Seans maith ar eipic i bPáirc an Chrócaigh

Beidh jab ag Naomh Tomás an taispeántas a thugadar in aghaidh Bhaile Gunnair a shárú amárach ach tá deis iontach ag na Gaillimhigh Craobh na hÉireann a bhuachan den dara huair

Seans maith ar eipic i bPáirc an Chrócaigh

Lucht Chill Chainnigh a bhí ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite agus Craobhacha Sóisir agus Idirmheánach na hÉireann buaite ag cumainn ón gcontae. Ba iad Tulachar-Ros Bearrcon, a raibh an t-imreoir contae Walter Walsh go mór san imirt dóibh, a bhailigh leo an Chraobh Shóisir agus Baile Mhic Andáin a thug leo an Chraobh Idirmheánach.

An cheist mhór anois, an gcuirfidh dream Chill Chainnigh an Chraobh Shinsir leis na gaiscí sin amárach? Nó an féidir le Naomh Tomás na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Uí Lochlainn agus deireadh a chur leis an ‘clean sweep’?

Tháinig Naomh Tomás aniar aduaidh orainn, agus ar Bhaile Gunnair, nuair a bhuaigh siad ar bhoic mhóra na nDéise i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann roimh an Nollaig. Bhí Baile Gunnair mar rogha na coitiantachta chun Craobh na hÉireann a bhuachan an séasúr seo ach na Gaillimhigh a tháinig amach chun tosaigh sa chluiche iontach a bhí againn an oíche dhorcha Sathairn sin naoi lá roimh an Nollaig. Coimhlint chrua, fhisiciúil, spórtúil a bhí ann go dtí an buille dheireanach in am breise.

Bhí an cluiche ina chíor thuathail ón tús agus an imirt ag dul ar luas lasrach ó thaobh amháin den pháirc go dtí an taobh eile. Is ar éigean go raibh gach duine ina suí sa seastán i bPort Laoise nuair a d’aimsigh James Regan cúl do chleas na Gaillimhe agus lean an t-aicsean gan stad go dtí go bhfuair an t-ionadaí Billy O’Keeffe an pointe deireanach san am breise chun na foirne a fhágáil ar comhscór.

Cé go raibh seacht seachtaine ann ó d’imríodar a gcluiche deireanach i gCraobh na Gaillimhe, léirigh Naomh Tomás ón tús go rabhadar ullamh don chluiche leathcheannais agus níor thugadar seans do Bhaile Gunnair an imirt a stiúradh. Cé go raibh na Gaillimhigh chun deiridh ar feadh an chuid is mó den dara leath, ní raibh an chuma ar an scéal ag aon tráth go raibh a rás rite. Bhíodar fíochmhar agus crua sa ghreamú ach bhíodar tomhaiste agus seilbh acu ar an sliotar chomh maith.

Sheas na ceannairí an fód ón tús agus níor ghéilleadar ag pointe ar bith. Bhí Fintan Burke ina fhathach sa líne lánchúil agus an-chabhair á fáil aige ó leithéidí Cian O’Mahony, Conor Cooney, Éanna Burke agus ón seanfhondúir David Burke ach chaithfeá rá dáiríre go raibh an fhoireann uile thar barr ó thús go deireadh.

Bhí ábhairín trua agam do Bhaile Gunnair mar bhíodar chun tosaigh ar feadh tréimhsí fada agus bhí sé dian orthu a bheith cloíte le pocanna éirice. Tá éacht i ndiaidh éachta déanta ag an bhfoireann iontach seo i bPort Láirge ach beidh díomá orthu nach bhfuil ach an t-aon chraobh uile-Éireann amháin buaite acu go dtí seo. Gach seans go mbeidh siad ar ais arís an séasúr seo chugainn agus níl aon amhras ach gurb iad a bheidh mar rogha na n-údar don chraobh sa bhaile arís i mbliana.

Tháinig Gaeil Uí Lochlainn slán ó chath den chéad scoth chomh maith agus an ceann is fearr faighte acu, ar éigean, ar Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla i bPáirc Tailteann san Uaimh. Mar a déarfadh rí na dtráchtairí, Brian Tyers ar TG4, bhí dráma “siar amach go heireaball againn”!

Bhí na Gaeil ina rogha láidir chun an cluiche a bhaint ach taobh istigh de dheich nóiméad, bhíodar seacht gcúilín chun deiridh. Bhí seans eile freisin ar chúl ag Ruairí Óg agus dá mbeadh sé sin tógtha acu, seans go mbeadh an iomarca le déanamh ag na Gaeil ach chuaigh an deis amú agus tugadh seans d’fhir Chill Chainnigh teacht ar ais, rud a dhein. Bhí seaimpíní Aontroma gach pioc chomh maith leis na Gaeil agus bhí na deiseanna acu na foirne a chur ar comhscór i dtreo dheireadh na himeartha ach chuir siad ceithre iarracht amú in imeacht chúig nóiméad uair na cinniúna.

Gaillimh agus Cill Chainnigh a bheidh againn sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh amárach mar sin agus, bunaithe ar na babhtaí leathcheannais amháin, shamhlófá go gcaithfidh na Gaeil a bheith i mbarr a maitheasa más leosan buachan. Deirtear go mbíonn naoi saol ag an gcat ach tá roinnt acu caillte ag na Gaeil cheana féin agus trí chluiche mhóra buaite acu leis an aon phointe amháin go dtí seo sa chraobh.

Is mór an buntáiste é a bheith in ann ag coimhlintí géara agus bheadh sé i bhfad róshimplí tuar a dhéanamh a bheadh díreach bunaithe ar na cluichí is déanaí a d’imir an dá thaobh. Seans go raibh an t-uafás eolais bailithe ag Naomh Tomás ar Bhaile Gunnair ó na cluichí ar fad a bheadh feicthe acu de leaids Phort Láirge ag imirt i gcraobhacha na gcúigí agus na hÉireann agus b’fhéidir nach bhfuil an t-eolas céanna acu ar na Gaeil, dream nár bhuaigh an chraobh i gCill Chainnigh ó 2016. Thuig imreoirí Naomh Tomás go beacht céard a bhí le déanamh acu in aghaidh Bhaile Gunnair an oíche Sathairn sin roimh an Nollaig. B’fhéidir nach amhlaidh a bheadh an scéal amárach.

Ní bheidh aon easpa muiníne ag cur as d’fhoireann iomána as Cill Chainnigh ach an oiread, rud a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite ach, agus sin uile ráite, ceapaim féin go mbeidh an corn ag dul siar thar an Sionainn oíche Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Seans maith ar eipic i bPáirc an Chrócaigh'