Séasúr fíor-iomaíoch a bhí againn ach éacht eile déanta ag Luimneach

Sa dara cuid dá shúil siar ar chraobh iomána na bliana, caitheann ár gcolúnaí súil ar chluiche ceannais Laighean agus na babhtaí díbeartha i gCraobh na hÉireann

Séasúr fíor-iomaíoch a bhí againn ach éacht eile déanta ag Luimneach

An deireadh seachtaine seo, táim ag leanúint ar aghaidh le súil a chaitheamh siar ar shéasúr sinsir iomána na bliana. An Satharn seo caite, bhíomar tagtha chuig cluichí ceannais na gcúigí agus na foirne céanna a ghlac páirt i gcluichí ceannais na bliana seo caite páirteach arís i mbliana.

Mar a luaigh mé an uair dheireanach, bhí an t-ádh ar Luimneach an cluiche in aghaidh an Chláir a bhuachan nuair ba cheart poc saor a bheith bronnta ar an gClár ag deireadh na himeartha chun deis a thabhairt dóibh na foirne a thabhairt ar ais ar comhscór. Ar an drochuair d’imreoirí agus lucht tacaíochta an Chláir, níor chinn an Gaillimheach Liam Gordon an poc saor a bhronnadh agus d’fhan an scór ag 1-23 in aghaidh 1-22 i bhfabhar Luimnigh.

D’fhág sin gur bhuaigh Luimneach a gcúigiú craobh as a chéile sa Mhumhain agus a gceathrú ceann is fiche ar fad.

I gcúige Laighean, níor cuireadh iontas ar mhórán gurbh iad Cill Chainnigh agus Gaillimh a bhain áit amach sa chluiche ceannais ach ní shin le rá nár chonacthas aon toradh gan choinne roimhe sin. An ceann is mó a tháinig aniar aduaidh ar dhaoine is dócha ná bua na hIarmhí ar Loch Garman. Bhí an Iarmhí seacht gcúilín déag chun deiridh ag tráth amháin sa chluiche sin ach thángadar ar ais chun ceann de na buanna is mó i stair iomána na hIarmhí a bhaint amach agus ceann de na cailliúintí is measa a buaileadh ar Loch Garman.

Léirigh na Carmannaigh teacht aniar sa bhabhta deireanach sa ghrúpa áfach nuair a chuireadar fáilte roimh Chill Chainnigh chuig Loch Garman agus d’éirigh leo bua iontach a bhaint amach nuair ba ghá chun a chinntiú nach mbeidís dícháilithe ón gcraobh shinsir.

Mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, tráthnóna iontach suimiúil a bhí againn sna craobhacha cúige an lá sin ach bhí na cluichí ceannais chomh spleodrach céanna.

Mar a bhí ag deireadh an chluiche idir Luimneach agus Corcaigh, bhí eachtra dhrámatúil againn ag críoch an chluiche ceannais idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i gcúige Laighean. Agus na cúig nóiméad d’am cúitimh ag deireadh na coimhlinte caite, bhí na Gaillimhigh dhá chúilín chun tosaigh ach na Cait fós ag dul ar an ionsaí. Agus scata mór imreoirí thiar os comhair chúl na Gaillimhe, bhí deis ag Pádraic Mannion an sliotar a ghlanadh amach i dtreo na taobhlíne ach cad a rinne an cúlaí ábalta ach speach a thabhairt don liathróid agus í a bhualadh díreach chuig ionadaí Chill Chainnigh Cillian Buckley, a chuaigh ar ruathar agus a bháigh an sliotar in eangach na Gaillimhe. B’in deireadh an chluiche agus corn eile crochta leo ag na Cait.

Sna réamhchluichí ceathrú ceannais, thug Tiobraid Árann léasadh d’Uíbh Fhailí agus bhuaigh Áth Cliath ar Cheatharlach ach díbríodh an dá fhoireann ón gcraobh an tseachtain dár gcionn agus léasadh eile tugtha ag contae an Chláir d’fhir na hardchathrach agus deireadh curtha ag Gaillimh le séasúr na dTiobraid Árannach.

Oíche bhreá samhraidh, fuair Luimneach an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais amháin agus sheas Cill Chainnigh an fód i gcoinne an Chláir an tráthnóna dár gcionn.

Lá ceobhránach i dtreo dheireadh mhí Iúil a bhí cluiche ceannais na hÉireann agus Luimneach arís mar rogha láidir na coitiantachta. Thosaigh Cill Chainnigh go tréan, áfach, agus bhíodar fós sa choimhlint ag leath ama. Deich nóiméad isteach sa dara leath, rug Luimneach greim scrogaill ar an gcluiche agus leis an bhfathach Diarmuid Byrnes sa líne leathchúil agus Peter Casey ag aimsiú na bpointí, bhíodar go mór in uachtar san am a bhí fágtha.

Agus Declan Hannon gortaithe, ba é Cian Lynch captaen Luimnigh an lá sin agus bhailigh an bheirt Corn Mhic Cárthaigh, an ceathrú craobh as a chéile buaite ag Luimneach, gaisce nach raibh déanta ach ag Corcaigh agus Cill Chainnigh go dtí sin.

Fágann sin go bhfuil dhá cheann déag de chluichí ceannais imeartha ag Luimneach le linn ré John Kiely agus gan ceann ar bith caillte acu. Éacht eile ag Luimneach le deireadh a chur le séasúr iomána a bhí fíor-iomaíoch agus fíorspéisiúil.

Fág freagra ar 'Séasúr fíor-iomaíoch a bhí againn ach éacht eile déanta ag Luimneach'