Spreagadh á thabhairt do Imelda May an Ghaeilge a fhoghlaim agus í ‘croíbhriste’ gur ‘goideadh’ an teanga uaithi

I dteachtaireacht a chuir Imelda May amach ar a cuntas Twitter, dúirt an t-amhránaí as Baile Átha Cliath go raibh sí ‘croíbhriste’ gur ‘goideadh’ an teanga uaithi

Spreagadh á thabhairt do Imelda May an Ghaeilge a fhoghlaim agus í ‘croíbhriste’ gur ‘goideadh’ an teanga uaithi

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Tá spreagadh á thabhairt do Imelda May, duine d’amhránaithe móra na tíre, an Ghaeilge a fhoghlaim tar éis di a “briseadh croí” i dtaobh a teanga dúchais a nochtadh.

I dteachtaireacht a chuir Imelda May amach ar a cuntas Twitter, dúirt an t-amhránaí as Baile Átha Cliath go raibh sí “croíbhriste” gur “goideadh” an teanga uaithi.

D’fhógair May an méid sin tar éis di breathnú ar Fleadh2020, sraith cláracha a craoladh ar TG4 le déanaí, cláir a raibh scéalta, filíocht agus amhráin le cloisteáil orthu “ba cheart” a bheith ar a toil aici féin, a dúirt sí.

Dúirt May gur údar “náire” é go mbeadh uirthi an teanga “nár chóir go ngoidfí riamh” uaithi í a fhoghlaim, amhail “páiste”.

Chothaigh teachtaireacht May go leor cainte ar líne agus go leor teachtaireachtaí chun an t-amhránaí a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim.

Fág freagra ar 'Spreagadh á thabhairt do Imelda May an Ghaeilge a fhoghlaim agus í ‘croíbhriste’ gur ‘goideadh’ an teanga uaithi'