Seirbhísí ón stát ‘ríthábhachtach’ chun go mbeadh an Ghaeilge ina ‘gnáthchuid den saol’ – An Taoiseach

Tá geallta ag an Taoiseach go ndéanfar ardú 10-12% ar chiste na Gaeilge sa chéad bhuiséad eile

Seirbhísí ón stát ‘ríthábhachtach’ chun go mbeadh an Ghaeilge ina ‘gnáthchuid den saol’ – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé “an-tábhachtach” go gcuirfeadh eagrais rialtais seirbhísí poiblí a ar fáil i nGaeilge má táthar le cur le líon na ndeiseanna a bhíonn ag daoine Gaeilge a labhairt mar ghnáthchuid den saol.

Dúirt an Taoiseach an méid sin tráthnóna inné sa Dáil, mar ar gheall sé go ndéanfar ardú 10-12% ar chiste na Gaeilge sa chéad bhuiséad eile agus go bhféachfaí arís ar scéimeanna tacaíochta a thabhairt ar ais le cur leis an soláthar múinteoirí Gaeilge.

Dúirt Varadkar go gcaithfí tuilleadh deiseanna a sholáthar do dhaoine ó thaobh labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil.

“Sin an fáth go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfeadh eagrais rialtais seirbhísí ar fáil sa teanga,” a dúirt Leo Varadkar.

Cheistigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin an Taoiseach faoin mbuiséad a cuireadh ar fáil don Ghaeilge in 2019, buiséad a raibh “an-díomá” ar Chonradh na Gaeilge agus “muintir na Gaeltachta” faoi.

D’fhiafraigh Martin den Taoiseach chomh maith cén plean a bhí ag an rialtas chun déileáil leis an easpa múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus lán-Ghaeilge.

D’fhiafraigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou MacDonald den Taoiseach cathain a chuirfeadh a Roinn tuarascáil ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus cathain a d’fhoilseofaí an reachtaíocht atá geallta le fada chun láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Níor thagair an Taoiseach don dá cheist sin ina fhreagra.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh go raibh Roinn an Taosigh féin i measc na ranna nach raibh aon oifigeach Gaeilge acu agus na ranna  a mhaíonn gur “ar bhonn deonach” a chuireann siad seirbhís Ghaeilge ar fáil.

Níor earcaíodh anuraidh sa státseirbhís go léir ach beirt nua chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Mar oifigigh chléireachais a earcaíodh an bheirt, an bunghrád sa státseirbhís.

31 duine a earcaíodh sa státseirbhís anuraidh toisc go raibh Gaeilge agus Béarla acu.

Fág freagra ar 'Seirbhísí ón stát ‘ríthábhachtach’ chun go mbeadh an Ghaeilge ina ‘gnáthchuid den saol’ – An Taoiseach'

  • Laghdú ar chiste na Gaeltachta

    Ní thugann an frása ” ardú ar chiste na Gaeilge” mórán dóchais don Ghaeltacht. Tá todhchaí na Gaeilge mar theanga beo ag braith den cuid is mó ar na Gaeltachtaí.
    Tá laghdú ar bhuiséad an Údaráis agus níos lú á chaitheamh per capita ag an Stát ar fhorbairt geilleagrach sna Gaeltachtaí ná sa cuid eile den tír.
    Ní mór sin a chur a a shúile don Taoiseach agus iarraidh air an éagóir sin a leigheas agus ciste an Údaráis a mhéadú go leibhéal a bheadh cothrom leis an cuid eile den tír.