Shílfeá go gcognódh sí an leathstoca as Penneys a thug mé di

Idir Pharlaimint na nÉan agus Mhargadh an Ghadhair is léir go bhfuil réimeas nua ar chúl an tí

Shílfeá go gcognódh sí an leathstoca as Penneys a thug mé di

Maidin Dé Domhnaigh bhí lon dubh ar an bhfoscadh faoin mbord sa gcistineach, is snag breac ag gobaireacht uirthi isteach ó bharr an chlaí ar chúl an tí.

Tháinig an Bheainín aníos ón gcistineach is dúirt sí liom go raibh t-éan istigh. An faitíos a bhí uirthi ná go n-ionsódh an gadhar an t-éan is go mbeadh sé ina mharú sa gcistineach.

Chuir Lilí, Banríon an Tí, feachtas mór bolscaireachta ar bun nuair a tháinig sí anseo ar dtús. B’fhéidir gurb é go raibh an lon dubh imithe in áit éicint eile ag radaireacht ag tús an earraigh is nár chuala sé Lilí ag fógairt a tiarnas ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir agus ar na péisteanna a shníonn ar an talamh ar chúl an tí.

Is mór an t-ionadh nach raibh a fhios ag lon dubh na cistine go raibh gadhar ruiséalach beag istigh sa teach roimhe.

Níl aon amhras ach go raibh an feachtas feicthe is cloiste ag pobal na snag breac. Feicim go bhfuil teachtaire ó pharlaimint na n-éan á sheoladh go dtí an claí ar chúl an tí gach lá ag léirsiú in aghaidh na réime nua. ‘Crrc crrc wuc wuc crrc wucccrrrr!’ a gháir chogaidh ghlórach.

Seans gur ag iarraidh éalú ón snag breac a bhí an lon dubh nuair a tháinig sé isteach sa gcistin. Cé acu is measa duit agus tú i do lon dubh, an snag breac nó an gadhar? (Is gadhar beag atá inti agus bhí an snag breac sách mór.) Is dóigh gur cheap lon dubh na cistine gurbh fhearr an seans a bhí aige leis  an ngadhar.

Chuaigh mé síos go bhfeicfinn an raibh aon bhaol go bhféadfadh muid an lon dubh a mhealladh amach arís. Ní raibh aon chall dúinn aon imní a bheith orainn faoi, óir ní raibh aon suim ag Lilí ann ar chor ar bith.

Bhí sí thall ar an taobh eile den chistineach, teanntaithe isteach lena cliabhán agus í ag cogaint go sásta ar phéire stocaí peile a raibh sé sách deacair iad a fháil is a bhí sách daor.

‘Nach maith tráthúil gurb iad sin atá agat, a Lilí!’ a d’fhógair mé uirthi agus thosaigh ag siúl ina treo ag iarraidh na stocaí a bhaint di.

Thuig sí go maith cén aidhm a bhí agam agus rug greim daingean ina clab ar na stocaí is rith isteach sa gcliabhán leo. Is ionann iad a thabhairt isteach sa gcliabhán i gcumarsáid na ngadhar agus a rá ‘Is liomsa anois iad’.

Chas sí a droim liom is lean uirthi ag cogaint na stocaí daora arís.

‘Shílfeá go gcognófá an leathstoca as Penneys a thug mé duit!a dúirt mé léi.

‘Ní thuigeann sí thú Mamaí,’ a shoiléirigh an Bheainín dom.

‘Mura dtuigeann, nach maith gur thuig sí go raibh mé á n-iarraidh sin ar ais uaithi,’ a dúirt mé.

‘Caithfidh tú rud eicínt maith a thabhairt di ina n-áit, píosa sicín nó bagúin,’ a deir sí ag míniú margadh babhtála nua an tí dom.

Fág freagra ar 'Shílfeá go gcognódh sí an leathstoca as Penneys a thug mé di'