Agus an deichiú lá den chogaíocht ar bun ar fud an Mheánoirthir, níl aon stad ar ionsaithe drón agus diúracán Iosrael agus na Stát Aontaithe.
Lean na hionsaithe ar aghaidh agus Mojtaba Khamenei, mac le Ali Khamenei, roghnaithe mar Ardcheannaire ar an Iaráin.
Maraíodh a athair, a bhean Zahra agus a mhac in ionsaithe aeir na Stát Aontaithe ag tús an chogaidh seo. Tá de cháil ar Mojtaba Khamenei go bhfuil sé chomh daingean diongbháilte céanna in aghaidh chultúr an iarthair agus a bhí a athair.
D’fhógair údaráis mhíleata Iosrael inniu go raibh siad ag tabhairt faoi “mhaidhm mhór ionsaithe” ar Tehran, Isfahan agus deisceart na hIaráine de bharr gur maraíodh fear in ionsaí aeir i lár Iosrael níos túisce.
Dúradar chomh maith go rabhadar ag díriú ar Al-Qard Al-Hassan, eagraíocht airgeadais atá ceadaithe ag na Stáit Aontaithe. Maíonn Iosrael go bhfuil maoiniú á chur ar fáil do Hezbollah aici sna bruachbhailte i ndeisceart Beirut. Áitíonn Iosrael go bhfuil tacaíocht na hIaráine ag Hezbollah.
Dúirt an eagraíocht cearta daonna, Human Rights Watch (HRW) gur scaoil arm Iosrael le muinisean forfar bán i mbaile mór Yohmor i ndeisceart na Liobáine inniu, arm nach dleathach.
De réir meastachán de chuid Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí [UNICEF] maraíodh ar a laghad 83 páiste agus gortaíodh 254 sa Liobáin ó thosaigh an cogadh seo. Mar bharr ar an bhfulaingt, tá thart ar 700,000 duine, ar leanaí thart ar 200,000 díobh, díbeartha as a dtithe.
Tá físeán eisithe anois chomh maith a chuireann breis fianaise ar fáil gur diúracán de chuid Mheiriceá a bhuail an bhunscoil san Iaráin inar maraíodh 175 duine, páistí cuid mhór díobh. Ní thagann an fhianaise sin le háitiú Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Trump gurbh í an Iaráin féin a rinne an t-ionsaí ar an scoil.
Bhí scamall dubh deataigh os cionn Tehran ag an deireadh seachtaine agus súiche brocach ina bhrat ar na sráideanna de bharr ionsaithe a rinneadh ar stórais ola.
Tá praghas na hola ardaithe as cuimse agus titim ollmhór ar luach scaireanna ar stocmhargaí na hÁise. Sháraigh praghas na hola $100 (£74) an bairille den chéad uair ó d’ionsaigh an Rúis an Úcráin mí Feabhra 2022. Tá 20 milliún bairille ola sa lá glanta den mhargadh ag an gcogadh seo.
Agus é ag tagairt don ardú tobann sin ar phraghas na hola de bharr an chogaidh seo sa Mheánoirthear, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go socródh an praghas de réir a chéile agus gur fánach an praghais é sin le híoc ar shlándáil an domhain.
“Is fánach an praghas iad praghsanna gearrthréimhseacha na hola le híoc as sábháilteacht agus síocháin na Stát Aontaithe agus an domhain. Titfidh siad sin arís chomh luath agus a bheidh bagairt núicléach na hIaráine thart. Amadáin amháin a bheadh ar a mhalairt de thuairim!” a scríobh Trump ar Truth Social.
Idir an dá linn, tá sé ráite ag an Tuirc, ag Catar agus ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha [UAE] gur stop siad diúracáin de chuid na hIaráine.
Rinne údaráis mhíleata na hIaráine agus na fórsaí polaitiúla is ceartchreidmhí scéal gairdis as roghnú Mojtaba Khamenei mar Ardcheannaire.
D’eisigh na Gardaí Réabhlóideacha Ioslamacha ráiteas ag léiriú a gcuid tacaíochta do mhac Khamenei ag rá gur “ré nua agus céim nua den réabhlóid agus de riail na poblachta Ioslamaí” a bhí ina cheapadh.
Pádraig
An-luath sa chogadh a tugadh faoin scoil sin inar cuireadh 150 páiste ar a laghad de dhroim an tsaoil in aon tróig amháin. Cóngas gaoil idir a bhfurmhór mór agus saighdiúirí de chuid an IRGC a raibh beairic buailte leis an scoil acu.
Agus mharódh na hIaránaigh a bpáistí féin, dar leis an Maistín Mór?
D’aon turas a rinneadh an t-ár sin d’fhonn ceacht a mhúineadh;
“Tóg san a ghramaisc agus nílimid ach ina thús. Táimid ag deargadh beara chugaibh.”
(Shock ‘n Awe, athuair)