Státseirbhísigh naimhdeacha, polaiteoirí laga agus Gaeil cheannaithe a mharóidh an Ghaeilge

Ba chóir cás na Gaeilge a chur faoi bhráid Thionól Saoránach go bhfaigheadh muid freagraí díreacha

Státseirbhísigh naimhdeacha, polaiteoirí laga agus Gaeil cheannaithe a mharóidh an Ghaeilge

Bhí an stát seo ‘báúil’ don Ghaeilge ón tús. Is iomaí polaiteoir agus státseirbhíseach a raibh ‘a great Grá for the Gaeilge’ acu. Cliseadh ó thaobh na teanga agus na Gaeltachta de an toradh a bhí ‘ar an great grá for the Gaeilge’ go léir. Ní sochtheangeolaí mise ach tá mé den tuairim go mbeidh an Ghaeltacht básaithe faon mbliain 2050. Deir sochtheangeolaithe áirithe go dtarlóidh sé roimhe sin. Tá an fhianaise ann, faraor.

Cibé rud atá na heagraíochtaí stáit ag déanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, níl sé ag oibriú. Má tá an státchóras ag cuidiú leis an nGaeilge bás a fháil go mall, tá go leor Gael ag cuidiú leis an státchóras.

Deir daoine gur áibhéil an chaint seo faoi bhás na Gaeilge. Ach bíonn tús agus deireadh le chuile shórt, agus sin í an fhírinne lom. Bíonn cineál ‘magical thinking’ ar siúl go minic i measc na nGael. Rud éigin mar seo, ‘Tá siad ag rá go mbeidh deireadh leis an nGaeilge ó bhí Cath Chionn tSáile ann…ach níor tharla sé fós!’ Ach nuair a thagann deireadh le rud is den chéad uair é. Mura dtagann athrú mór ar chúrsaí tiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail fad is atá daoine fós ag rá ‘Ach níor tharla sé fós!’.

Agus cad a thabharfaidh bás na Gaeilge mar theanga phobail? Státseirbhísigh naimhdeacha, polaiteoirí laga agus Gaeil cheannaithe. Mar Ghaeil, tá an bhréag atá á hinsint againn faoi dhul chun cinn na Gaeilge ag luí go trom orainn uilig. Tá sí ár mbriseadh mar shibhialtacht mura bhfuil muid briste cheana féin.

Agus iad ag trácht ar theacht agus imeacht sibhialtachtaí is minic a labhraíonn na staraithe faoi eachtraí cinniúnacha. Nuair a bheidh bás shibhialtacht na nGael faoi chaibidil acu, is dócha gurb í an cheist is mó a chuirfear ná, ‘On whose watch did it happen?’

Beidh tús áite sa phlé sin ag na státseirbhísigh naimhdeacha, na polaiteoirí laga agus na Gaeil cheannaithe.

Cén rogha atá againne ach troid a chur suas fiú mura bhfuil mórán dóchais fágtha againn?

Ach céard faoin saoránach sa tír seo nach mbíonn aon bhaint dhíreach aige leis an nGaeilge ach atá báúil di? Macasamhail an duine nach mbíonn mórán á dhéanamh aige féin ar mhaithe leis an dúlra ach atá sásta go bhfuil an stát á chosaint ar a shon. Céard faoin dream sin nach dtuigeann gur cur i gcéill atá i gceist leis na polasaithe stáit atá ann ar mhaithe leis an nGaeilge?

Ba chóir dúinn an fhírinne a nochtadh don dream seo. Tá cáin á híoc acu agus vótaí á gcaitheamh acu agus iad den tuairim go bhfuil ‘leathiarracht’ éigin á déanamh ar a son ar mhaithe leis an nGaeilge a choinneáil beo. Tá an tromlach acu seo aineolach faoin gcaoi a bhfuil an Ghaeilge á tachtadh ag an státchóras. Táim den tuairim nach mbeadh siad sásta leis ar chor ar bith dá mbeadh an fhírinne ar eolas acu.

Creidim go bhfuil sé in am Tionól na Saoránach a bhunú le dul i ngleic le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níl aon cheist ann ach gur éirigh go maith leis an Tionól deireanach Saoránach agus leis an gCoinbhinsiún Bunreachtúil a chuaigh roimhe. Réitigh siad an bealach le ceisteanna sóisialta a réiteach. Fiú le deireanaí chuir siad moltaí láidre faoi bhráid an Rialtais maidir le comhionannas inscne.

Ba chóir, a dúirt siad, go mbeadh an comhionannas inscne “mar bhunchloch i ngach aon chaidreamh inár sochaí” agus go raibh “freagracht ar leith” ar an Stát caitheamh lena chuid saoránach go cothrom, beag beann ar a n-aitheantas inscne.

Meas tú céard a bheadh le rá ag An Tionól Saoránach faoin nGaeilge agus cearta lucht a labhartha?

Ar ndóigh, tá cosaint ar chearta teanga an phobail i mBunreacht na hÉireann cheana féin.

Seo mar a deir Airteagal 8 sa mBunreacht:

  1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
  2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
  3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá teanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

Ní haon dlíodóir mise ach shílfeá go bhfuil sé sin breá soiléir. Shílfeá go bhfuil na cearta uilig atá muid a chuartú ar mhaithe le comhionannas don Ghaeilge ar fáil dúinn sa mBunreacht cheana féin.

Scaití sílim go mbíonn cuid againn ‘buíoch’ as na bunseirbhísí fánacha a fhaigheann muid. ‘A penny for the hungry baby, sur?’ mar a deirtear in An Béal Bocht. Is le toil na máistrí a fuaireamar na ‘seirbhísí’ Gaeilge atá againn, agus ‘fan i do thost’ ar eagla go gcaillfimid a bhfuil againn. Is oth liom a rá nach bhfuil mórán atá fiúntach le cailleadh againn agus is fada sinn ó na bunchearta atá tuillte ag chuile shaoránach a bheith againn.

Cúis gháire agus ábhar náire é gur gá cosaint don síneadh fada a chur i reachtaíocht, a dúirt Catherine Connolly, Teachta Dála neamhspleách, le déanaí. Is cúis náire go bhfuil Acht Teanga ar bith ag teastáil. Tá cosaint ag ár gcearta sa mBunreacht. Níl sé casta!

Ach tá sé an-chasta, dar leis na státseirbhísigh naimhdeacha, na polaiteoirí laga agus na Gaeil cheannaithe. Tá sé níos éasca acu siúd a mhíniú do phobal na Gaeilge cén chúis go bhfuil teorainn lenár gcearta teanga ná mar atá sé na cearta sin a chinntiú dúinn.

Creidim dá mbeadh an cheist curtha go lom ar An Tionól Saoránach, go bhfaigheadh muid freagra díreach air. Ní fheicim cén chaoi nach bhféadfaidís aontú go bhfuil ár gcuid cearta bunreachtúla á sárú lá i ndiaidh lae.

Ba bhreá liom a bheith mícheart ach más é an bás atá i ndán don teanga bíodh bás maith aici. Ná fág ina corpán leathbheo í agus na dreancaidí ag sú aisti cíbe maitheas atá fágtha inti.

B’fhéidir go dtiocfadh ábhar dóchais as An Tionól Saoránach. Ach chuideodh sé, bealach amháin nó bealach eile, le deireadh a chur leis an gcur i gcéill. Seasaimid an fód sula rachaidh an solas in éag.

Mar a deir Dylan Thomas:

‘Do not go gentle into that good night.

Rage, rage against the dying of the light.’

Fág freagra ar 'Státseirbhísigh naimhdeacha, polaiteoirí laga agus Gaeil cheannaithe a mharóidh an Ghaeilge'

  • Cc

    Tá focus neamhcheart againn i gcónaí, táimid i gcónaí ag féachaint thuas ag an Rialtas… Is í ‘pobal’ an rud is tábhachtaí do aon teanga, tá seirbhísí trí Ghaelainn an-thábhachtach leis, ach is é an rud is tábhachtaí ná pobail fisiciul. Baile. Comharsanacht. Teorainneacha ina bhfuil an Ghaelainn mar céad teanga ann, agus clanna á thógaint tríthi.

    Caithfimid tacaíocht láidir a thabhairt dosna pobail a bhfuil ann cheana féin, sna Gaeltachtaí, agus Bóthar na Seoighe i mBéal Feirste fiú, má bhfuil sí fós beo mar phobal lán-Ghaelainn…

    Tá an ceart agat a bheith ag troid ar son seirbhísí trí Ghaelainn, ach ní shábhálfaidh siad sin í, agus ní féidir le Gaelscoileanna amháin, nó múinteoirí, í a shábháil ach an oiread.

    Molaim daoibh ‘Reversing Language Shift’ le Joshua Fishman a léamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cúrsaí seo… Agus gan amhras tá taighde (agus moltaí san áireamh) láidre déanta ag sochtheangeolaithe dár gcuid féin chomh maith, molaim ‘An Chonair Chaoch’, tá dornán díobh siúd a chur an leabhar sin a chéile

    Sin mo chuid. Tá súil agam go bhfuil ciall ann, níor chodail mé néal le dhá lá anuas… Oíche/Maidin mhaith daoibh

  • Bríd

    Féach ar chomhdhéanamh na nEagruis Ghaeilge…sin do dhóthain go bhfuileadar ag déanamh beag agus fiú dá bhfeidhm freastal ar na pobail Ghaeltachta. Faightear réidh leo. Bunaítear eagraíocht amháin le saineolaithe ar chúrsaí Gaeilge & Gaeltachta agus lonnaítear iad sa nGaeltacht. Tá an rás rite ag Quangos na Gaeilge san Ardchathair!

  • Eoghan Ó Néill

    Is é an dearcadh atá ag an chuid is mó daoine sa tír seo a amharcann orthu féin mar Anglos ná nach bhfuil aon gá le teangacha eile agus gur chóir do dhaoine eile géilleadh don bhéarla atá anois ar an teanga is mó a bhfuil status aici ar fud na cruinne. Ach tá daoine ann a sheasann ar a gceart deighleáil le heagraisí an stáit as gaelig ina dtír fhéin. Níl muid líonmhar mar bhí tráth ach inár gcroíthe tá an chuimhne ar ghuth ár sinsir linn a’ rá gur Gael gach duine a bhfuil bá aige/aici dár gcultúr ina measc Éireannaigh nua bíodh gur as an Phólainn, Nigeria, Sasana nó cibé tír iad. Alt maith suimiúill atá ann ó Ciarán Ó Cofaigh agus ábhar macnaimh dúinn, mo bhuíochas leat!

  • Cormac Ó hAodha

    Maith thú, a Chiaráin, arís as an alt is déanaí seo a scríobh – ár seasamh ort!

    Tá sé in am againn dúiseacht, is léir!

  • Máire Úna Ní Bheaglaoich

    Alt ana-shuimiúil age Ciarán Ó Cofaigh .Ní bheinn sásta an “cheist” a chur fé bhráid Comhdála Pobail mar ní ceist sea nó ní hea í ach go gcaithfear í a tharrtháil.Tá pointe age Bríd ,deireadh a chur le quangos agus eagraíocht amháin ag bsint leis an dteanga a bhunú sa Ghealtacht,nó ceann i ngach Gaeltacht,agus acmhainní cearta a chur ar fáil.Féitheoireacht a dhéanamh ar RTE chun a ndualgaisí a chomhlíonadh i leith na teangan.An teideal RTE a bhaint de RnaG..tá sé maslaitheach.

  • Ciarán Ó Cofaigh

    Má bhí deis é sin a dhéanamh, tá sé thart le píosa fada…

  • Seán Ó hAodha

    Smaoineamh íontach. Ní thugtar cead go héasca ábhar a phlé ag an Tionól Saoránach. Beidh seoiníní Dáil Éireann agus seoiníní an Státchórais in a aghaidh. Is Nualiobarálachaithe dhomhandaitheacha atá i gceannas ar an tír faoi láthair.

  • Seán Ó hAodha

    In ainneoin breithiúnas Adrian Hardiman srl. níl seasamh bunreachtúil na Gaeilge sa mBunreacht pioc soiléir nuair atá clásáil éalaithe in Alt 3 in Airteagal 8 a thug cead don Státchóras feidhmiú tré Bhéarla rud atá glan in aghaidh Alt 1.
    Alt 3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá teanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

    Teastaíonn Coinbhinsiún Bunreachtúil faoi leith chun an paradacsa ríshoiléir sin in Airteagal 8 a scagadh.