanta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta don Aire Oideachais tuilleadh taighde a dhéanamh faoin bplean cúrsaí T1 agus T2 a thabhairt isteach

Plean do dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist le caitheamh i dtraipisí

Meastar go ndéanfar fógra go luath go bhfuil plean na Roinne Oideachais dhá chúrsa Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist á chaitheamh i dtraipisí agus go mbeifear ag tosú ó bhonn arís air.

Tuairiscítear go bhfuil An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag moladh don Aire Oideachais tuilleadh taighde a dhéanamh faoin bplean dhá chúrsa nua a thabhairt isteach – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

Tá an tuarascáil ón CNCM, nach bhfuil foilsithe go fóill, bunaithe cuid mhór ar thuairimí an phobail faoin bplean.

De réir tuairisc san Irish Independent ceann de na téamaí is láidre a léiríodh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí ná nach bhfuil daoine ar aon intinn faoin ‘bhfís ná faoin gcur chuige’

Tuigtear do Tuairisc, áfach, go léireoidh na torthaí go bhfuil go leor daoine ar aon intinn faoi ghnéithe áirithe den mhúnla atá molta.

Tá amhras mór léirithe ag daoine mar shampla faoin scéal go dtabharfaí isteach cúrsa nua níos dúshlánaí gan aon mharcanna bónais a bheith ag dul leis.

Tuigtear go léireofar tacaíocht láidir chomh maith do dhá rogha a moladh i bplécháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge.

Faoi cheann de na moltaí sin, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal – sonraíochtaí a bheadh ar fáil do na scoláirí ar fad ar mhian leo tabhairt fúthu.

Faoin rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge.

Bheadh an t-ábhar nua ar fáil ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach d’aon daltaí ar spéis leo tabhairt faoi.

Is cosúil anois, áfach, go gcaithfear amach an plean T1 agus T2 mar atá in áit é a leasú de réir mhianta an phobail.

Deir an CNCM go bhfuil amhras ann faoin tslí a sholáthrófaí na cúrsaí nua agus go mbaineann doiléire le ceisteanna polasaí chomh maith. Caithfear freisin, a deir an chomhairle, tuilleadh machnaimh a dhéanamh faoin traenáil agus oiliúint ghairmiúil a bheadh ag teastáil ó mhúinteoirí chun múnla T1 agus T2 a chur i gcrích.

Deir an CNCM go gcaithfear machnamh níos grinne a dhéanamh ar an múnla nua ó thaobh an oideachais de agus “i gcomhthéacs níos leithne thodhchaí na Gaeilge.”

Deirtear chomh maith go bhfuil gá lena thuilleadh taighde a dhéanamh faoin gcur chuige atá ann in áiteanna eile a mbíonn teanga á múineadh mar theanga dhúchais agus mar dhara teanga.

Tuairiscítear go leagtar béim sa tuarascáil chomh maith ar an áit ar leith atá ag an nGaeilge sa chóras oideachais.

Deirtear gurb é seo an t-aon deis a bheidh ag an nglúin seo athrú mór mar seo a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge. Tá an teanga i mbaol a meatha, a deirtear agus caithfear a chinntiú, dá réir, go gcuirfeadh an t-athrú leis an ngrá atá ag daoine don teanga agus an líofacht atá ag daoine inti.

Nach mór míle freagra a fuair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi na hathruithe conspóideacha atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste.

Fuarthas aighneachtaí ó mhúinteoirí agus scoláirí ag an dara agus an tríú leibhéal, ó thuismitheoirí, ó lucht oideachais, ó phátrúin, ó eagraíochtaí Gaeilge agus ón bpobal.

Fuarthas aighneacht chomh maith ó choiste Oireachtais.

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua – T1 agus T2 – lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.

Mar chuid den phróiseas ar cuireadh tús leis mí Feabhra 2021, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle.

13 grúpa fócais, le 275 rannpháirtí, a eagraíodh agus bhí ocht gcruinniú speisialta ag an CNCM le grúpaí ar leith.

Bhí 19 agallamh duine le duine i gceist chomh maith.

 

Fág freagra ar 'Plean do dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist le caitheamh i dtraipisí'

  • Darren

    Tá an córas oideachais ag caitheamh go leathtromach le scoláirí Gaeltachta agus Gaelscolaíochta leis an modh T1 T2 seo. Tuige nach bhfuil rogha ar fáil do na daltaí Gaeltachta cúrsa T2 sa mBéarla a dhéanamh ach síltear go bhfuil sé sách maith dhófa a bheith ag déanamh ceann Gaeilge ag leibhéal i bhfad níos airde ná iad sin atá sa gcóras Béarla mar shampla? Agus gan trácht ar an bhfíric go bhfuiltear ag féachaint leis an gcéad pháipéar a chur faoi bhráid daltaí nach mbeidh ach aon bhliain amháin caite acu ag foghlaim an chúrsa. Tá sé craiceáilte.

  • An tAmergíneach

    Déanann an gnáth-dhalta 7 n-ábhar don Ardteist, má chuireann an Roinn ábhar nua – litríocht na Gaeilge – ar fáil, beidh ar dhaoinibh é a dhéanamh mar ochtú ábhar ná cailliúnt amach ar ábhar éigin eile a staidéar. B’fhéidir go mbeidh an t-ábhar so ag teacht salach ar ábhar eile ar an amhchlár agus beidh ar an bpáiste Gaeltachta rogha a dhéanamh idir a theanga dhúchais agus ríomhaireacht, cuntasaíocht, bitheolaíocht srl. Is dócha ar an mbonn san, go mbeadh sé níos fearr sárleibhéal a chur ar fáil seachas ábhar nua. n’fheadar