Is go malltriallach atá na babhtaí leathcheannais bainte amach ag foireann sacair Shasana ag EURO 2024 ach tá deis iontach anois ag imreoirí Gareth Southgate cluiche ceannais a bhaint amach agus iarracht eile a thabhairt ar dheireadh a chur leis an ngorta a mhaireann ó 1966.
Cé gur thug Sasana taispeántas eile a bhí leamh go maith i gcoinne na hEilvéise sa bhabhta deireanach, beidh na himreoirí tar éis an-spreagadh a fháil ó tharla gur éirigh leo sna ciceanna éirice agus déanfar dearmad ar chuid de na botúin a rinneadh roimhe sin.
Bhí na hEilvéisigh céim chun tosaigh ar na foirne a bhí imeartha ag Sasana roimhe sin sa Ghearmáin agus tá an Ísiltír ag imirt ag céim níos airde fós. Ach ní bheidh aon róbhuairt ag cur as do Shasana, fiú agus an cluiche deireanach idir na foirne, in 2019, buaite 3-1 ag an Ísiltír.
Thosaigh Gareth Southgate le cúigear cosantóirí i gcoinne na hEilvéise agus Bakayo Saka agus Kieran Trippier ag imirt ar na cliatháin. Ceann de na cúiseanna a bhí leis an athrú ná chun cabhair a thabhairt d’Ezri Konsa, a bhí tagtha isteach i lár na cosanta in áit Marc Guehi. Cé go bhfuil fáil ar Guehi arís agus an rogha ag Southgate filleadh ar chóras an cheathrar cosantóirí, seans go bhfanfaidh sé leis an gcúigear i measc na gcúlaithe. Bhí imirt Shasana sa chéad leath i gcoinne na hEilvéise beagáinín níos fearr ná mar a bhí go dtí seo sa chomórtas agus cé gur thit an caighdeán sa dara leath, seans go mbeidh Southgate sásta go maith leis an méid a chonaic sé sa chéad 45 nóiméad sin.
Beidh cinneadh le déanamh aige an bhfuil sé chun Saka a imirt mar chúlaí cliatháin arís nó an bhfuil sé chun é a bhogadh chun cinn, Kieran Trippier a chur ar thaobh na láimhe deise agus Luke Shaw, a d’imir nach mór 45 nóiméad i gcoinne na hEilvéise sa chéad chluiche aige sa chomórtas go dtí seo, a imirt ar an gcliathán clé.
Thabharfadh cúigear cúlaithe cosaint níos fearr do Shasana i gcoinne na hÍsiltíre chomh maith, foireann atá ag dul i bhfeabhas de réir mar atá an comórtas ag dul ar aghaidh. Bhi na hÍsiltírigh faoi bhrú ag pointí áirithe i gcoinne na Tuirce Dé Sathairn seo caite ach d’éirigh leo na cosa a thabhairt leo le bua 2-1.
Cé go n-imríonn Denzel Dumfries ar thaobh na láimhe deise den chosaint, bíonn sé ag dul ar an ionsaí seasta agus é ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do Cody Gakpo, Memphis Depay agus Xavi Simons. Thosaigh Steven Bergwijn an dá chluiche ag an Ísiltír sna babhtaí díbeartha go dtí seo ach baineadh amach é ag leath ama sa phéire acu agus beidh le feiceáil an gcoinneoidh Ronald Koeman leis nó an gcuirfidh sé isteach Donyell Malen ar an gcliathán ón tús nó an athróidh sé rudaí timpeall beagáinín chun ról lárnach a thabhairt do Wout Weghorst.
Bhí tionchar nach beag ar chúrsaí ag Weghorst nuair a tugadh isteach é sna cluichí go dtí seo agus chruthódh sé deacrachtaí do Shasana. Ba é Harry Maguire an cosantóir is mó ag Sasana a bheadh in ann ag neart Weghorst ach níl sé sa scuad agus is cinnte go bhfeicfear an tosach mór ag pointe éigin, más ón tús a bheidh sé ag imirt nó ag teacht isteach mar ionadaí.
Bhí am breise ag teastáil sa dá chluiche go dtí seo ag Sasana sna babhtaí díbeartha agus d’fhéadfadh go mbeadh an cás amhlaidh sa cheann seo. Ábhar iontais a bheadh ann dá mbeadh níos mó ná an t-aon chúl amháin idir na foirne ar deireadh. D’fhéadfadh nach mbeadh deireadh le haistear spadánta Shasana go fóill.
Fág freagra ar 'Seans nach bhfuil deireadh le haistear spadánta Shasana go fóill'