Sprioc an rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí le scagadh

Faoi láthair, níl ach 0.35% de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh

Sprioc an rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí le scagadh

Déanfar plé inniu i dTithe an Oireachtais ar sprioc an Rialtais gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Beidh David Cagney, Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse, atá lonnaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar gheallúint uaillmhianach an Rialtais.

Faoi láthair, níl ach 0.35% de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc níos luaithe i mbliana nach raibh ach 88 post ann a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo as an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara.

Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 de na folúntais a líonadh sa státseirbhís idir an 1 Eanáir 2018 agus 30 Meán Fómhair 2020 – 0.2% de na folúntais a líonadh le linn na tréimhse sin.

Thug seisear Airí Rialtais le fios nach bhfuil oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh.

Ar na ranna nach raibh aon phost ‘Gaeilge’ iontu bhí an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá freagrach as cúrsaí earcaíochta na státseirbhíse, earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu san áireamh.

Léirigh taighde eile a rinne Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo nár bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís le trí bliana anuas.

Ag caint roimh chruinniú an lae inniu, dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, go mbeadh an sprioc 20% ina dhlí roimh dheireadh na bliana seo ach a dtabharfaí isteach an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Ní aidhm ná sprioc é seo, ach riachtanas dlí agus bunreachta, agus cuireann mo Choiste fáilte roimh an bplé seo leis an gCeann Acmhainní Daonna don Státseirbhís mar chéad chéim sa phróiseas i dtaobh pleanáil fórsa saothair, cur i ngníomh beartais, agus i dtaobh fostaithe dátheangacha atá go hiomlán líofa a earcú agus a shuíomh go straitéiseach ar fud na seirbhíse poiblí,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Seisear Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil fiú post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine lena dhéanamh

Tiocfaidh toscaireacht na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráth a bhfuil géillte ag Aire Stáit sa Roinn sin nach bhfuil an córas chun státseirbhísigh le Gaeilge a earcú ag obair agus go bhfuil gá lena athrú.

Bhí an tAire Stáit Ossian Smyth ag tabhairt freagra sa Dáil ar áitiú an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil an baol ann gur níos lú Gaeilgeoirí atá á n-earcú sa státseirbhís de thoradh phlean an Rialtais cur le líon na nGaeilgeoirí inti.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “an-deacracht” ag an státseirbhís daoine le Gaeilge a earcú agus go mbíonn suas le 100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta do ghnáthphostanna Béarla i gcomparáid le postanna a bhfuil an Ghaeilge ag teastáil dóibh.

Léirigh figiúirí a chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil don Teachta Dála Éamon Ó Cuív le gairid go raibh poist faighte ag 32 duine tríd an gcomórtas d’oifigigh feidhmiúcháin le Gaeilge. 88 iarratasóir a bhí ar an bpainéal Gaeilge sin a bhfuil deireadh curtha anois leis.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta go raibh sé “cineál seafóideach” go bhfuil painéal ar leith ann do dhaoine le Gaeilge agus gur cheart go gcuirfí Gaeilgeoirí ar an liosta Béarla freisin. Mheas sé go mbeadh drogall ar dhaoine cur isteach ar an bpainéal Gaeilge mar nach gcuirtear daoine ón bpainéal sin ach i bpostanna a bhfuil riachtanais Ghaeilge luaite leo.

“Cad chuige a srianfadh daoine iad féin go poist ina gcuirtear i mbosca beag na Gaeilge iad nuair a bheadh an Státseirbhís oscailte do dhaoine dátheangacha má théann siad ar an bpainéal Béarla, mar a thug an tAire Stáit air?” arsa Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Sprioc an rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí le scagadh'