Folúntas an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta á phlé le Roinn na Gaeltachta

An mhí seo chugainn a fhógrófar post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta ach tiocfaidh deireadh le conradh Steve Uí Chúláin ar an 31 Bealtaine

Folúntas an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta á phlé le Roinn na Gaeltachta

Steve Ó Cúláin. Pictiúr le Seán Ó Mainnín

I dtús an Mheithimh a fhógrófar post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta agus tá an mhoill le ceapachán comharba Steve Uí Chúláin á plé faoi láthair ag an eagraíocht le Roinn na Gaeltachta.

Tiocfaidh deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an 31 Bealtaine. D’fhógair Steve Ó Cúláin i mí Feabhra go raibh faoi éirí as a chúram nuair a thiocfadh deireadh lena chonradh ach cuireadh moill leis an bpróiseas earcaíochta nuair a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in iúl don eagraíocht fiontraíochta nach mbeadh ar a gcumas an próiseas a láimhseáil “an iarraidh seo”.

D’fhág sin go raibh ar an Údarás comhlacht seirbhísí earcaíochta a cheapadh chun an próiseas a bhaineann le teacht ar Phríomhfheidhmeannach nua a láimhseáil.

Thug urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie aréir go rabhthas ag súil an comhlacht earcaíochta sin a bheith ceaptha faoi dheireadh na míosa seo agus an post a bheith fógartha “go gairid ina dhiaidh sin sna chéad laethanta de mhí an Mheithimh”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh an scéal á phlé ag an Údarás le Roinn na Gaeltachta toisc go mbeidh deireadh le tréimhse chonradh Uí Chúláin faoi cheann roinnt seachtainí.

“Ó tharla conradh an Phríomhfheidhmeannaigh Steve Ó Cúláin a bheith ag teacht chun críche ag deireadh mhí Bealtaine tá an tÚdarás imithe i gcomhairle leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnach, Tuaithe agus Gaeltachta chun na socruithe cuí a chur i bhfeidhm don tréimhse earcaíochta,” a dúirt an t-urlabhraí.

Meastar go bhfuil dhá rogha ann chun a chinntiú nach mbeidh an eagraíocht fiontraíochta d’uireasa Príomhfheidhmeannaigh fad is atá an próiseas earcaíochta ar siúl. D’fhéadfaí síneadh ama a thairiscint do Ó Cúláin nó d’fhéadfadh duine d’ardbhainistíocht na heagraíochta feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach fad is a bheadh an próiseas earcaíochta ar bun. Is é Gearóid Breathnach, Stiúrthóir Corparáideach na heagraíochta, an duine is faide atá ag obair ag leibhéal stiúrthóra san eagraíocht. D’fhéadfadh dá bharr go n-iarrfaí air siúd an folúntas a líonadh sa ghearrthréimhse sa chás nach gceadófaí síneadh ama do Steve Ó Cúláin nó nach mbeadh spéis aige ina leithéid.

Is é Micheál Ó hÉanaigh is mó atá á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta, ó tuairiscíodh go raibh Steve Ó Cúláin ag éirí as.

Tá Ó hÉanaigh, arb as an Lochán Beag i gConamara dó, ina Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine in Údarás na Gaeltachta agus bhí sé ina stiúrthóir seirbhísí i gComhairle Contae Dhún na nGall roimhe sin.

Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é, agus má leantar leis an nós sin is cinnte go mbeadh seans ar an bpost mór ag beirt eile de lucht ardbhainistíochta na heagraíochta fiontraíochta – an Stiúrthóir Corparáideach, Gearóid Breathnach agus Tadhg Ó Conghaile, a ceapadh ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga anuraidh.

Ní raibh aon bhean ina príomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta ó tháinig ann di i 1980, agus iarrthóir spéisiúil a bheadh i Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga an Údaráis, a bhfuil taithí mhór aici ar gach réimse d’obair na heagraíochta ón tréimhse a thug sí mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta.

Dá mbrisfí le nós seanbhunaithe an Údaráis ardú céime a thabhairt d’iarrthóir ón taobh istigh d’fhéadfadh go mbeadh próiseas earcaíochta níos faide i gceist.

Fág freagra ar 'Folúntas an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta á phlé le Roinn na Gaeltachta'