Seo bróga a bhí á gcaitheamh ag daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí…

Tá an taispeántas ‘In Their Footsteps’  ar bun mar chuid den fheachtas le brú a chur ar rialtas na Breataine próiseas a chur ar bun a thabharfadh ceart agus cóir do ghaolta íobartaigh na dTrioblóidí

Seo bróga a bhí á gcaitheamh ag daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí…

Bróga Joan Connolly

Ba thruamhéalach tochtmhar an radharc é. Corradh le céad péire bróg a bhí á gcaitheamh nuair a maraíodh lucht a gcaite le linn na dTrioblóidí ó thuaidh.

Tá an taispeántas ‘In Their Footsteps’  ar bun mar chuid den fheachtas le brú a chur ar rialtas na Breataine próiseas a chur i bhfeidhm a rachadh i ngleic leis na dúnmharuithe nár ciontaíodh aon duine iontu agus a bhfuil gaolta na n-íobartach gan aon eolas go fóill fúthu.  Tá cuid de na daoine sin ag fanacht le dhá scór bliain agus níos mó.

I nDoire a tháinig an smaoineamh chun cinn sa chéad dul síos.

Bróga Patrick Magee

Tháinig sé as an gcomóradh a bhí ar siúl cothrom an lae ar foilsíodh tuairisc Saville faoi Dhomhnach na Fola, agus, ó shin i leith, tá aitheantas á thabhairt ag an taispeántas do ghrúpaí eile íobartach atá ag iarraidh ceart agus cóir dá ngaolta. I measc na ngaolta sin táid siúd a maraíodh i mbuamáil theach tábhairne McGurk i 1971; i sléacht Bhaile Átha Cliath; i Loch an Oileáin; i mbuamáil theach tábhairne Uí Cheallaigh; agus i sléacht Springhill. Tugtar aitheantas sa taispeántas chomh maith dóibh siúd a  mharaigh an Military Reaction Force (MRF), baill UVF Mount Vernon agus drong Ghleann Anna (Glenanne) chomh maith le híobartaigh na mbuamaí i mBaile Átha Cliath, Muineachán, Dún Dealgan agus Baile na Lorgan.

Bróga leathair, bróga reatha, sála arda, bróga páistí agus gan aon bhróga Gucci ina measc, coisbhearta a chaitheadh daoine nach mbíodh cuid mhór de mhaoin an tsaoil acu.

Le linn an taispeántais i Halla an Línéadaigh an tseachtain seo, labhair baill teaghlaigh na ndaoine a maraíodh le piléir, idir luaidhe agus phlaisteach, agus i mbuamaí. Maraíodh iad agus iad i gcarranna, ar an tsráid, i dtithe tábhairne. Maraíodh iad agus iad ina suí sa mbaile nó iad amuigh ag iarraidh teacht ar a gcuid páistí i lár círéibe.

Bróga Emma Donnelly

Ba léir go raibh an phian go domhain sna gaolta, iad cráite go fóill.

Labhair bean Paul Moran faoi bhrionglóidí a bhíonn aici ina mbíonn sí i gcuideachta Paul arís, cé gur maraíodh é ar a bhealach chun a chuid oibre ar an 30 Eanáir 1992.

Labhair duine de mhuintir Donnelly faoin chailín 13 bliana d’aois a bhí i gcarr a Daideo agus é ag tiomáint ar ais ón bingo nuair a phléasc buama de chuid an IRA a mharaigh an bheirt acu.

Bróga Bernadette (Breda) Grace

Labhair bean de mhuintir Teggart as Baile Uí Mhurchú i mBéal Feirste faoi mar a mharaigh Paratrúpaí a hathair. D’inis sí dó an mhaidin sin go raibh sí ag iompar clainne. An oíche sin, b’éigean di a chorp a aithint. An  bhliain ina dhiaidh sin arís, mharaigh an IRA a deartháir. D’fhan sí 36 bliain sula bhfuair sí leithscéal ón IRA as dúnmharú a dearthár, Bernard, ach tá sí ag fanacht go fóill ar leithscéal ó Arm na Breataine.

Ba iad an Pat Finucane Centre a d’eagraigh an taispeántas i gcomhar leis an Bloody Sunday Trust, Justice for the Forgotten (a phléann le híobartaigh na mbuamaí ó dheas) agus eagraíochtaí eile.

Is togra tochtmhar, mothúchánach é seo a léiríonn a thragóidí is a bhí na Trioblóidí agus an phráinn atá le próiseas a sholáthróidh ceart agus cóir do na gaolta.

Bróga Marian Bowen

Fág freagra ar 'Seo bróga a bhí á gcaitheamh ag daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí…'