Sos cogaidh leochaileach de dheasca laige agus éiginnteacht an chomhaontaithe

Tá na moltaí sonracha atá leagtha amach sa chomhaontú faoi Gaza thar a bheith doiléir agus na dreamanna a shínigh é an-teoranta

Sos cogaidh leochaileach de dheasca laige agus éiginnteacht an chomhaontaithe

Is léir go raibh teaghlaigh na ngiall Iosraelach thar a bheith ríméadach nuair a chuala siad níos mó ná seachtain ó shin go dtiocfadh sos cogaidh i bhfeidhm in Gaza agus go scaoilfí a ndaoine muinteartha saor.

Is léir go raibh roinnt teaghlach Palaistíneach ar bís nuair a chuala siad go scaoilfí roinnt príosúnach saor chomh maith. Is léir go raibh faoiseamh ar mhuintir Gaza nuair a chuala siad nach é amháin go mbeadh sos cogaidh ann ach go raibh seans ann go gcuirfí socruithe níos fadtéarmaí i bhfeidhm chun síocháin a choimeád sa stráice bunaithe ar an gcomhaontú idir na Stáit Aontaithe, Catar, an Tuirc agus an Éigipt a síníodh seachtain ó shin.

Seachas na gníomhartha seo agus an cead atá tugtha do roinnt leoraithe cúnaimh dul isteach in Gaza, tá na sonraí eile faoin gcomhaontú gann. Tá na moltaí sonracha atá leagtha amach sa chomhaontú thar a bheith doiléir agus is é an chéad rud a chruthaíonn an éiginnteacht ná nach bhfuil ach na tíortha thuasluaite mar shínitheoirí ar an chomhaontú.

Cé go bhfuil Iosrael agus Hamas páirteach sa chomhaontú, níl siad ina sínitheoirí, agus níl ach tagairt fhánach déanta d’Údarás na Palaistíne. B’fhéidir nach gcruthódh sé seo deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe as seo amach, ach is tús lag é ó thaobh an tsiombalachais de.

Deacrachtaí gearrthéarmacha

Mar chuid den chomhaontú tá ar Hamas na gialla a maraíodh le linn an chogaidh a thabhairt ar láimh do na hIosraelaigh. Is éasca a thuiscint cé chomh dúshlánach agus a bheidh sé teacht ar na gialla agus an léirscrios atá déanta in Gaza ó cuireadh tús leis an gcogadh níos mó ná dhá bhliain ó shin. Is éasca a shamhlú chomh maith cé chomh deacair agus a bheidh sé na gialla a aimseofar a aithint mar gheall ar imeacht ama.

De réir tuairiscí, pléadh na deacrachtaí seo le linn na gcainteanna ach ina ainneoin sin, tá líomhaintí á gcaitheamh ag an dá thaobh agus na hIosraelaigh ag rá go bhfuil Hamas ag tarraingt na gcos chun coirp na ngiall a úsáid mar mhír mhargáintíochta agus Hamas ag rá go bhfuil na hIosraelaigh ag iarraidh leithscéal a fháil chun an sos cogaidh a bhriseadh.

Mar chuid den chéad chéim den chomhaontú, tugadh cead do 600 trucail chúnaimh dul isteach sa stráice, ach d’fhógair na hIosraelaigh ag an deireadh seachtaine nach gceadófaí ach 300 trucail, nach n-osclódh siad an trasbhealach teorann ag Rafah agus go gcuirfí srianta i bhfeidhm ar earraí ola agus breosla chomh maith. Is léiriú eile é seo ar cé chomh deacair agus a bheidh sé na socruithe atá leagtha amach sa chomhaontú a chur i bhfeidhm.

Is féidir a thuar, má leanann na deacrachtaí seo ar aghaidh, gan trácht ar na hionsaithe foréigneacha atá tar éis tarlú ó síníodh an comhaontú, go bhféadfadh cúrsaí imeacht ó smacht, go mbrisfeadh an sos cogadh síos agus go mbeadh sé thar a bheith dúshlánach bogadh ar aghaidh chun na moltaí eile a chur i bhfeidhm.

Dí-armáil

Is é an socrú go ndéanfaidh Hamas iad féin a dhí-armáil a chruthóidh an deacracht is mó sula mbeidh na páirtithe in ann bogadh chuig na moltaí eile. A luaithe agus a síníodh an comhaontú, bhí na comharthaí ann go mbeadh deacrachtaí leis an socrú toisc gur thug Príomh-Aire Chatar le fios gur aontaigh Hamas plé a dhéanamh ar chúrsaí dí-armála seachas gur aontaigh siad iad féin a dhí-armáil.

Cé go bhfuil sé leagtha amach sa chomhaontú go dtabharfaí maithiúnas do bhaill de Hamas agus go mbeadh cead acu Gaza a fhágáil dá dtabharfadh siad a n-airm ar láimh, níl aon amlínte ná céimeanna eile leagtha amach chun an plean seo a chur i gcrích.

De réir an chomhaontaithe, bhunófaí fórsa eatramhach mar fhórsa monatóireachta agus maoirseachta agus bheadh ról acu oiliúint a chur ar fhórsa póilíneachta Palaistíneach ach níl aon tagairt ann do ról a bheith acu maidir leis na socruithe a fhorfheidhmiú.

Tuairiscítear go bhfuil dualgais an fhórsa seo agus na sonraí eile faoi, lena n-áirítear an mbeadh sé ina fhórsa forfheidhmithe síochána, á bplé ag na tíortha éagsúla faoi láthair. Beidh siad faoi bhrú rudaí a dheimhniú chomh luath agus is féidir ar eagla go gcruthódh an mhoill folús slándála i nGaza.

Tá baill armtha de chuid Hamas tagtha amach chun a n-údarás a dhearbhú agus a léiriú sna ceantair a d’fhág na hIosraelaigh cheana féin. Cé go bhfuil ráite ag Donald Trump, ar láimh amháin, go dtuigeann sé cúiseanna Hamas agus a n-iarrachtaí chun smacht a choimeád, tá bagairt déanta ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith go ndéanfaí Hamas a dhí-armáil go tapa agus go foréigneach, dá mba ghá.

Dar leis an Uachtarán Trump, ní bheidh fórsaí Meiriceánacha mar chuid de na hiarrachtaí seo, agus seans go mbeidh drogall ar fhórsaí Moslamacha, a d’fhéadfadh a beith mar chuid d’fhórsa eatramhach, dul i gcoinne Hamas ar eagla go bhfeicfí go mbeadh siad ag feidhmiú thar ceann Iosrael.

Mar shampla, dá mbeadh an Éigipt mar chuid den fhórsa seo, chaithfí a cheistiú an mbeadh siadsan sásta dul i mbun troda le Hamas agus an baol ann go dtiocfadh an Bráithreachas Moslamach chun tosaigh san Éigipt arís.

De réir tuairiscí, tá póilíní Palaistíneacha faoi oiliúint san Éigipt agus san Iordáin faoi láthair agus tá pleananna ann iad a chur chuig Gaza, ach is beag seans go mbeidh siadsan in ann Hamas a dhí-armáil ach oiread.

Tá ráitis eisithe ag na hIosraelaigh cheana féin go bhfuil sé mar aidhm acu slad iomlán a dhéanamh ar Hamas agus nuair a thagann an crú ar an tairne maidir le cúrsaí dí-armála ní bheidh drogall orthu dul i gcoinne Hamas arís, go háirithe agus na gialla scaoilte saor.

In ainneoin an dóchais a cruthaíodh nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, an bhfuil an baol ann go dtitfidh rudaí as a chéile gan mhoill agus socruithe an chomhaontaithe chomh lag agus chomh héiginnte?

Fág freagra ar 'Sos cogaidh leochaileach de dheasca laige agus éiginnteacht an chomhaontaithe'

  • Carraig

    50,000,000 tonna smionagair atá ar fuaid Gaza.
    Greim scrogaill ag Iosrael ar sholáthairtí bunriachtanacha i gcónaí agus an forlámhas seo á úsáid acu chun pionós comhchoiteann a bhualadh ar mhuintir Gaza fós féin.
    Beart a thagann salach go huile is go hiomlán ar an dlí idirnáisiúnta.
    Níl in Hamas anois ach buíonta fánacha neamheagraithe atá scaipthe anseo is ansiúd, déagóirí nó díleachtaithe neamhoilte féna flip flops mar chogaithe acu.
    Ní ar Hamas amháin a bhí nó a bheadh an ‘cogadh’ á fhearadh (má adhann sé aríst) ach ar ghnáth-chosmhuintir Gaza. Sibhialtaigh (páistí agus mná) is mó go mór fada a díthíodh sa ‘chogadh’ (cinedhíothú) seo.
    An aidhm a bhí agus atá ag Iosrael na Palaistínigh a dhíbirt trí Gaza a léirscrios ó bhonn sa tslí nach bhféadfadh aon neach beo maireachtaint ann.
    50,000,000 tonna smionagair, 75% de na toibreacha fíoruisce loite, nimhiú déanta ar an úir, gach crann dá raibh ann (crainn ológa go háirithe) glanta chun siúil;
    tithe/árasáin/teampaill/moscanna/árais chultúrtha/scoileanna/árais riaracháin scriosta agus aimliú nó martrú déanta ar an líon is mó páistí/díleachtaithe per capita ar domhan.
    ‘Cogadh’ (díothú) ar pháistí agus ar mhná a bhí anseo agus níl deireadh déanta fós.

  • Seán Ó Piarda

    “slad iomlán a dhéanamh ar Hamas”? Nach bhfuil sé sin curtha i gcríoch acu fós tar éis breis is dhá bhliain d’ionsaithe, d’ollmharú agus síor-bhuamáil?
    Céard is brí le “slad iomlán”?
    Tá comhaltaí de chuid Hamas sa Tuirc, i Qatar, san Éigipt, in Gaza, sa Bhruach Thiar san Iordáin agus i mórán áiteanna eile.
    Ní sceimhlitheoirí amháin atá iontu, is gluaiseacht agus ídéolaíocht é freisin.
    Agus ní bheadh Hamas ar bith ann murach gur chabhraigh Netanyahu go mór leo.
    Cá bhfios ach go n-éireodh sé báúil leo arís dá bhfeilfeadh sé sin dó?