Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Mac an Bháird: ‘Is fuath liom an bia ‘convenience’!’

Ar an eagrán is déanaí de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé, tugann Helen cuairt ar shiopa bia ar leith, Country Choice in Aonach Urmhumhan i dTiobraid Árann, chun bualadh le Peadar Mac an Bháird

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Mac an Bháird: ‘Is fuath liom an bia ‘convenience’!’

Is i siopa bia Country Choice in Aonach Urmhumhan i dTiobraid Árann atá Helen d’eagrán na seachtaine seo.

Is ann a dhein sí paiste cainte le fear an tsiopa Peadar Mac an Bháird, atá ag soláthar togha agus rogha an bhia le breis agus daichead bliain.

Agus an Cháisc buailte linn, tá troscadh agus tréanas Aoine an Chéasta agus flúirse is ceiliúradh Dhomhnach Cásca romhainn. Labhraíonn Peadar ar thábhacht an bhia sa teaghlach an t-am seo bliana.

Pléann sé chomh maith conas ar chuir sé suim i gcúrsaí bia an chéad lá agus é ag fás aníos i gcontae na Mí, ag cabhrú lena athair agus é ag díol agus ag ceannach.

Labhraíonn siad faoi eachtra inar dódh siopa a sheanathar i mBaile Átha Cliath agus an lorg a d’fhág sé ar scéal a mhuintire.

Pléann siad difríocht idir an bia orgánach nádúrtha agus an bia saoráideach. Labhraíonn siad chomh maith faoina lárnaí is atá an pobal i scéal shiopa Pheadair.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Mac an Bháird: ‘Is fuath liom an bia ‘convenience’!’'