Seo chugainn an corn domhanda sacair is mó riamh agus 48 foireann agus 1,248 imreoir ag fáil réidh don 104 cluiche a bheidh againn sula mbronnfar an corn ar an 19 Iúil.
Agus cúig chluiche le himirt laethanta áirithe agus go leor díobh i lár na hoíche, bheadh sé deacair fiú ag an té is díomhaoine súil a choinneáil ar gach rud. Fág againn é mar sin chun leideanna a thabhairt maidir le céard iad na cluichí agus cé hiad na himreoirí gur cheart fanacht i do shuí ag faire orthu.
Seo chugaibh ár roghanna idir seo agus Dé Máirt, nuair a bheidh muid ar ais arís le colún eile.
Imreoirí le súil a choinneáil orthu
Yan Diomande (An Cósta Eabhair)
Tá Yan Diomande ar dhuine de na himreoirí óga is mó a bhfuil caint faoi roimh thús Chorn an Domhain agus meastar nach mbeidh sé fós ag imirt le RB Leipzig faoin am go dtosóidh an séasúr nua. Tá coisíocht den scoth ag an bhfear 19 bliain d’aois agus, mar a léirigh sé sa Bundesliga, ní hamháin go bhfuil sé in ann cúil a chruthú, tá sé in ann iad a scóráil chomh maith.
Can Uzun (An Tuirc)
Bhí Arda Güler ar dhuine de réalta óga na Euros cúpla bliain ó shin agus é imithe ó neart go neart le Real Madrid ó shin. Meastar gurb é Can Uzun an chéad ógánach eile a thiocfaidh chun cinn i bhfoireann na Tuirce. Chuir sé tús iontach leis an séasúr do Eintracht Frankfurt sa nGearmáin ach bhí sé leonta tamall maith i rith an gheimhridh. Fear maith chun deis a chruthú agus beidh sé ag súil go bhfaighidh sé a sheans.
Gessime Yassine (Maracó)
Cosúil le go leor d’fhoireann Mharacó, is sa bhFrainc a rugadh Gessime Yassine ach chinn sé imirt do thír a mhuintire agus is iad atá buíoch. Bhí Yassine ag imirt i Ligue 2 ag tús an tséasúir go dtí gur cheannaigh Strasbourg é mí Eanáir agus bhí sé ar a chompord sa bpríomhroinn. Imreoir tapa, sciliúil, bhí sé ar an bhfoireann ó Mharacó a bhuaigh Craobh Faoi 20 an Domhain anuraidh.
Rogha cluichí Tuairisc
An Bhrasaíl v Maracó – Dé Sathairn, 23:00
Táthar ann a deir nach dtosaíonn Corn an Domhain i gceart go dtí go dtéann an Bhrasaíl chun páirce agus oíche Dé Sathairn a bheidh ár gcéad deis againn súil a chaitheamh ar A seleção. Is iad na Brasaíligh boic mhóra an chomórtais seo go stairiúil ach níl Corn an Domhain buaite acu ach uair amháin ó bhí sé i Meiriceá go deireanach breis is 30 bliain ó shin agus is sna babhtaí ceathrú ceannais a chliseadar ceithre huaire sa gcúig chomórtas a imríodh ó 2002.
Beidh eachtrannach i gceannas ar an mBrasaíl ag Corn an Domhain den chéad uair agus an tIodálach Carlo Ancelotti tugtha isteach chun slacht a chur ar fhoireann a chaill sé huaire le linn an chomórtais cháilithe. Tá an cháil ar Ancelotti as imreoirí mórchúiseacha a thabhairt le chéile agus a spreagadh agus díol suntais é go bhfuil Neymar tugtha ar ais sa scuad aige cé gur beag atá déanta ag iar-imreoir Barcelona agus PSG le roinnt blianta anuas.
Is mó seans gur ar an mbinse a bheidh Neymar den chuid is mó ach beidh áit lárnach ar an bhfoireann ag seanfhondúir eile, Casemiro. Tosaithe den scoth iad leithéidí Vinicius Junior, Raphinha agus Matheus Cunha ach níl aon tosach láir ag an mBrasaíl, rud a d’fhéadfadh a bheith ina mhíbhuntáiste in aghaidh Mharacó amárach.
Bhí Maracó ar an gcéad fhoireann riamh ón Afraic a bhain amach babhtaí leathcheannais Chorn an Domhain nuair a rinneadar an gaisce sin i gCatar ceithre bliana ó shin. Bhuaigh Maracó Corn na Náisiún Afracach (AFCON) ag tús na bliana ach bhí conspóid mhór ag baint leis sin. Bhí an cluiche buaite ag an tSeineagáil ach baineadh an corn díobh. Tugadh bata agus bóthar don bhainisteoir Walid Regragui ina dhiaidh sin agus tugadh Mohamed Ouahbi isteach ina áit.
Níor cheart go n-athródh stíl Mharacó mórán agus an fhoireann ag díriú ar an gcosaint go príomha. Níor ghéilleadar ach dhá chúl san AFCON agus ba cheart go mbeadh coimhlint iontach ar an gcliathán idir Vinicius agus réalta PSG, Achraf Hakimi.
An Ísiltír v An tSeapáin – Dé Domhnaigh, 21:00
Baineann an tSeapáin Corn an Domhain amach go rialta anois agus seo an seachtú comórtas as a chéile acu. Seo an chéad uair, áfach, go bhfuil bainisteoir na foirne tar éis a rá gurb í an sprioc atá acu ná an chraobh a thabhairt leo. Chuirfeadh an ráiteas sin iontas ar go leor ach tá cúis leis an misneach. Bhuaigh an tSeapáin ar an nGearmáin agus ar an Spáinn i gCatar agus bhuadar ar an mBrasaíl mí Dheireadh Fómhair seo caite agus ar Shasana níos luaithe i mbliana. Mar sin féin, chaill na Seapánaigh in aghaidh Chósta Ríce i gCatar chomh maith.
Buillí móra iad na gortuithe atá ag cur as do na tosaithe Kaoru Mitoma agus Takumi Minamino ach beidh súil ann go mbeidh leithéidí Daichi Kamada agus Takefusa Kubo in ann cuid den ualach a iompar.
Tá gortuithe ag cur as don Ísiltír chomh maith agus gortú glúine ag spochadh le fear Tottenham Xavi Simons. Táthar ag brath go fóill ar Virgil Van Dijk, Frenkie de Jong agus Memphis Depay chun ceannaireacht a thabhairt.
An Spáinn v Rinn Verde – De Luain, 17:00
Ar ndóigh, ní bheidh foireann na hÉireann ag glacadh páirt i gCorn an Domhain 2026 ach beidh Baile Átha Cliathach amháin, captaen Shamrock Rovers, Roberto ‘Pico’ Lopes, mar chuid d’fhoireann Rinn Verde a bheidh ag imirt sa gcomórtas den chéad uair riamh.
Grúpa beag oileán amach ó chósta thiar na hAfraice é Rinn Verde agus bíonn an fhoireann ag brath go mór ar imreoirí ar nós Lopes, arb as Rinn Verde a athair, imirt don fhoireann. Go deimhin, tá níos mó imreoirí sa scuad a rugadh in Rotterdam ná mar a rugadh ar na hoileáin féin.
Ní thabharfar aon deis don fhoireann tús deas réidh a chur le Corn an Domhain agus an Spáinn, rogha na coitiantachta don chomórtas, roimpi sa gcéad bhabhta.
Na cluichí atá romhainn
Grúpa B – Ceanada v An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, 20:00
Dé Sathairn, 13 Meitheamh
Grúpa D – Stáit Aontaithe Mheiriceá v Paragua, 02:00
Grúpa B – Catar v An Eilvéis, 20:00
Grúpa C – An Bhrasaíl v Maracó, 23:00
Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh,
Grúpa C – Háítí v Albain, 02:00
Grúpa D – An Astráil v An Tuirc, 05:00
Grúpa E – An Ghearmáin v Cúrasó, 18:00
Grúpa F – An Ísiltír v An tSeapáin, 21:00
Dé Luain, 15 Meitheamh,
Grúpa E – An Cósta Eabhair v Ecuadór, 00:00
Grúpa F – An tSualainn v An Túinéis, 03:00
Grúpa H – An Spáinn v Rinn Verde, 17:00
Grúpa G – An Bheilg v An Éigipt, 20:00
Grúpa H – An Araib Shádach v Uragua, 23:00
Dé Máirt, 16 Meitheamh
Grúpa G – An Iaráin v An Nua-Shéalainn, 02:00
Grúpa I – An Fhrainc v An tSeineagáil, 17:00
Grúpa I – An Iaráic v An Iorua, 23:00
Fág freagra ar 'An chéad ghlúin eile, misneach na Seapánach agus an Bleá Cliathach atá ag fáil réidh do Yamal'