Síneadh cúig bliana á chur ag TG4 lena urraíocht ar Chraobhacha Pheil na mBan

Tiocfaidh deireadh leis an gcomhaontú nua in 2027, tráth a mbeidh 25 bliain caite ag TG4 mar phríomhurraitheoir ar Chraobhacha Pheil na mBan

Síneadh cúig bliana á chur ag TG4 lena urraíocht ar Chraobhacha Pheil na mBan

Tá síneadh cúig bliana fógartha ag TG4 le hurraíocht an stáisiúin ar Chraobh Idirchontae na hÉireann i bPeil na mBan. Mairfidh an socrú nua go dtí deireadh shéasúr na bliana 2027. 

Beidh an chomhpháirtíocht idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan ar bun le beagnach 30 bliain nuair a thiocfaidh deireadh leis an gconradh is deireanaí. Is sa bhliain 2000 a thosaigh TG4 ag déanamh urraíochta ar Chraobh Pheil na mBan agus tá an stáisiún Gaeilge ina phríomhurraitheoir ar an gcomórtas ó 2002.

Tá geallta ag TG4 go gcraolfar beo 13 de na cluichí ó chraobhacha na bliana seo le linn an samhraidh. Cuirfear tús leis an gclúdach Dé Sathairn an 11 Meitheamh nuair a chraolfar dhá chluiche as na babhtaí grúpa i gCraobh Shinsir na hÉireann TG4. 

Agus an comhaontú nua fógartha, dúirt Alan Esslemont go raibh an-dul chun cinn déanta ag an LGFA agus ag TG4 ó thosaigh siad ag obair le chéile breis is scór bliain ó shin.

“In 2000, measadh gur nithe iad Peil na mBan agus an Ghaeilge araon nach raibh mórán spéise ag daoine in Éirinn iontu. Trí sheasamh le chéile inár gcomhpháirtithe le breis is 20 bliain, tá éirithe le LGFA agus TG4 rath agus stádas náisiúnta den scoth a bhaint amach, ag cur athrú ar an dearcadh sochaíoch sin,” a dúirt Esslemont. 

“Mar sin féin, tá go leor oibre fós le déanamh,” a dúirt sé. 

Dúirt Esslemont go léiríonn an comhaontú cúig bliana seo idir TG4 agus LGFA an “díocas” atá ar an dá eagraíocht “cothroime níos fearr a bhaint amach”.   

Dúirt sé gur theastaigh ó TG4 go dtabharfadh an Rialtas aghaidh ar mhaoiniú an stáisiúin ionas go mbainfí an chothroime sin amach.

Déanfaidh Cumann Pheil na mBan ceiliúradh ar chaoga bliain a bhunaithe in 2024 agus dúirt Esslemont go léireodh TG4 “cuimse de chláracha ardchaighdeáin” chun an ócáid sin a cheiliúradh.

Dúirt Michael Naughton, Uachtarán Chumann Pheil na mBan, go raibh “dúthracht agus díograis” i leith Pheil na mBan léirithe ag TG4 ó thosaigh an stáisiún ag obair leis an gcumann.

Fág freagra ar 'Síneadh cúig bliana á chur ag TG4 lena urraíocht ar Chraobhacha Pheil na mBan'