Beirt a earcaíodh chuig poist le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís go léir in 2018

Tá roinnt airí rialtais ag maíomh nach bhfuil oiread agus post amháin aitheanta ina ranna mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis, agus is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí á gcur ar fáil i nGaeilge ag go leor ranna stáit

Beirt a earcaíodh chuig poist le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís go léir in 2018

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Níor earcaíodh i mbliana sa státseirbhís go léir ach beirt nua chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Mar oifigigh chléireachais a earcaíodh an bheirt, an bunghrád sa státseirbhís. Go dtí seo i mbliana, níor earcaíodh aon duine go dtí aon phost a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leis ag aon ghrád níos airde ná sin. 31 duine a earcaíodh sa státseirbhís anuraidh toisc go raibh Gaeilge agus Béarla acu.

Grád 2017 2018 Iomlán
OC 20 2 22
OF 4 0 4
OR 4 0 4
Ard-OF 1 0 1
PC 2 0 2
Iomlán 31 2 33

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a d’eagraigh an comórtas earcaíochta d’oifigigh chléireachais a raibh sruth Gaeilge ann agus an 11 Meán Fómhair an dáta deiridh le haghaidh iarratas a bhí luaite leis.De réir figiúirí nua,  a tugadh mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhainna Fáil, Éamon Ó Cuív, 259 duine a chuir isteach ar chomórtas earcaíochta sa státseirbhís do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, i gcomparáid le 14,000 duine a chuir isteach ar an ngnáthchomórtas nach raibh ach riachtanas Béarla luaite leis.

Idir an dá linn, tá roinnt airí rialtais ag maíomh nach bhfuil oiread agus post amháin aitheanta ina ranna mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis agus is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí á gcur ar fáil i nGaeilge ag go leor ranna stáit.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohue sa Dáil nach raibh “aon dualgas ar bhaill foirne An Roinn Airgeadais seirbhísí a cur ar fáil trí mheán na Gaeilge”.

Dúirt Donohoe go raibh cúigear ball foirne ina Roinn “tar éis a chuid seirbhísí a thairg” sa chás go mbeadh seirbhísí i nGaeilge á lorg.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur sainaithníodh post ‘Gaeilge’ amháin ina roinn cheana ach nach raibh “aon fholúntais ar fáil faoi láthair maidir le poist ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil”.

Dúirt Harris go raibh “rún daingean” ag a Roinn “a chinntiú gur féidir freastal a mhéid is féidir ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge”.

Dúirt an tAire Tithíochta Eoghan Murphy gur deineadh scrúdú ar líon na bpost ina Roinn siúd “a éilíonn go sonrach inniúlacht in araon Gaeilge agus i mBéarla” mar chuid de Phlean Forbartha na Roinne 2017-2019.

“Bhí sé cinnte nach raibh aon phoist shonracha den sórt sin ann sa Roinn, ag an am sin. Coinneoimid, áfach, an cás faoi léirmheas agus tá Pleanáil Fórsa Oibre don trí bliana atá romhainn faoi láthair,” a dúirt an tAire Tithíochta Eoghan Murphy.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 29 post den 19,795 post a bhí sa státseirbhís aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

De réir na hanailíse ar fhigiúirí a bhain le 17 roinn rialtais, ní raibh ach 0.15%, nó níos lú ná an cúigiú cuid d’aon faoin gcéad, de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

Fág freagra ar 'Beirt a earcaíodh chuig poist le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís go léir in 2018'

  • Pól Ó Braoin

    Níor chuir sin ionadh ar bith orm agus mé ag cuimhneamh ar na ‘díospóireachtaí’ uachtaránachta le gairid…
    neamart in aon turas ar an gcultúr gaelach atá agus a bhí á thaispeáint leis na blianta ón mbarr anuas…
    Mar adeir an tUasal Ó Cofaigh faoi ábhar amháin atá bainteach leis seo in alt eile… is beag cuidiú a thiocfas ó na hÉireannaigh…

  • Máiread

    Tá seirbhis maith Gaeilge ag Revenue ar an fon ach maidir le na Roinn eile de gnath i ndeire an lae is as Bearla an seirbhis tareis bheith ag fanacht ar seirbhis as Gaeilge le tamall fada.