Reáchtálfar an chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo de thoghcháin áitiúla sa bhFrainc a d’fhéadfadh leide suntasach a thabhairt dúinn faoi pholaitíocht na tíre bliain roimh thoghcháin uachtaránachta na bliana seo chugainn.
De réir na bpobalbhreitheanna tá an Rassemblement National go mór chun cinn ó thaobh tacaíochta i measc an phobail agus bunaithe ar thorthaí na dtoghchán as seo go ceann coicíse beidh tuairim againn cé mar a éireoidh leo sna toghcháin uachtaránachta san Earrach seo chugainn.
Tá a dhá thréimhse i bpálás an Elysée beagnach déanta ag Emmanuel Macron agus ní léir aon oidhre a bheith air a thabharfadh dúshlán do Marine Le Pen. Tá sise ar fionraí ón bpolaitíocht mar gheall ar chiontú i gcúbláil cistí Eorpacha ach tá Jordan Bardella faoi réir lena háit a thógáil ar an bpáipéar ballóide agus seasamh don uachtaránacht.
Tá 35,000 méara le toghadh as seo go ceann coicíse, idir bhailte beaga agus móra, ar fud na Fraince. Tá tábhacht le oifig an mhéara sa tír agus áiríonn an pobal an méara ar an bpearsa tofa is minicí a bhíonn ag plé lena gcuid riachtanas ó lá go lá. Bunaithe ar thoradh na dtoghchán seo, mar sin, beidh tuairim mhaith againn cén dearcadh atá ag daoine ar na príomhpháirtithe polaitíochta. Tabharfar léargas freisin dúinn ar na roghanna a bheidh ag an Rassemblement National faoi cén chaoi a dtabharfar go ceann scríbe iad sa dara babhta den toghchán uachtaránachta.
Ón uair gur éirigh le Jean Marie Le Pen dul go dtí an dara babhta i dtoghchán na huachtaránachta in 2002 tá athruithe móra tagtha ar an Rassemblement National agus iarracht déanta, faoi stiúir Marine Le Pen, droim láimhe a thabhairt leis an tsean-íomhá chiníoch fhrith-Ghiúdach a bhí (agus atá in go leor áiteanna go fóill) ag an bpáirtí. Níl smacht acu go fóill, ainneoin a gcuid tacaíochta a bheith ag ardú go leanúnach, ach ar chathair Perpignan sa deisceart. Tá súil acu dul chun cinn a dhéanamh i gcathracha Marseille agus Toulon an deireadh seachtaine seo.
Aon uair go n-éiríonn leo dul chuig an dara babhta i dtoghchán uachtaránachta, tagann lucht tacaíochta na bpáirtithe polaitiúla eile ar fad sa tír le chéile le seasamh in aghaidh an Front National, mar a bhíodh. Ciallaíonn sin nach n-éiríonn leo an dul chun cinn atá i ndán dóibh, de réir na bpobalbhreitheanna, a dhéanamh. Fágann an chomhghuaillíocht sin ina n-aghaidh go bhfaigheann páirtithe traidisiúnta, ar nós Les Républicains nó na Sóisialaigh, gan trácht ar En Marche, Macron féin,go mbíonn bua níos mó ag freasúra na heite clé sa dara babhta de na toghcháin ná mar a thabharfadh na pobalbhreitheanna le fios.
Tá polaitíocht na Fraince ina cíor thuathail le tamall anois, an pobal deighilte idir iliomad páirtí polaitiúil agus fíochmhar in aghaidh uachtaránacht Macron. ‘Anois nó go brách’ an deis ag páirtí Le Pen dul chun cinn a dhéanamh. Beidh tuairim mhaith againn faoi dheireadh na míosa seo cé na comhghuaillíochtaí atá mar rogha ag an Rassemblement National agus cé na dúshláin atá le sárú ag na mórpháirtithe traidisiúnta.
Fág freagra ar '‘Anois nó go brách’ – deis ag páirtí Le Pen dul chun cinn a dhéanamh'