Smionagar atá anois i Mariupol, áit a dtéinn chun na trá le mo sheantuismitheoirí

Gach uile mhaidin dúisím as mo chodladh, beirim ar an nguthán agus mé ag súil le Dia nár gortaíodh aon duine aréir

Smionagar atá anois i Mariupol, áit a dtéinn chun na trá le mo sheantuismitheoirí

Cúpla seachtain ó shin scríobh mé go ndéanfadh an Rúis iarracht an cogadh san Úcráin a throid mar a rinneadh sa tSiria. Faraor géar nuair a fhéachaim ar an scrios atá á dhéanamh in Mariupol, cathair a dtéinn chun na trá in aice láimhe tráth le mo sheantuismitheoirí, caithfidh mé tá go bhfuil an tuar ag teacht faoin tairngreacht. 

Is fíor gur éirigh leis an Úcráin cúpla eitleán agus héileacaptar de chuid na Rúise a scrios agus roinnt diúracán a thabhairt chun talún ach tá scrios millteanach déanta agus is in olcas atá sé ag dul lá i ndiaidh lae. Tá an t-ionradh moillithe agus cé go bhfuil cúpla iarracht déanta ag an Rúis an tsáinn a bhriseadh, ní dócha go bhfeicfimid mórán ag tarlú sna laethanta beaga seo romhainn seachas in Donbass.

Tá roinnt bailte móra i réigiún Donbass scriosta ar fad, Volnovakha (seans gur Volnovacha ab fhearr mar tá an “ch” céanna sa nGaeilge, sa Rúisis agus san Úcráinis)  in aice le Mariupol. Tá baile mór Mariinka in Donetsk faoi ionsaí sliogán as éadan ag fórsaí phoblacht Donetsk (faoi cheannas na Rúise, go bunúsach) le cúpla seachtain, ach ar éigean a chorraigh siad an líne thosaigh. Is ansin, sa gceantar is faide siar in Donetsk, a bhínnse i mo chónaí. Tá damáiste déanta do theach mo thuismitheoirí agus do theach mo sheantuismitheoirí ach go dtí seo tá mo mhuintir ar fad slán. Gach uile mhaidin dúisím as mo chodladh, beirim ar an nguthán agus mé ag súil le Dia nár gortaíodh aon duine aréir. 

Tá mo thuismitheoirí aistrithe go dtí árasán roinnt ciliméadar eile ó bhéal an chogaidh. Le duine muinteartha le mo mháthair an t-árasán, duine a d’fhág an chathair in 2014 nuair a thosaigh an cogadh agus a chuaigh chun cónaithe i gcomharsanacht Kyiv. Fiú sa gceantar sin anois is deacair leo néal codlata a dhéanamh agus sliogáin ag réabadh ina ngaobhar. 

D’éirigh liom comhrá Skype a bheith agam le mo thuismitheoirí thart ar sheachtain ó shin agus bhí mé ábalta tormán na ngunnaí móra a chloisteáil sa gcúlra. Rinne siadsan a bheag den réabadh: “Níl sé leath chomh rialta agus a bhí inné agus tá sé níos faide uainn.”Teipeann ar an soláthar uisce, leictreachais, teasa agus an ceangal fón soghluaiste ó am go ham sa gceantar sin ach cuirtear ar ais ina cheart arís é. Is cosúil fiú agus an chíréib mar atá go bhfuil daoine cróga ann a dheisíonn na seirbhísí. 

Tá go leor díobhála déanta do roinnt foirgneamh in Donetsk ach deirtear gur measa go mór an bhail atá ar Mariinka. Is amhlaidh an cás ag bailte go leor eile ar thaobh na hÚcráine den líne thosaigh: Avdiivka, ó thuaidh de Donetsk, Severodonetsk agus Lysychansk (sin é ch an Bhéarla) i réigiún Luhansk, Izium, i réigiún Kharkiv in aice leis an teorainn le réigiún Donetsk, agus cá bhfágfainn sléacht Mariupol. Is é fírinne an scéil nach bhfuil sna bailte sin anois ach smionagar agus nach ann dóibh feasta.

Tá ‘slógadh’ fórsaí faoi lán seoil sa dá ‘phoblacht’ scarúnaíocha. Chaill an Rúis níos mó ná a cheapadar sna hionsaithe ainrianta a rinneadh ar láithreacha na nÚcránach agus is cosúil go bhfuil doicheall ar an Uachtarán Putin tús a chur le slógadh iomlán sa Rúis féin. Spéisiúil go leor, bíonn na hearcaigh sin gníomhach in oibríochtaí a bhíonn ar siúl in áiteanna eile in Donbass – Kherson cuir i gcás. 

Tá dhá ghné den ionsaí seo a léiríonn go soiléir céard atá i gceist i ndáiríre ag Putin le ‘cosaint phobal Donbass’ – scrios iomlán an infreastruchtúir agus slógadh na bhfear ar fad in aghaidh a dtola agus iad á n-úsáid mar bhia gunnaí móra sula dtabharfar deis d’fhórsaí na Rúise gluaiseacht chun cinn. Cleas soiniciúil le cogadh a thosú san Eoraip.  

Tá an Rúis tar éis a fhógairt gurb é an phríomhaidhm atá aici leis an gcogadh seo Donetsk agus Luhansk ar fad a ‘shaoradh’. Ar ndóigh ní críonna an mhaise d’aon duine aon rud a deir oifigeach de chuid na Rúise a chreidiúint. 

Ach ar an láimh eile d’fhéadfaí a thuiscint uaidh gur admháil atá ann nach indéanta an sprioc a bhí acu – an Rialtas atá san Úcráin a chur dá bhoinn. Fiú má éiríonn leis an Rúis an réigiún ar fad a chur faoina smacht, is dearóil an todhchaí atá i ndán dó. Is cinnte go dtiocfaidh laghdú ar an daonra, beidh na láithreacha tionsclaíochta ar fad agus go leor de na tithe scriosta ag an gcogadh. 

Is beag infheistíocht a rinne an Rúis in Donetsk ó 2014, agus is mór é m’amhras go mbeadh an fonn uirthi ná an acmhainn aici (de bharr na smachtbhannaí) an réigiún a atógáil. Chuala mé ar maidin inniu (an 27 Márta) go raibh poblacht Luhansk ag smaoineamh ar reifreann a rith ar a dhul isteach leis an Rúis. Mar sin féin, de bharr na gcúiseanna a luaigh mé thuas, ní dóigh liomsa go dtarlóidh.

Doiléir go leor atá cúrsaí sa gcuid eile den Úcráin. Is cosúil gur éirigh le trúpaí na hÚcráine na Rúisigh a chur ó dhoras i gcúpla áit. Tá arm na Rúise 30 ciliméadar ó Kyiv i gcónaí, ach deir siad go bhfuil sé i gceist acu a ngníomhaíochtaí catha a laghdú go mór timpeall ar an bpríomhchathair. 

Is í fírinne an scéil nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Rúis an chathair sin a thimpeallú, ní áirím ionradh a dhéanamh uirthi (sin mura bhfuil Putin sásta cuid mhaith dá chuid fórsaí a chur i mbaol a mbasctha sna láithreacha dea-chosanta sin). Ní mór cuimhneamh go bhfuil na Rúisigh sách gar don chathair chun í a ionsaí le sliogáin. Chomh maith leis sin, tá dóthain diúracán ag an Rúis go fóill le seoladh as Kharkiv san oirthear go dtí Lviv in iarthar na tíre go Vinnytsia san iarthar láir (mar ar bhog mo dheartháir as Kyiv thart ar sheachtain ó shin).

Tá an-fhonn léirithe ag Úcránaigh a dtír a chosaint. Ní mór don Iarthar leanúint lena dtacaíocht, idir airm agus smachtbhannaí. Creidim go láidir nach é amháin gurb é an ceart tacú leis an Úcráin ó thaobh na moráltachta de, ach chomh maith leis sin gur chun leasa an Iarthair féin é, go háirithe tíortha beaga cosúil le hÉirinn agus an Ísiltír (mar a bhfuil cónaí ormsa faoi láthair.

Domhan ina bhféadann comharsa atá níos láidre ná thú clamhsán éigin a phiocadh, a fhógairt go bhfuil do thír ina cuid dhlisteanach dá ghnó agus ionsaí a dhéanamh ort, ní domhan é ar mhaith lenár bhformhór maireachtáil ann. 

Léitheoir de chuid Tuairisc agus foghlaimeoir Gaeilge as an Úcráin é údar an ailt seo. Tá sé ina chónaí san Ísiltír ó 2014 ach tá a mhuintir ag cur fúthu san Úcráin go fóill

Fág freagra ar 'Smionagar atá anois i Mariupol, áit a dtéinn chun na trá le mo sheantuismitheoirí'

  • Indrek Ois

    GRMA, a Yaroslav, as ucht muid a choinneáil ar an eolas. Tá súil agam go gclisfidh ar arm an ionsaitheora sula i bhfad agus go mbeidh orthu glacadh le sos cogaidh. Go maire tú féin, do mhuintir agus an Ucráin!

  • Fearn

    Tuairisc shuimiúil faoi do cheantar fhéin, a Earoslabh. Maith thú!