Tá seirbhís aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath chun dul ar ais mar a bhí ar an chéad lá den mhí seo chugainn i ndiaidh fógra ón Aire Iompair Darragh O’Brien inniu.
Ciallaíonn athbhunú na seirbhíse go mbeidh eitiltí fillte i lár an lae ó aerfort Dhún na nGall agus ó Bhaile Átha Cliath ag feidhmiú arís agus go mbeidh an t-eitleán lonnaithe thar oíche in Aerfort Dhún na nGall, mar a bhíodh i gcónaí.
I mí Eanáir na bliana seo tháinig sé chun solais go raibh athruithe le teacht ar amanna na n-eitiltí i gconradh úr a shínigh an Rialtas leis an chomhlacht Emerald Airlines don tseirbhís aeir.
Léirigh Aerfort Dhún na nGall ‘an-díomá’ faoin chinneadh seo agus dúirt Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall ag am go raibh “teipthe go hiomlán ar an chuspóir a bhí ag an PSO, mura dtig le hothar ailse as Dún na nGall taisteal go Baile Átha Cliath fá choinne cóir leighis agus pilleadh abhaile ar an lá céanna”.
I ráiteas a d’eisigh Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall inniu, chuir siad fáilte chroíúil roimh fhógra an Aire go mbeidh an tseirbhís “le hathbhunú ina hiomláine” agus go mbeidh “an sceideal iomlán mar a bhí sé roimhe seo ag pilleadh taobh istigh de mhí”.
Dúirt siad gur lá “thar a bheith tábhachtach” é seo do phobal Dhún na nGall agus go dtugann sé aitheantas “d’othair ailse, do theaghlaigh, oibrithe, gnólachtaí agus na pobail uilig” atá ag brath ar an tseirbhís “fhíorthábhachtach seo.”
Mhaígh siad, go raibh siad “an-soiléir” ón tús go raibh an tseirbhís seo “riachtanach” d’othair ailse a bhíonn ag taisteal fá choinne cóir leighis agus do dhaoine atá ag fáil cúram sláinte i mBaile Átha Cliath agus gur “dearbhú” é cinneadh an Aire Iompair inniu ar an méid seo.
Dúirt siad go raibh siad buíoch “gur éist an tAire agus a oifigigh” leo agus go bhfuil an “cinneadh ceart déanta” acu inniu.
Dúirt siad gur léirigh an feachtas seo “an chuid is fearr de Dhún na nGall” agus nach bhféadfaí “neamhaird a dhéanamh” ar phobal mar seo nuair a sheasann siad le chéile le “guth aontaithe amháin”.
Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pat ‘the Cope’ Gallagher, agus an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty, fáilte roimh fhógra an Aire chomh maith.
Dúirt Pat ‘the Cope’ Gallagher gur “dea-scéala” a bhí sa nuacht seo gur “chéim mhór chun tosaigh é” an cinneadh seo don phobal, gnólachtaí áitiúla agus dóibh siúd a bhraitheann go mór ar an tseirbhís.
Dúirt Pearse Doherty gur “faoiseamh mór” é cinneadh an lae inniu do theaghlaigh agus d’othair a bhraitheann go mór ar an “tseirbhís ríthábhachtach” seo.
Dúirt sé gur chinntigh “an díograis agus an tiomantas” a léirigh Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall, a threoraigh an feachtas, nár tugadh cluas bhodhar do mhuintir Dhún na nGall.
Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh fhógra an Aire Iompair.
Dúirt Mícheál Mac Giolla Easbuig, Ceannasaí Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall:
“Bhí agus tá an tseirbhís seo ríthábhachtach dúinn le fada an lá agus is mór an faoiseamh é go mbeidh an tseirbhís iomlán ar fáil arís ón 1 Bealtaine.” Ghabh sé buíochas leis an Aire agus leis an Roinn Iompair “as éisteacht le glór an phobail agus gníomhú dá réir”.
Bhí deireadh le teacht leis an chonradh reatha le Emerald Airlines don tseirbhís aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath ar an 25 Feabhra, ach shocraigh an tAire Iompair Darragh O’Brien síneadh míosa a chur leis an chonradh mar gheall ar an mhíshástacht a léiríodh ag an am faoin sceideal úr.
Chas baill ó choiste eitiltí agus seirbhísí ailse Dhún na nGall leis an Aire Iompair, Darragh O’Brien ag Teach Laighean i mí Feabhra chun a n-imní a chur in iúl faoin chonradh úr.
Athraíodh sceideal na n-eitiltí ar an 29 Márta nuair a tháinig an conradh úr i bhfeidhm. Tháinig deireadh le heitiltí fillte lár an lae ó aerfort Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath, rud a chuir isteach go mór ar othair ailse i nDún na nGall.
Seachtain ó shin cuireadh agóid faoi sheirbhís aeir Dhún na nGall a bhí le bheith ar siúl taobh amuigh de Theach Laighean ar athlá agus dúirt an tAire Iompair go raibh sé ag súil go mbeadh réiteach iomlán ar an scéal taobh istigh de choicís.
Fág freagra ar 'Seirbhís aeir Dhún na nGall á cur ar ais mar a bhí ar an mhí seo chugainn'