Níl oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag aon roinn rialtais

De réir eolais nua níl aon oifigeach Gaeilge ar chor ar bith ag 11 roinn rialtais agus oifigigh Ghaeilge a bhfuil dualgais eile chomh maith orthu atá sa chúig roinn eile

Níl oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag aon roinn rialtais

Níl oifigeach Gaeilge lánaimseartha fostaithe ag an aon cheann den 16 roinn rialtais agus níl aon oifigeach Gaeilge ar chor bith ag 11 roinn díobh sin.

De réir eolais nua, níl oiread agus duine amháin ceaptha in aon roinn rialtais atá ag obair mar oifigeach Gaeilge amháin.

Tá oifigigh Ghaeilge a bhfuil cúraimí eile chomh maith le cúram na teanga orthu i gcúig roinn rialtais – An Roinn Airgeadais, An Roinn Gnóthaí Eachtracha, An Roinn Sláinte, An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

De réir an eolais seo, a fuair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Andrias Moynihan, níl aon oifigeach Gaeilge ar chor ar bith ag an 11 roinn eile, nó 69% de na ranna stáit.

Dúirt formhór na nAirí a chuir an t-eolas sin ar fáil nach raibh aon chúram ag a ranna le hoifigeach Gaeilge.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe, atá freagrach as polasaí earcaíochta an Stáit i dtaobh na Gaeilge, nach raibh aon oifigeach Gaeilge sa roinn sin agus nach raibh aon phost sa roinn ar chor ar bith a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Dúirt Donohoe nach mbíonn mórán plé díreach ag an roinn leis an an bpobal.

“Soláthraíonn an Roinn seirbhísí go príomha trí Bhéarla, agus cuirtear seirbhísí teoranta ar fáil sa dá theanga.

“Mar thoradh, níl aon ról a aithníodh go bhfuil líofacht sa Ghaeilge mar bhunriachtanas [leis]. Coinníonn mo Roinn liosta don fhoireann atá líofa sa Ghaeilge agus a cabhraíonn le seirbhísí a sholáthar más gá,” a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Dúirt Donohoe go raibh sé geallta i scéim teanga na Roinne don tréimhse amach romhainn go bhfostófaí oifigeach Gaeilge.

Níl aon oifigeach Gaeilge ná aon phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ach oiread.

“Níl aon poist [sic] sa Roinn agus baint riachtanach [sic] ag an nGaeilge leis,” a dúirt an tAire Michael Ring.

Mhaígh an tAire Oideachais Richard Bruton go bhfuil dóthain baill foirne a bhfuil Gaeilge acu ina roinn, ag áireamh “oifigigh riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mheán na Gaeilge” agus nár theasataigh aon oifigeach Gaeilge “faoi láthair”.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charles Flanagan nach raibh ach post amháin ina roinn a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis, post an phríomhaistritheora, ach go raibh 45 duine eile sa Roinn a d’fhéadfadh déileáil le fiosruithe i nGaeilge.

Thug an tAire Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta Heather Humphreys le fios nach raibh riachtanas Gaeilge ag baint le post duine ar bith den 898 duine atá fostaithe ag a roinn.

“Toisc go bhfuil éileamh íseal ar sheirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge i mo Roinn, níl postanna daingnithe nó aitheanta ina mbeidh gá le Gaeilge mar riachtanas,” a dúirt Heather Humphreys.

Dúirt sí go raibh cúigear fostaithe sa Roinn ar cainteoirí líofa Gaeilge iad.

Níl aon oifigeach Gaeilge ach oiread ag an Roinn Talmhaíochta agus Mara, mar a bhfuil sé phost aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas ó thaobh líofacht sa Ghaeilge ag baint leo.

Dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Katherine Zappone nach raibh aon oifigeach Gaeilge ina roinn ach go raibh beirt oifigeach ann a tháinig ón sruth Gaeilge i gcomórtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

“Cuireann an bheirt acu seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ach tá dualgaisí breise acu chomh maith,” a dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Ar na ranna eile nach bhfuil aon oifigeach Gaeilge acu, tá an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

“Níl Oifigeach Gaeilge ceaptha ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Tá freagracht, áfach, ar an Aonad Pleanála Corparáidí as faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiúchán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Scéim Teanga na Roinne 2015-2018,” a dúirt an tAire Regina Doherty.

Mhaígh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy nach raibh aon ghá ag a roinn siúd le hoifigeach Gaeilge.

“Tá sé arna chinneadh nach bhfuil poist sórt sin [sic] ag teastáil sa Roinn, faoi láthair, agus mar sin níor earcaigh an Roinn Oifigeach Gaeilge ar leith,” a dúirt Murphy sa bhfreagra scríofa Dála a tugadh ar cheist Aindrias Moynihan.

Dúirt Murphy go leanfadh a Roinn “ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil”.

Dúirt an tAire Stáit Cosanta Paul Kehoe, atá lonnaithe i Roinn an Taoisigh, gurar bhonn deonach” a chuireann an roinn sin seirbhísí Gaeilge ar fáil don phobal, nach mbíonn mórán plé ag an roinn leis an bpobal agus nach bhfuil oifigeach Gaeilge ag teastáil uathu dá bharr.

Níl aon oifigeach Gaeilge fostaithe ach oiread sa Roinn Gnóthaí Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

“Cé nach bhfuil Oifigeach Gaeilge ceaptha ag mo Roinn, tá dualgas maoirseoireachta ar fheidhmiú Scéim na Gaeilge ar Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin san Aonad um Rialachas Corparáideach faoi láthair atá in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge,” a dúirt an tAire Gnóthaí Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan.

Fág freagra ar 'Níl oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag aon roinn rialtais'