‘Staggering ignorance’ faoi na healaíona ó thuaidh agus ionadaithe tofa ón bpobal Protastúnach ‘particularly prone to amnesia’ – Bob Collins

Mhol iar-phríomhstiúrthóir RTÉ gur cheart ‘dípholaitiú’ a dhéanamh ar an nGaeilge ó thuaidh trí chosc a chur ar ‘thaobh amháin í a úsáid mar ábhar cúise’

‘Staggering ignorance’ faoi na healaíona ó thuaidh agus ionadaithe tofa ón bpobal Protastúnach ‘particularly prone to amnesia’ – Bob Collins

Bob Collins, iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus iarChathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá an Ghaeilge ina cuid chomh lárnach d’oidhreacht chultúrtha gach aontachtach ó thuaidh agus atá sí i ndúchas gach náisiúnach ansin, dar le Bob Collins, iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus iarChathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann.

Bhí Collins ag labhairt ag cruinniú de Chumann na Breataine agus na hÉireann – The British Irish Association – in Cambridge.

Dúirt Bob Collins – a chaith tréimhse mar Choimisinéir Cothromaíochta i dTuaisceart Éireann – go raibh “polaitiú déanta go gníomhach” ag daoine áirithe ar an teanga ó thuaidh agus gur cheart “dípholaitiú” a dhéanamh uirthi trí chosc a chur ar “thaobh amháin í a úsáid mar ábhar cúise” nó mar chnámh spairne i bpobal atá scoilte.

“It makes no sense to oppose a language just because some use it to express sentiments with which we would disagree,” a dúirt sé.

Bhí Collins cáinteach orthu siúd a bhaineann úsáid as an teanga mar uirlis ar mhaithe le dul chun cinn polaitiúil mar go gcealaíonn sin cumhacht na teanga mar uirlis chumarsáide agus mar ghné shaibhir de chultúr traidisiúnta.

“These approaches are to disrespect language, to disrespect those who speak and value them. It is nonsensical, and simply ignorant, to dismiss the richness of a language simply because one does not speak it and does not like those who may advocate for it,” a dúirt sé.

Dúirt Collins go raibh sé ag labhairt mar dhuine a raibh Gaeilge aige agus mar dhuine “who may not much like some of its advocates and who deprecates those who abuse it for political purpose”.

Mheabhraigh sé freisin go raibh Gaeilge, Béarla agus Albainis – san ord sin – á labhairt ó thuaidh leis na céadta bliain. Dúirt sé gur cuid den oidhreacht ag gach duine iad agus nach bhfuil aon úinéireacht ag aon dream ar leith orthu.

Mar mhodh cumarsáide tá na teangacha sin “iomlán neodrach”, a dúirt sé.

Ag tagairt do chúrsaí cultúir i gcoitinne, dúirt Bob Collins go raibh “staggering ignorance” faoi na héachtaí a bhí déanta sna healaíona ag na glúine éagsúla daoine cruthaitheacha sa Tuaisceart agus go dtabharfaí droim láimhe leis na healaíona mura mbeadh aon cheangal acu le saol an phobail.

“The elected representatives of the Protestant community seem to be particularly prone to this amnesia” a dúirt sé.

Thagair sé do thábhacht na hEaglaise Preispitéirí i gcur chun cinn na Gaeilge tráth agus dúirt gur ar threoir ó Sir Arthur Chichester, Gobharnóir Charraig Fhearghais a aistríodh Leabhar na hUrnaí Coitinn go Gaeilge le linn Chogadh na Naoi mBliana nó ‘Cogadh an Dá Aodh’ (1593- 1603).

Tá sé mar aidhm ag Cumann na Breataine agus na hÉireann, a d’eagraigh an chomhdháil in Cambridge ag a raibh Bob Collins ag caint, daoine ó chúlraí éagsúla, ina measc daoine ón saol polaitiúil, gnó agus acadúil, a thabhairt le chéile le comhthuiscint níos fearr a chothú i leith chúrsaí an Tuaiscirt.

Fág freagra ar '‘Staggering ignorance’ faoi na healaíona ó thuaidh agus ionadaithe tofa ón bpobal Protastúnach ‘particularly prone to amnesia’ – Bob Collins'