Sinn Féin is láidre i gcónaí i dTír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

Ag Sinn Féin a bhí na trí shuíochán i gcontaetha Thír Eoghain agus Fhear Manach. Níl aon choinne le haon mhórathrú i dTír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

Sinn Féin is láidre i gcónaí i dTír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

Órfhlaith Begley

Tír Eoghain Thiar

Bunaíodh an toghcheantar seo i 1995, agus cé go bhfuil móramh mór náisiúnach ann ba leis an UUP a bhí an lá sa chéad olltoghchán ina dhiaidh sin i 1997. Bhí bua drámatúil ag Sinn Fein in 2001 – mar a bhí sa toghcheantar béal dorais Fear Manach-Tír Eoghain Theas. Choinnigh Pat Doherty, Sinn Féin an suíocháin as sin go dtí gur éirigh sé as roimh olltoghchán 2017 nuair a tháinig Barra Mac Giolla Dhuibh i gcomharbacht air agus bua gan aon stró aige. Ní raibh bliain féin aigesean mar fheisire sula mb’éigean dó éirí as nuair a mhaslaigh sé íobartaigh an tsléachta ag Kingsmill le scigfhíseán seafóideach. Choinnigh Órfhlaith Begley, dlíodóir, an suíochán do Shinn Féin sa bhfothoghchán i mí Bealtaine 2018 le farasbarr beagnach 8,000 vóta ar Tom Buchanan DUP. Bhí Daniel McCrossan an SDLP sa tríú háit. Bhí 67% den phobal in éadan an Bhreatimeachta anseo agus sin í an cheist mhór sa toghcheantar cois teorann.

Na hIarrthóirí

*Órfhlaith Begley, Sinn Féin [ag cosaint a suíocháin]
Thomas Buchanan, DUP
Stephen Donnelly, Alliance
Susan Glass, Comhaontas Glas
James Hope, Aontú
Daniel McCrossan, SDLP
Andy McKane, UUP

66,804 atá ar chlár na vótóirí

Lár Uladh

Tá an suíochán seo i seilbh Shinn Féin ó bhí bua drámatúil ag Martin McGuinness ar Willie McCrea an DUP i 1997 le beagnach 2,000 d’fharasbarr. Mhéadaigh McGuinness a vóta go seasta ina dhiaidh sin. Nuair a d’éirigh sé as tháinig Francie Molloy i gcomharbacht air sa bhfothoghchán in 2013. Faoi thoghchán 2017 bhí sciar Molloy den vóta méadaithe go 54.5% aige agus é beagnach 13,000 vóta chun tosaigh ar Keith Buchanan an DUP.

Vótáil 60% in éadan an Bhreatimeachta sa reifreann agus tá súil ag Molloy le tacaíocht uathu sin. Deir sé go bhfuil lucht déantúsaíochta, agra-bhia agus feirmeoirí sa cheantar ar aon intinn leis go ndéanfadh an Breatimeacht dochar mór. Deir Keith Buchanan gurb iad seirbhísí sláinte agus oideachais agus easpa forbartha seachas an Breatimeacht atá ag dó na geirbe ag toghthóirí. Tá Denise Johnston an SDLP ag cáineadh neamhfhreastal Shinn Féin ar Westminster maille le tacaíocht an DUP don Bhreatimeacht in éadan mhianta an phobail. Mar sin féin chaithfeadh tubaiste tarlú le Molloy a chloí.

Na hiarrthóirí

Mel Boyle, Alliance
Keith Buchanan, DUP
Denise Johnston, SDLP
*Francie Molloy, Sinn Féin [ag cosaint a shuíocháin]
Conor Rafferty, Neamhspleách
Neil Richardson, UUP

71,664 atá ar chlár na vótóirí

Fág freagra ar 'Sinn Féin is láidre i gcónaí i dTír Eoghain Thiar agus Lár Uladh'