‘Soiléiriú’ ó Kyne faoin méid a dúirt sé faoi earcú Príomhfheidmeannach d’Údarás na Gaeltachta

Mhaígh Seán Kyne gur deacrachtaí atá ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí le ‘seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge’ is cúis leis an moill ar chomharba ar Steve Ó Cúláin a cheapadh

‘Soiléiriú’ ó Kyne faoin méid a dúirt sé faoi earcú Príomhfheidmeannach d’Údarás na Gaeltachta

Tá “soiléiriú” déanta ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne maidir leis an méid a dúirt sé faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Kyne ar an gclár gur “de bharr deacrachtaí atá ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí seirbhís earcaíochta trí Ghaeilge a chur ar fáil” go raibh moill ar an bpróiseas a bhaineann le Príomhfheidhmeannach a cheapadh le teacht i gcomharbacht ar Stiofán Ó Cúláin.

Dúirt Kyne i ráiteas a eisíodh inniu, áfach, nach raibh ag sé de chumas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí an próiseas earcaíochta a láimhseáil don Údarás mar gheall ar ceisteanna “a bhaineann le cúrsaí acmhainne go ginearálta” agus mar go “dtiteann líonadh an fholúntais seo lasmuigh de ról reachtúil na Seirbhíse”. Ní raibh aon bhaint ag an moill ar chúrsaí le “cumas Gaeilge” na Seirbhíse, a dúirt sé.

Luaigh an tAire Kyne chomh maith an “tseirbhís den scoth i nGaeilge” atá curtha ar fáil ag an tSeirbhís don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le roinnt blianta anuas, “go háirithe” mar a bhaineann sé le hearcaíocht ag leibhéal an fheidhmeannais.

“Is sampla den éifeachtacht seo an comórtas a reáchtáil an tSeirbhís do phost Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag deireadh na bliana seo caite,” a dúirt sé.

Tiocfaidh deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, ar an 31 Bealtaine ach is i dtús mhí an Mheithimh a fhógrófar post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta. Tá an mhoill le ceapachán comharba Stiofáin Uí Chúláin á plé le tamall ag an eagraíocht fiontraíochta le Roinn na Gaeltachta ach thug an tAire Kyne le fios go mbeadh síneadh ama ag Ó Cúláin fad is atá an próiseas earcaíochta ar bun.

D’fhógair Steve Ó Cúláin i mí Feabhra go raibh faoi éirí as a chúram nuair a thiocfadh deireadh lena chonradh ach mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús cuireadh moill leis an bpróiseas earcaíochta nuair a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in iúl don eagraíocht fiontraíochta nach mbeadh ar a gcumas an próiseas a láimhseáil “an iarraidh seo”.

D’fhág sin go raibh ar an Údarás comhlacht seirbhísí earcaíochta a cheapadh chun an próiseas a bhaineann le teacht ar Phríomhfheidhmeannach nua a láimhseáil.

Fág freagra ar '‘Soiléiriú’ ó Kyne faoin méid a dúirt sé faoi earcú Príomhfheidmeannach d’Údarás na Gaeltachta'