Nuair a leag Cumann Lúthchleas Gael amach plean an árais a bhí fúthu a thógáil shocraigh siad go mba i bPáirc an Chrócaigh a bheadh an parlús acu. Dá mba inniu a bheadh an dearadh á dhéanamh tharlódh go bhfágfadh cúinsí nach amhlaidh a bheadh, ach sin scéal eile agus scéal thairis mar a tharlaíonn.
Ar fhaitíos go bhfuil cuid agaibh amuigh ansin a chaithfeas a dhul sa bhfoclóir mar nár chuala sibh an focal ariamh, tá sé chomh maith dom a mhíniú, go mba é an parlús an seomra ba ghalánta sa teach le linn dá leithéid a bheith sa bhfaisean.
Sa gcás go mbíodh drisiúr ann, bhíodh sin i bhfad níos galánta ná ceann na cistine. Ba ar a chuid seilfeanna a bhí na gréithe ab fhearr sa teach, cinn phoircealláin go minic. Bhí snas ar an sceanra a bhí sa tarraiceán agus má bhí cúpla gloine as a n-ólfaí deoch sa teach, ba in íochtar an drisiúir sin a bhí siad mar aon le haon éadach boird a tháinig as Meiriceá.
Bhíodh sáiltéar agus babhla an tsiúcra ann freisin, rud a theastódh an lá a dtiocfadh an sagart le hAifreann na Stáisiúin a cheiliúradh. Ní hamháin sin ach siad na ciúbanna beaga a bheadh sa mbabhla – sin an fáth ar baisteadh ‘siúcra an tsagairt’ orthu in áiteacha go leor.
Bhí an lá céanna ar cheann den bheagán laethanta a n-osclófaí doras an pharlúis, sin agus lá bainise nó sochraide. Mura mbeadh a leithéid siúd ann chuile sheans gur dúnta a d’fhanfadh sé ó cheann ceann na bliana.
Ba é an parlús an tseoid ba luachmhaire sa teach.
‘Bhí an uile ní go breá’ mar a deireadh Meáig nó gur thosaigh clann CLG ag tógáil iad féin. Ní hé chuile dhuine acu a bhí in acmhainn parlúis a thógáil – bhíodar sásta le hárais a bheadh in ann a raibh le déanamh a shásamh.
Ach bhí tuilleadh fós a chuir a súile thar a gcuid agus a raibh an claonadh iontu a dhul thar fóir. Le bheith féaráilte níorbh iad muirín CLG amháin a thosaigh ag déanamh iarracht cos a choinneáil leis na comharsana.
I ndeisceart na tíre a bhí cónaí ar dhuine acu. Thóg an té sin áras a chosain os cionn €100 milliún agus cé go bhfuarthas deontas a ghlan 30% de sin, tá an t-úinéir go muineál i bhfiacha go fóill.
Faoi mar a deineadh le parlús Bhóthar Mhic Sheoin (a thug isteach €17 milliún anuraidh as cead a thabhairt do cheoltóirí a dhul ag seinm ann) deineadh iarracht coirmeacha a mhealladh chun an deiscirt freisin ach ba bheag an mhaith sin.
Barr ar an mí-ádh b’éigean tabhairt arís faoi chuid den obair thógála a bhí déanta, rud a chuir tuilleadh méadú ar an gcostas.
Leis an bpian a laghdú thairg siopadóir síneadh láimhe ach cead a fháil a ainm féin a chrochadh ar dhoras an pharlúis. Ba dhóbair nár tharraing sin éirí amach – daoine spréachta go mbeadh ainm strainséara crochta in airde san áit a mbíodh ainm duine de na daoine ba mhó a shaothraigh ar son an theaghlaigh.
A oidhreacht siúd á caitheamh i dtraipisí ar mhaithe le hollchomhlacht a rinne brabús €100m anuraidh.
Ceist chasta í an ceann a bhaineann le parlúis CLG an lae inniu.
Léiríonn an chúis go bhfuil oiread sin ratha ar Bhóthair Mhic Sheoin go bhfuil an lá tagtha nach mór na doirse a oscailt go mion minic leis an aer agus leis an airgead a scaoileadh isteach sa bparlús. Léiríonn na figiúirí freisin gur ar éigean atá gá le níos mó ná aon pharlús amháin sa tír.
Ciall cheannaithe a insíonn sin dúinn, ciall a chosain airgead a caitheadh agus nach mbeidh íoctha ar ais go ceann scaithimh fhada.
Roimh theacht na cóivéide tógadh parlúis nach raibh baileach chomh mór ná chomh galánta leis an bparlús Cois Laoi. D’fhág ceann acu san Iarthar fiacha €8m ar na húinéirí, a chuaigh iad féin ar thóir dream a chrochadh a n-ainmneacha os cionn an dorais. Idir sin agus ar gheall Mom agus Dad Bhóthar Mhic Sheoin, cuireadh na caoirigh thar abhainn.
Inniu tá ainm Ardeaspaig agus ainm comhlacht árachais le taobh a chéile go socair, síochánta.
Feirm thalún cheannaigh duine eile den teaghlach a fuair amach ansin nach raibh oiread airgid acu agus a thógfadh tada. Tar éis dóibh é a ligean amach ar cíos, ní raibh acu ach é a dhíol ar chaillteanas damanta.
Ach tá teorainn leis an méid atá sa sparán is téagartha. Tá an scéal tagtha anuas ón mbarr nach marófar an lao biata a thuilleadh don mhac drabhlásach. Déan mar is acmhainn duit polasaí an lae inniu.
Agus má cheapann tú go bhfuil aon déirce le fáil ón Rialtas, sí mo chomhairle gan do litir a sheoladh chuig pé duine ansiúd a mheasann tú a thabharfadh cluas do d’achainí.
Choinneoinn amach ón Tánaiste faoi láthair.
Fág freagra ar '‘Siúcra an tsagairt’ do SuperValu i bparlús Chorcaí'