‘Tá a fhios agat go bhfuil Lee Marvin ar dhíon do chairr agat?’ –John Boorman agus a chairde

I measc na gcairde agus na gcomghleacaithe scannaín a bhí ag an stíurthóir mór le rá John Boorman bhí Séamus Deasy…

‘Tá a fhios agat go bhfuil Lee Marvin ar dhíon do chairr agat?’ –John Boorman agus a chairde

Deireanach san oíche le gairid a tháinig mé ar an mórscannán Deliverance ar cheann de na bealaí teilifíse Briotanacha.  Go tráthúil bhí an chuid ba mheasa de thart – tá cáil ar cheann de na radharcanna ann mar gheall ar chomh brúidiúil is a bhí sé. Thiocfadh sé sin idir mé agus codladh na hoíche cinnte.

Ach chuir sé iontas orm an taitneamh a bhain mé as an gcuid eile den scannán. Bhí an obair cheamaradóireachta thar barr, bhí an stiúradh eisceachtúil agus bhí aisteoireacht den scoth ann freisin. Chuaigh John Voight, go háirithe, i bhfeidhm orm sa gcuid dheireanach den scéal.

Chuaigh cáil John Boorman i bhfad is i ngearr i ngeall ar an scannán seo, a rinneadh i 1972.

Agus ansin, go tráthúil arís, cé a chasfaí orm cúpla lá ina dhiaidh sin ach fear a d’oibrigh leis ar scannáin mór le rá eile a rinne sé agus a bhí cairdiúil leis ar feadh 30 bliain nó mar sin. B’in Séamus Deasy, duine de na ceamaradóirí is cáiliúla sa tír seo, an fear a bhí i gceannas ar an obair cheamara ar The General (1998), chomh maith le scannán faoi Steve Biko In My Country (2004) le Samuel L Jackson agus Queen and Country (2014). John Boorman a stiúraigh iad go léir.

Ní raibh ann ach cúpla lá ó thug Séamus cuairt ar a sheanchara Boorman, atá ag dul in aois go mór agus gan an tsláinte go maith aige faoi láthair. Bhí sé an-sásta go bhfaca sé  in éindí é le cúpla cara eile an lá sin i Londain.

Chuir Séamus ar an eolas mé faoi chuid de na rudaí neamhghnácha a bhain le Deliverance. Go hiondúil le scannán mar sin, a raibh go leor radharcanna ann amuigh faoin bhfiántas agus i lár abhann, dhéanfaí iad sin a thaifeadadh i stiúideo agus cosúlacht an fhiántais a chur orthu.

Ach ba chosúil go ndearna Boorman an cinneadh é a thaifeadadh amuigh ar an abhainn nó ar an sliabh, agus gan mórán fuaim nádúrtha a thaifeadadh. Ba léir nach raibh mórán cainte sa script sa bpíosa a chonaic mé. Dúirt Séamus liom (cé nár oibrigh sé ar Deliverance), gurbh amhlaidh gur cuireadh go leor den fhuaim – idir chaint na n-aisteoirí agus fuaim na habhann –  leis an scannán sa stiúideo ina dhiaidh sin.

Ba chuidiú é freisin gur úsáid Boorman ceamara a bhí neamhghnách ag an am. Ceamara scannáin a bhí ann ceart go leor, ach bhí sé beag agus so-láimhsithe agus rinne sé sin an obair ar an abhainn, sna cadhcanna, agus ar an aill, i bhfad níb éasca.

Thaifead siad dhá ‘chríoch’ leis an scéal ach ar deireadh ba é John Boorman féin a rinne an cinneadh cé acu ceann a d’úsáidfí. Ba léir go raibh stádas ar leith aige in Hollywood. Ar ndóigh ba eisean a stiúraigh an scannán Point Blank (1967) leis an aisteoir mór le rá Lee Marvin. Chomh maith le bheith ina aisteoir, bhí Lee Marvin ina léiritheoir ar Point Blank freisin. Ach thug sé saoirse iomlán do Boorman maidir le déanamh an scannáin – an stiúrthóireacht, an eagarthóireacht agus gach ní eile a bhain leis.

Fear mór óil a bhí in Lee Marvin.

Ba dheacair smacht a choinneáil air agus é ag glacadh páirt i scannán. Bhí sé ráite faoi gur glasáladh istigh ina sheomra óstáin é níos mó ná uair amháin chun é a choinneáil ón deoch agus scannán á dhéanamh aige. Ach fuair Marvin an ceann is fearr orthu nuair a shín sé nóta $50 faoi dhoras a sheomra ag an bhfreastalaí oíche. Tugadh buidéal fuisce fad leis an nglas agus le sop ina mhuineál d’éirigh leis a dhóthain a ól ar an gcaoi sin.

Bheadh neart le rá ag an rannóg ‘sláinte agus sábháilteachta’ faoi eachtra dá leithéid sa lá inniu. Ach tharla eachtra eile a bhí ní ba chontúirtí a cheanglófaí le scéal Lee Marvin go deo ina dhiaidh.

Bhí sé féin agus Boorman amuigh oíche ag dinnéar agus bhí neart ólta ag Lee Marvin. Bhí sé dírithe ar thiomáint abhaile. Bhíodar i gCalifornia ag an am, ar ndóigh. Dúradh leis nach bhféadfadh sé tiomáint agus thóg Boorman na heochracha. Ba ghearr agus iad ag tiomáint ar an Pacific Coast Highway gur chualadar torann bhonnán na bpóilíní taobh thiar díobh. Tarraingíodh isteach iad. D’oscail Boorman fuinneog an tiománaí.

Labhair an póilín:

‘You do realise that you have Lee Marvin hanging on to the roof of your car?’.

Shocraigh John Boorman síos i gCill Mhantáin ina dhiaidh sin agus ba mhinic Séamus Deasy agus é féin i gcomhluadar a chéile. Roghnaigh sé Séamus le bheith ina stiúrthóir ceamaradóireachta ar an scannán The General a bhain le scéal Martin Cahill. Bhuaigh sé duais don stiúrthóir ab fhearr ag Féile Scannán Cannes sa bhliain 1998.

Agus cén fáth a raibh suim ag John Boorman ina leithéid de scannán? Ba chosúil go raibh gadaíocht i gceist sa scéal. Bhí duais óir buaite ag Boorman i ngeall ar an gceol sa scannán Deliverance. I gceann de na mhóreachtraí gadaíochta a raibh baint aige leo thart ar chontae Chill Mhantáin, ghoid Cahill agus a chomhghleacaithe an duais óna theach. Spreag sin suim Boorman sa scéal.

Tá Séamus Deasy tagtha abhaile óna chuairt ar a sheanchara agus é ag faire amach don chéad tionscnamh eile i saol na scannán in Éirinn. Ba é Séamus a rinne an cheamaradóireacht ar an scannán Gaeilge Poitín le Bob Quinn, sa bhliain 1978 . Ba é sin an chéad scannán fada a bhí go hiomlán i nGaeilge. Taispeánadh sna pictiúrlanna é agus léiríodh den chéad uair, i 1979, ar RTÉ é, ar Lá ‘le Pádraig.

Agus i gceann cúpla seachtain, nuair a fhoilseofar leabhar Rónán McGreevy faoin iarThaoiseach Seán Lemass, beidh Séamus in ann a rá gurbh eisean an t-aon duine a bhí ansin 60 bliain ó shin lena cheamara, agus é ina fhear óg 20 bliain d’aois, nuair a d’éirigh Seán Lemass as mar Thaoiseach.

Fág freagra ar '‘Tá a fhios agat go bhfuil Lee Marvin ar dhíon do chairr agat?’ –John Boorman agus a chairde'