Sraith eolaíochta as Conamara le craoladh sa Tatairis ar chainéal teilifíse na Rúise

Díoladh an dara sraith de ‘Is eolaí mé’ le cainéal teilifíse sa Rúis atá dírithe ar chainteoirí Tataraise, an mhionteanga is mó ansin

Sraith eolaíochta as Conamara le craoladh sa Tatairis ar chainéal teilifíse na Rúise

Tá “lúcháir” ar dhéantóirí Is Eolaí Mé, sraith eolaíochta do pháistí ar TG4, go mbeidh an tsraith is déanaí le feiceáil ag cainteoirí óga Tataraise sa Rúis.

Díoladh an dara sraith de Is Eolaí Mé, léiriú de chuid Meangadh Fíbín, le cainéal teilifíse sa Rúis a bhíonn ag freastal ar chainteoirí Tataraise, an mhionteanga is mó labhairt sa tír.

Dúirt Darach Ó Tuairisc, duine de bhunaitheoirí Fíbín go raibh sé iontach “aitheantas” idirnáisiúnta a fháil don chlár.

“Tá sé iontach go bhfuil tóir idirnáisiúnta ar chláracha atá déanta i nGaeilge agus tugann sé léargas ar an ardchaighdeán clár atá á dhéanamh do TG4.”

Is iad Peadar Ó Goill, arb as Árainn dó agus Caitríona Ní Chualáin as Conamara láithreoirí na sraithe.

Tá an chéad sraith le feiceáil in os cionn 15 tír éagsúil go dtí seo san Eoraip, san Afraic, san Áise agus eile.

“D’éirigh chomh maith sin leis an gcéad sraith go raibh an láithreoir Peadar ag fáil fan mail ón Tuirc,” a dúirt Ó Tuairisc.

Dúirt Ó Tuairisc go raibh cainteanna ar bun le go leor tíortha eile agus súil acu go mbeidh an oiread ratha ar an dara sraith is a bhí an chéad cheann.

Craoladh Is Eolaí Mé ar TG4 den chéad uair in 2016 agus é mar aidhm aige léargas taitneamhach agus físiúil a thabhairt ar chúrsaí eolaíochta agus timpeallachta don dream óg.

Is Eolaí Mé 1 agus 2 le feiceáil ar sheinnteoir TG4 faoi láthair.

Fág freagra ar 'Sraith eolaíochta as Conamara le craoladh sa Tatairis ar chainéal teilifíse na Rúise'