Dúirt beagnach 60% de mhúinteoirí bunscoile a ghlac páirt i suirbhé náisiúnta go mbíonn deacrachtaí níos mó ag a gcuid daltaí leis an nGaeilge ná mar a bhí roimh an bpaindéim Covid-19.
Ba i mí an Mhárta 2020 a cuireadh tús leis an dianghlasáil mar thoradh ar an bpaindéim. Bhí na scoileanna dúnta ar feadh tréimhsí fada in 2020 agus in 2021.
Léiríonn torthaí suirbhé a rinne taighdeoirí ó Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach go raibh tionchar mór ag na tréimhsí dianghlasála ar fhoghlaim daltaí agus iad coinnithe ón seomra ranga.
Mheas múinteoirí go raibh tionchar ag an bpaindéim ar chúrsaí folláine, ar fhorbairt shíceolaíoch agus ar fhoghlaim acadúil na bpáistí.
Cheap tromlach na múinteoirí go raibh a gcuid daltaí níos laige ag ábhair áirithe ná mar a bhíodh daltaí eile a bhí á múineadh acu roimh an bpaindéim.
Mheas 58% de mhúinteoirí go raibh níos mó daltaí acu anois a raibh deacrachtaí acu leis an nGaeilge ná mar a bhí roimh an bpaindéim.
Dúirt príomhoide i scoil lán-Ghaeilge go raibh daltaí sa scoil a bhí ag streachailt leis an nGaeilge nó nach raibh in ann feidhmiú sa teanga, rud nár tharla “riamh” roimh an bpaindéim. Dúirt príomhoide Gaelscoile eile go mbíonn deacrachtaí go rialta ag na daltaí uile leis an nGaeilge.
Dúirt múinteoir amháin a bhí i bhfeighil Rang a Sé go raibh an Ghaeilge “thíos go mór” leis an easpa teagmhála sa seomra ranga agus nach raibh na hacmhainní ann chun í a theagasc ar líne.
Mheas 52% de na múinteoirí a ghlac páirt sa suirbhé go raibh ar a laghad seisear páistí sa rang acu a raibh deacrachtaí fadtéarmacha acu le foghlaim na Gaeilge. Dúirt 17% go raibh na deacrachtaí sin ag 12 páiste nó níos mó.
Cheap 64% de na múinteoirí a ghlac páirt sa suirbhé, nach mór beirt as gach triúr, go raibh níos mó deacrachtaí ag páistí leis an mBéarla agus le cúrsaí litearthachta anois agus 55% a dúirt go raibh an mhatamaitic níos dúshlánaí do dhaltaí anois le hais mar a bhí ag daltaí a bhí sa rang céanna roimh an bpaindéim.
Dúirt múinteoirí go raibh fadhbanna cumarsáide níos coitianta i measc daltaí agus gur údar imní a bhí san easpa scileanna cumarsáide agus stór focal na bpáistí.
Dúirt 82% de mhúinteoirí go raibh níos mó daltaí acu anois a raibh fadhbanna iompraíochta agus mothúchán acu ná mar a bhí roimh an bpaindéim.
Mheas tromlach múinteoirí nach raibh na páistí chomh maith ag spraoi lena chéile is a bhíodh agus nár léirigh siad an meas céanna ar na páistí eile ná ar mhúinteoirí is a léirigh roimh an bpaindéim.
Is iad an Dr Suzanne Egan agus an Dr Jennifer Pope ó Choláiste Mhuire gan Smál a rinne an taighde nua.
Breis is 200 múinteoir a ghlac páirt sa suirbhé agus bhí múinteoirí as gach rang, príomhoidí agus múinteoirí oideachais speisialta páirteach ann.
Seán Mag Leannáin
Táimse den tuairim nach bhfuil tromlach na múinteoirí bunscoile chomh maith ag an nGaeilge is a bhídís agus ní chuirfinn an locht ar an bpaindéim – an sceilpín gabhair is fearr riamh.
Sorcha
Maidir leis an tráchtaireacht thuas; nach éasca slat a thabhairt do mhúinteoirí gan trácht ar na coláistí oiliúna, Roinn an Oideachais, etc. etc…