SRAITH PICTIÚR: Cluiche Nua Ríomhaireachta

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Cluiche Nua Ríomhaireachta

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

 

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Tháinig tú féin isteach gan obair bhaile. Scríobh an comhrá a bhí agat féin agus an múinteoir.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Tabhair leithscéalta, bíodh cáineadh, rabhadh agus soiléiriú i gceist; iarrtar ar dhuine éigin rud a rá arís.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Cluiche Nua Ríomhaireachta

(Téacs an fhíseáin)

1) Bhí Gearóid suite ar a sháimhín só ag féachaint ar an teilifís.
Bhí sé tuirseach, traochta, tnáite tar éis lá fada ar scoil.
Bhí a mhála scoile caite ar an mbord in aice leis.
Bhí sé a sé a chlog.
Ní raibh aon fhonn oibre air.

2) Go tobann bhuail a fhón póca.
Bhí teachtaireacht seolta ag Liam chuige.
Bhí cluiche nua ríomhaire ceannaithe aige.
Thug sé cuireadh do Ghearóid teacht go dtí a theach len é a imirt.

3) D’fhéach Gearóid ar uaireadóir agus ansin d’fhéach sé ar a mhála scoile.
Tháinig scaimh air.
Bhí a fhios aige go mbeadh sé in umar na haimléise mura ndéanfadh sé a obair bhaile.
Rinne sé cinneadh an obair bhaile a chur ar an méar fhada.
Rith sé chuig teach Liam ar luas lasrach.

4) Chaith Liam agus Micheál dhá uair an chloig ag imirt cluichí ríomhaire.
Tháinig ocras an domhain orthu agus d’ordaigh siad píotsa.
Bhí siad ar mhuin na muice.
Bhí dearmad glan déanta ag Micheál ar an obair bhaile.

5) Ghlaoigh máthair Mhichíl air.
D’fhiafraigh sí de Mhicheál an raibh an obair bhaile déanta aige.
Ní mó ná sásta a bhí sí nuair a dúirt sé nach raibh.
D’fhiafraigh sé di an bhféadfadh sé fanacht i dteach Liam cúig nóiméad eile ach dúirt sí leis teacht abhaile ar an bpointe boise.

6) Thug a thuismitheoirí íde béil do Mhicheál nuair a tháinig sé abhaile.
Bhí sé a leathuair tar éis a naoi ag an bpointe seo.
Bhí ar Mhicheál tabhairt faoin obair bhaile lena thuistí seasta taobh leis.
Bhí muc ar gach mala aige.
Bhí ciall ceannaithe ag Micheál tar éis na hoíche.

Ceisteanna don idirghníomhaíocht:

  1. Ar tugadh aon phionós do Mhicheál?
  2. Cén t-am a chríochnaigh Micheál a chuid oibre?
  3. Cén sórt duine é Micheál, meas tú?
  4. An raibh aon obair bhaile ag Liam, meas tú?
  5. An ndearna Micheál a obair bhaile as sin amach, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Cluiche Nua Ríomhaireachta'