Bhí borradh suntasach faoi na hiarrachtaí a rinneadh chun teacht ar chomhaontú de shaghas éigin idir an Rúis agus an Úcráin i rith 2025 agus faoi dheireadh na bliana bhí an chuma air gur cuireadh dlús leo. Tá níos mó comharthaí ann anois go gcuirfear deireadh leis an gcogadh in 2026 ná mar a bhí ag aon am eile ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022.
Ach tá roinnt ceisteanna ann fós, lena n-áirítear cúrsaí ar an talamh, cúrsaí eacnamaíochta na Rúise agus brú na Meiriceánach ar an Úcráin, a d’fhéadfadh moill a chur ar dhul chun cinn na gcainteanna nó a d’fhéadfadh dlús a chur leo.
An cogadh ar an talamh
Cé go bhfuil seans ann i gcónaí go ndéanfaidh na Rúisigh dul chun cinn suntasach ar an talamh agus go n-éireoidh leo ceann de phríomhspriocanna an ionraidh, an Donbas a ghabháil, a bhaint amach go tobann, níl na comharthaí ann le trí bliana anuas go bhfuil sé seo ar tí tarlú.
Tá siad tar éis bogadh isteach i gcathair Pokrovsk agus ag déanamh talamh slán de go ngabhfaidh siad go hiomlán í, beidh orthu cinneadh a dhéanamh ansin. An dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar na cathracha daingne sa Donbas nó an ndíreoidh siad ar cheantair eile agus iad ar an eolas go bhfuil seans ann, beag beann ar cé chomh beag is atá sé, an Donbas a fháil mar thoradh na gcainteanna? Is dóichí ná a mhalairt go leanfaidh siad le hionsaithe ar gach fronta chun an t-ionradh a chur i gcrích.
Ach toisc go bhfuil deacrachtaí ag an dá thaobh ar an talamh, is deacra a shamhlú ag an bpointe seo go mbeidh tionchar ag cad a thitfidh amach sna láithreacha cogaidh éagsúla ar dhul chun cinn na gcainteanna sa ghearrthéarma.
Deacrachtaí eacnamaíochta agus brú inmheánach sa Rúis
Le linn 2025, d’éirigh leis na hÚcránaigh feachtas dróin éifeachtach eile a sheoladh i gcoinne na Rúise, feachtas a raibh tionchar aige ar gheilleagar na tíre.
Níl na comharthaí ann faoi láthair go bhfuil an tóin chun titim as an ngeilleagar amhail mar a tharla tar éis titim an Aontais Shóivéadaigh, ach tá deacrachtaí á gcruthú ag an bhfeachtas ar earnáil scagtha ola na tíre.
Bhí ganntanas ola i roinnt ceantar sa Rúis san fhómhar agus tuairiscíodh go raibh teacht isteach earnáil ola na tíre tar éis titim níos mó ná 35% in 2025 agus cé go raibh baint ag smachtbhannaí leis an titim sin, bhí tionchar ag na hionsaithe ar na scaglanna chomh maith.
Toisc go bhfuil an cogadh ar siúl le beagnach ceithre bliana anois, tá deacrachtaí eile ag teacht chun solais i roinnt earnálacha eacnamaíochta. Tá an t-aschur ón earnáil déantúsaíochta, seachas déantúsaíocht airm, ón earnáil baincéireachta agus ó earnálacha eile tar éis titim go suntasach ó thús an ionraidh.
Ina theannta sin, tá méadú níos mó ná 46% tar éis teacht ar an mboilsciú ó thús an ionraidh, tá an ráta loicthe ar iasachtaí ag ardú agus tá deacrachtaí ag na húdaráis i roinnt cúigí le déanaí íocaíochtaí cúitimh a dhéanamh le teaghlaigh na saighdiúirí a maraíodh sa chogadh.
Tá geilleagar na Rúise níos lú ná geilleagar na hIodáile agus dá mbeadh na deacrachtaí céanna sa tír sin, bheadh sé éasca a shamhlú go mbeadh an tír i gcruachás. Ach, fiú dá dtarlódh géarchéim eacnamaíochta sa Rúis tá an chuma air go bhfuil an méid sin smachta ag na húdaráis chun srian a choinneáil ar aon mhíshástacht sa tír. Níl an chuma air go gcruthóidh deacrachtaí eacnamaíochta aon rud a mheallfaidh na Rúisigh óna gcuid spriocanna sa chogadh faoi láthair.
Brú na Meiriceánach
Tá seasamh na Meiriceánach athraithe ó bheith mar chomhghuaillí ag na hÚcránaigh go seasamh atá ag teacht le héilimh na Rúise níos mó ná riamh. Agus toisc go bhfuil cliamhain de chuid an Uachtaráin, Jared Kushner, curtha leis an bhfoireann idirbheartaíochta tá an chuma air anois go bhfuil an seasamh ag athrú arís chun a bheith mar chomhpháirtí eacnamaíochta leis na Rúisigh.
Mar gheall air seo, ní gá do na Rúisigh aon rud a ghéilleadh sna cainteanna, beag beann ar cad a tharlóidh sa chogadh as seo amach.
Gan amhras, tá deacrachtaí ann maidir le ceisteanna éagsúla atá idir chamáin sna cainteanna, lena n-áirítear, géilleadh talún do na Rúisigh, aitheantas do na críocha gafa, barántas slándála agus sócmhainní calctha na Rúise atá coimeádta i mbainc sa Bheilg. Ach is é géilleadh talún sa Donbas an chnámh spairne is mó idir na páirtithe.
Is í an chuid sin den Donbas atá fós faoi sheilbh na nÚcránach an ceantar is fearr cosanta sa tír mar gheall ar na cathracha daingne, Kramatorsk agus Slovyansk, agus na línte cosanta díreach siar uathu. Dá ngéillfeadh na hÚcránaigh an ceantar seo, d’fhágfaí stráice ollmhór talún siar go dtí abhainn Dnipro gan chosaint ar ionsaithe.
Ní hamháin go mbeadh siad ag géilleadh an cheantair a bhfuil tábhacht ag baint leis ó thaobh eacnamaíochta agus siombalachais de, ach bheadh siad ag géilleadh an cheantair atá mar chuid de bhonneagar cosanta straitéisí na tíre.
Faoi dheireadh 2025, bhí brú leanúnach á chur ag na Meiriceánaigh ar na hÚcránaigh chun talamh a ghéilleadh agus an chuma air go leanfaidh siad leis an mbrú sin gan stad gan staonadh.
Dá ngéillfeadh na hÚcránaigh don éileamh seo, in ainneoin na ndúshlán polaitíochta agus dlíthiúil a bheadh rompu chun é a chur i gcrích, ligfeadh sé sin do na Rúisigh bua sa chogadh a fhógairt.
Dá mbeadh an Rúis in ann bua a mhaíomh, tar éis ceithre bliana i mbun cogaíochta, mar gheall ar thacaíocht ó na Meiriceánaigh, bheadh sé sin mar léiriú don domhan mór go raibh cúrsaí geopholaitíochta tar éis athrú go hiomlán. Athrú a mbeadh ar an Aontas Eorpach dul i dtaithí air.
Fág freagra ar 'Seans go bhfiecfear deireadh chogadh na hÚcraine in 2026 ach tá go leor ceisteanna gan réiteach'