Sraitheanna agus dhá chainéal nua á seoladh ag TG4 an fómhar seo

In Institiúid Náisiúnta na Scannán i mBarra an Teampaill a sheol TG4 sceideal an fhómhair

Sraitheanna agus dhá chainéal nua á seoladh ag TG4 an fómhar seo

Toibreacha beannaithe, portaigh rúnda agus dhá stáisiún nua – sin cuid den ábhar a bheidh faoi chaibidil ar sceideal nua TG4 an fómhar seo.

Ar na sraitheanna nua eile a fógraíodh, tá clár nua DIY, Déan tú fhéin é, agus Cúrfa, sraith nua siamsaíochta ina lorgófar an cór ‘is fearr in Éirinn’.

Beidh cainéil nua á sheoladh ag an gcraoltóir an fómhar seo chomh maith agus Cúla4, stáisiún nua do pháistí, le tosú ar an 8 Meán Fómhair.

Cuirfear tús chomh maith le TG4+1, cainéal a thabharfaidh deis de dhaoine féachaint ar ábhar an stáisiúin uair an chloig i ndiaidh a chraolta.

In Institiúid Náisiúnta na Scannán i mBarra an Teampaill a seoladh sceideal an fhómhair inniu.

Ar Rúin na bPortach, rachaidh Cormac Ó hÁdhmaill ar thuras go dtí tailte portaigh in Éirinn agus ar fud an domhain agus ar Ag Triall ar an Tobar inseoidh Manchán Magan dúinn scéal na dtoibreacha beannaithe in Éirinn.

I Rún na Bóinne beidh an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh agus foireann eolaithe ag iarraidh fáil amach an ann don dara seomra ag Brú na Bóinne, seomra a mheastar a bheith ann cé nár thángthas air riamh.

Sa tsraith nua Na Bealaí Ceilteacha téann Ryland Teifi agus a iníonacha, Lowri agus Cifa, ar thuras bóthair ar fud na hÉireann agus na Breataine Bige.

Ar na cláracha faisnéise aonair a bheidh le feiceáil den chéad uair an fómhar seo, tá Tuilte ina n-insítear scéalta daoine ar fud na tíre ar scrios fuarlaigh a saol.

Pléifidh Na Gaeil agus na Chéad Náisiúin leis an ngaol idir Éireannaigh agus Bun-náisiúin Mheiriceá Thuaidh agus scéal é Croíthe Radacacha faoi lánúineacha ban a bhí gníomhach i gcogadh na saoirse

Pictiúr: Gareth Chaney/ Collins Photos

Ar Inis Meáin, An Tearmann Thiar tugtar súil siar ar shaol an oileáin mar a chonaic an scannánaí Chris Rodmell é 50 bliain ó shin agus tabharfaidh Aerfort Dhún na nGall léargas dúinn ar an saol san aerfort Gaeltachta.

Sé cinn de chláracha atá sa tsraith nua DIY Déan Tú Féin É agus ar Curfá cuirtear Doireann Ní Ghlacáin sa tóir ‘ar an gcór is fearr in Éirinn’.

Baineann an tsraith nua Tarrthálaithe na hÉireann le Garda Cósta na hÉireann agus an obair a dhéanann siad chun teacht i gcabhair ar dhaoine atá i mbaol.

Ar na sraitheanna a bheidh ag filleadh do shéasúr eile, tá Misneach, Scéalta Grá na hÉireann agus Slí na mBeaglaoich.

Ag dul ó na hOileáin Fhilipíneacha go dtí Oileáin Sholaimh a bheidh Hector Ó hEochagáin dá shraith taistil is déanaí.

Beidh an tsraith teilifís réaltachta spóirt Underdogs chugainn arís chomh maith ach athrú déanta ar an gcuir chuige seanbhunaithe – mná an tsacair a bheidh ag iarraidh áit a fháil ar an bhfoireann.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 go raibh tábhacht faoi leith le TG4 maidir le fónamh don Ghaeilge i saol na hÉireann”.

Chuir sé fáilte roimh an athbhreithniú ar na meáin chumarsáide Ghaeilge atá mar chúram ar Choimisiún nua na Meán a thabharfadh, a dúirt sé, deis don stát foghlaim ó na polasaithe is fearr atá i bhfeidhm sna meáin mhionteangacha san Eoraip.

Fág freagra ar 'Sraitheanna agus dhá chainéal nua á seoladh ag TG4 an fómhar seo'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní réitíonn na grianghraifeanna san alt seo liom ar chóir ar bith.

    An chéad cheann: cad chuige a bhfuil an oiread sin mná gleoite, galánta ann? Iad chomh déanta agus ansin tá Hector Ó hEochagáin agus é gléasta in éadach dubh?! Níl seisean chomh cóirithe leis na mná. Cad chuige a bhfuil sáltaí arda ar achan bhean?? Agus tá na cosa nocht ag 80% acu!? Caidé’n cinéal íomhá atá an stáisiún/alt seo ag cuir amach do mhná lena leithéid de ghrianghraif? Dochreidthe agus samhnasach sa lá atá inniu ann go bhfuil earnáil na Gaeilge ag cuir an íomha homaighnéasach seo amach.

    An darna ceann: Coibhneas níos fearr daoine anseo. Lúchair orm go bhfuil bean óg ag an toiseacht agus péire bróga spóirt uirthi! Ach ansin tá na mná eile arís chomh déanta agus chomh gleoite – na sáltaí arda arís – i gcompráid leis na fir. Caidé a bhí an ghriangrafadóir ag smaointiú air nuair a roghnaigh sé an radharc sin?? I bhfad ró ghéar agus ró-ard i mo thuairimse. Diomaite den sraith cúl níl an íomhá chomh maith sin ag na daoine sa dá sraith eile – go háirithe na mná!!

    Tuigim go bhfuil an faisean ann i saol an iarthar go mbíonn ort cuma a chuir ort féin má bhíonn grianghraif á thógáil ach níl an chuma air go bhfuil iarracht ar bith déanta ag Hector – agus is cuma leis, agus maith é! Nach bhfuil sé in am ag na meáin éirigh as an seafóid agus an amaidí seo – an íomhá coimheádach seo atá á bhrú ar dhaoine. Cá ndéantar an smideadh a chaitheann tú? Cá ndéantar na héadaí, na bróga a chaitheann tú? Is cuma cé thú, tá’n íomhá a chuireann tú amach ar na meáin ag dul i bhfeidhm ar an ghnáthphobal agus de réir na híomhanna seo, tá 95% daofa siúd a bhfuil iontu ag cuir amach an íomhá go dtig linn leanúint ar aghaidh lenár saoil faoi mar a bhí i gcónaí.

    Cuimhnigh go bhfuil tionchar ag do chuid gníomhartha, ní amháin orthu siúd a bhíonn ag leanúint na meáin, ach fosta ar dhaonra an domhain agus go háirithe ar na tíortha siúd a dhéanann na hearraí atá á chaitheamh agat. In am ag lucht meáin an nós coimheádach seo a athrú.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An mbeidh fotheidil ar na cláracha seo? Má bhíonn, an mbeidh deis ag daoine iad a mhúchú dá mba mhian leo?

    Choimheád mé cláracha ar TG4 roimhe agus d’aithin mé go mbíonn rannpháirtithe anois is arís ag streachailt leis an Ghaeilg (a labhairt). Molaim iad as an iarracht a dhéanann siad agus nach dtiompaíonn siad ar an Bhéarla. Ach is cuma cé a ghlacann páirt sna cláracha seo, an mbíonn cuidiú ar bith ar fáil daofa, i rith agus go háirithe i ndiaidh an chláir, le feabhas a chuir ar a chuid Gaeilge s’acu? An ndéantar iad a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhíonn an clár thart? An gcuirtear iad in aithne do dhaoine eile nó an mbíonn ranganna nó ciorcail comhrá ann chun cuidiú leo feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge? Tá mé ag maíomh daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht fosta.

  • Máire

    ‘Dochreidthe agus samhnasach sa lá atá inniu ann go bhfuil earnáil na Gaeilge ag cuir an íomha homaighnéasach seo amach.’ N’fheadair an raibh sé i gceist ag Cordelia é sin a rá? Súil agam gur sciorradh focal atá anseo….. Mar tá ábhar machnaimh sa chuid eile a deir sí….

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An ceart iomlán agat a Mháire agus gabh mo leithscéal as an sciorradh focal. Is ‘heitrighnéasach’ a bhí á mhaíomh agam agus chan ‘homaighnéasach’. Mo leithscéal arís. Go raibh maith agat.