Seán Purcell agus Frank Stockwell – gaiscígh ‘Sham City’

Ní raibh ar dhuine ach ainm Thuama a lua nuair a bhíodh Seán Purcell agus Frank Stockwell tarraingthe anuas, beirt thosach a chráigh cúlaithe na tíre chomh mór sin agus gur baisteadh ‘The Terrible Twins’ orthu

Seán Purcell agus Frank Stockwell – gaiscígh ‘Sham City’

Seán Purcell agus Frank Stockwell

Bhain mé an-solamar as lá a chaith mé i dTuaim dhá Ghualainn i dtús an tsamhraidh seo. Baile é a bhfuil aithne mhaith agam air. Go deimhin ba le linn dom a bheith i scoil chónaithe ansiúd a múnlaíodh mo shuim i gcúrsaí spóirt. Thugtaí ainm iomlán an bhaile an uair sin air. Sin is fearr liomsa i gcónaí air.

I saol an lae inniu sé is dócha gurb iad an banna The Sawdoctors is mó a chloisfeas tú luaite leis an dara baile is mó i gcontae na Gaillimhe, sin daingnithe ar na hamhráin cháiliúla atá acu ina thaobh agus ar na cuimhní a bhaineann lena saol féin ann.

Go fiú agus mise i mo scorach óg ann sna 1960idí bhí cáil an cheoil ar Thuaim. Le linn an achair sin bhí tuairim leathdhosaen de na seó-bhannaí ba cháiliúla in Éirinn lonnaithe ann. Ina measc sin bhí bannaí Johnny Flynn agus Ollie Maloney, an Paramount, an Ohio agus na Bandits. Chuala mé fear a sheinn leo ag rá cúpla bliain ó shin go raibh cónaí ar cheithre scór ceoltóir gairmiúil sa gceantar ag tráth amháin.

Is é an tréimhse sin is bonn d’amhrán de chuid na ‘nDochtúirí’ ar a dtugann siad ‘The Tuam Beat’ air.

Seans go bhfuil imeartas focal i gceist sa teideal sin freisin, mar san am atá luaite thuas agam ba i dTuaim a bhí ceann de na ceithre mhonarcha biatais siúcra a bhí sa tír. Bhíodh fostaíocht go leor iontu, go háirithe sa bhfómhar – ag tabhairt isteach an bhiatais agus á phróiseáil.

Foireann peile an bhaile, na Réalta an t-ábhar gaisce eile a bhí ag an mbaile. 25 uair atá Craobh Shinsearach na Gaillimhe buaite ag Réalta Thuama, a bhí i mbarr a maitheasa ceart sna 1950idí nuair a bhuaigh siad seacht gcinn as a chéile.

Seoladh leabhair i gcuimhne ar bheirt den fhoireann sin a thug mise go Tuaim ar Shatharn breá i mí an Mheithimh seo caite – leabhar faoi bheirt pheileadóir a bhfuil agus a raibh a gcáil chomh mór ar fud na tíre agus a bhí ceachtar de na bannaí ceoil atá luaite agam. Ní raibh ar dhuine ach ainm Thuama a lua nuair a bhíodh Seán Purcell agus Frank Stockwell tarraingthe anuas. Beirt thosach a chráigh cúlaithe na tíre chomh mór sin agus gur baisteadh ‘The Terrible Twins’ orthu.

Ar shráideanna Thuama cloisfidh tú go leor leaganacha agus focla nach gcloisfidh tú in áiteacha eile.

‘Sham’ an ceann is coitianta acu – ciallaíonn sé ‘a chara’ agus iad ag caint lena chéile. ‘Cén chaoi a bhfuil tú sham?’ Dá bharr tá ‘Sham City’ baiste acu ar an mbaile agus ‘Sham Town’ acu siúd taobh amuigh nach mbeadh fonn orthu teideal cathrach a lua leis an áit.

Ar an gcuma chéanna nach Cockneys cearta ach iad siúd a saolaíodh sa limistéar sin Oirthear Londan ina bhfuil Bow Bells le cloisteáil, is i mBaile Thuama amháin a gheobhaidh tú an Sham.

A bheith saolaithe laistigh de chomharthaí luais an bhaile a thuilleann an onóir sin dóibh.

‘Cakes’ a thugann an sham orthu siúd ar fad a rugadh ar an taobh eile de na comharthaí.

Bhí cúig cinn de mheánscoileanna ar an mbaile nuair a bhí mise ann. Le teacht an tsaoroideachais cuireadh busanna ar fáil le mic léinn a thabhairt isteach as na ceantair máguaird, Cora Fine, Béal Chláir, Bearna Dhearg, Cortún, An Dún Mór agus Baile an Mhuilinn.

‘Bread vans’ a bhaist pobal Thuama orthu.

Beirt shams a bhí sa bPuirséalach agus Stockwell. Saolaíodh iad i bhfoisceacht 10 lá dá chéile i mí na Nollag 1928. Ar Shráid an Easpaig, áit a raibh siopa beag ag a thuismitheoirí a tógadh Seán. Ar an taobh ó thuaidh den bhaile ag bun Ard Thuláin an Dálaigh, gar do Bhóthar Bhaile an Mhuilinn a rugadh Frank. Péintéara ab ea a athair siúd, ceard a lean a mhac freisin.

Bhíodar in aon rang ar an mbunscoil áit a mba bhean rialta, an tSiúr Fursa Morris as Áth Cinn, a mhúin bunscileanna na peile dóibh. Tá mé ag dul amú nó chonaic mé in áit éicint go mba bhean rialta freisin an cóitseálaí ba thúisce a bhí ag an imreoir sacair Kevin Keegan.

I Meánscoil na mBráithre a fuair Stockwell a chuid meánoideachais, gan ach claí ard idir sin agus an deasc a raibh Purcell suite inti i gColáiste Iarfhlatha Naofa. Ba ar an scoil sin a bhí cáil na peile, ach bhí togha na n-imreoirí ag na Bráithre freisin.

D’fhág an Dara Cogadh Domhanda gur beag comórtais idirscoileanna a bhí ar siúl i lár na 1940idí agus dá bharr thug Coiste Peile na Gaillimhe cead do na Bráithre foireann a chur isteach ar chraobh mhionúir chlubanna an chontae i 1945.

Fuaireadar cead aon aoi-imreoir amháin ón taobh amuigh a ainmniú le dul a chúnamh dóibh – Seán Purcell a d’iarradar.

Ar an 17 Samhain 1946 bhí sé féin agus a chara Frank ar an bhfoireann chéanna a bhailigh an chéad cheann den iomad bonn craoibhe a tháinig ina mbealach nuair a bhuaigh siad ar Bhéal Átha na Sluaighe sa gcluiche ceannais.

Aon duine dhéag ‘shams’, seisear ‘cakes’ agus an Puirséalach a bhí ar phainéal Scoil na mBráithre

An bhliain dár gcionn, gan iad ach ocht mbliana déag, d’imir Stockwell do Ghaillimh den chéad uair i gCraobh Shinsir Chonnacht, ach gur theipeadar in aghaidh Shligigh. Bheadh Purcell é féin ar an bhfoireann murach é a bheith i mbun scrúduithe i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir.

Ach bhí an bheirt ar an bpáirc nuair a bhuaigh Réalta Thuama Craobh Shinsearach na Gaillimhe. Faoin am a dtáinig 1962, bhí naoi gcraobh eile curtha leis sin acu.

Saothrú gan toradh a rinne peileadóirí na Gaillimhe i gCraobh Chonnacht idir 1946-1953, tráth a mba go Maigh Eo nó go Ros Comáin a théadh an corn chuile bhliain.

Ba i 1954 a d’athraigh an roth. Bhí Sean Purcell agus Frank Stockwell ar thairseach na tréimhse a thuill clú agus cáil dóibh ar fud na tíre – foireann thar a bheith láidir ag Gaillimh a bhuaigh Craobh na hÉireann, an Sraithchomórtas Náisiúnta mar aon le leathdhosaen de Chraobhacha Chonnacht.

Ghlac formhór an phobail leis go mba é an Puirséalach an peileadóir ba sciliúla a bhí sa timpeall.

Uimhir 11 ba mhinice ar a gheansaí ach bhí ar a chumas imirt in aon áit – mar lánchúlaí agus mar leathchúlaí láir a thosaigh sé. Ar imeall na cearnóige ba ghnách le Stockwell imirt, ní raibh sé chomh téagartha lena chara, ach ní raibh a shárú le fáil nuair a bhí an leathsheans féin le tapú.

Tá an 2-5 a scóráil sé as an imirt oscailte i gCluiche Ceannais na hÉireann 1956 mar chruthúnas air sin – gan san imirt ach uair an chloig ag an am.

Chaith Seán Purcell a shaol ag múineadh i Scoil Náisiúnta Choill na Sliabh, leath bealaigh idir Tuaim agus an Dún Mór. Lena linn sin agus nuair a d’éirigh sé as bhíodh sé le feiceáil go minic ar chúl an chuntair sa siopa beag a d’oscail a thuismitheoirí agus a d’fhan aige féin in aice na Cearnóige i dTuaim tar éis a mbáis.

Ba mhinic a bhí mé istigh ann ar thóir nuachtáin, milseáin nó buidéal oráiste. Níor labhair sé ariamh liom ach Gaeilge. Fear socair ab ea é, gan é a bheith baileach chomh cúthaileach lena chomrádaí Stockwell.

Cara mór dá gcuid an t-iriseoir cruthanta agus an chéad láithreoir a bhí ar The Sunday Game, Jim Carney, a chuir an leabhar i dtoll a chéile. Má tá mianach ar bith den Ghaillimheach ionat, ná déan dá uireasa. Fiú mura bhfuil, bainfidh tú sásamh as.

Is fiú a lua freisin gur do Chumann Cúraim Lucht Ailse Thuama atá a luach ag dul.

€20 a luach agus tá fáil air i siopaí leabhar go leor i gcontaetha an iarthair: Seán Purcell and Frank StockwellFrom Childhood Friendship…to Gaelic Football Fame and Glory.

Fág freagra ar 'Seán Purcell agus Frank Stockwell – gaiscígh ‘Sham City’'