Tuairiscítear go bhfuil smacht glactha ag fórsaí scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu ar chuid mhór de chathair Lyman i réigiún Donetsk.
D’admhaigh gobharnóir réigiún Donetsk, Pavlo Kyrylenko, go raibh Lyman faoi smacht thrúpaí na Rúise “den chuid is mó”.
Tá fórsaí na Rúise ar a míle dícheall ag iarraidh cathracha Severodonetsk agus Lysychansk a ghabháil.
Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky go bhféadfadh nach mbeadh duine ná deoraí fágtha in Donbas nuair a bheadh ionsaí na Rúise thart.
D’iarr Zelensky ar an iarthar éirí as an méiseáil leis an Rúis agus smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis le tabhairt uirthi deireadh a chur leis an “cogadh gan chéill” seo. Dúirt sé go gcoinneodh a thír féin a neamhspleáchas ach gurb í an cheist cén praghas a bheadh le híoc aici féin agus ag an Rúis ar an neamhspleáchas sin.
Aodhán
Go ndéana Dia trócaire uirthi