Seán Ó Morónaigh, iarstiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, ar shlí na fírinne

Bhí baint mhór ag Seán Ó Morónaigh, le cur chun cinn na drámaíochta Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada

Seán Ó Morónaigh, iarstiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, ar shlí na fírinne

Tá iarstiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta Seán Ó Morónaigh tar éis bháis.

Bhí sé tinn le tamall.

Bhí baint mhór ag Seán Ó Morónaigh, arbh as Úlla i gContae Luimnigh ó dhúchas dó ach a raibh cónaí air i dTiobraid Árann, le cur chun cinn na drámaíochta Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada.

Rinne Seán Ó Morónaigh obair mhór freisin i dtaobh athfhoilsiú agus léiriú drámaí agus agallaimh mhuintir na Gaeltachta. Ar an saothar is mó a luaitear leis tá Agallamh na hÉigse, Cíoradh agus Cnuasach, (2002), mórchnuasach d’agallaimh bheirte, lúibíní, ceapóga agus amhráin saothair.

Bhí spéis ar leith ag Ó Morónaigh i gcumadóirí agus drámadóirí Gaeltachta agus chuir sé roinnt saothar in eagar, Drámaíocht ó dhúchas – ó Bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, (2005), ina bhfuil dánta agus agallamh leis an fhile Ciarraíoch as Lios Tuathail, Drámaí ó Thobar Mhúscraí le Conchubhar Ó Deasmhumhna (2013), curtha in eagar ag Áine Uí Chuill agus Seán Ó Morónaigh agus Eachtra an Ghobáin Saoir, dráma le Risteard de Hindeberg atá bunaithe ar léiriú a rinne Aisteoirí an tSean-Phobail ar an dráma in 2008.

Faoi stiúir Sheáin Uí Mhorónaigh a chuir an Comhlachas borradh mór sna 1990idí faoi dhrámaíocht na Gaeilge in ollscoileanna na tíre.

Ba í sin ré órga na drámaíochta Gaeilge i measc na mac léinn agus í faoi bhláth in áiteanna amhail Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chúil Raithin agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhí borradh faoi dhrámaíocht na Gaeilge sa tréimhse sin, go háirithe in ollscoil na Gaillimhe. Ba as Cumann Drámaíochta an choláiste sin a d’eascair an compántas Na Fánaithe agus is iomaí duine atá ag plé le saol na drámaíochta, na teilifíse agus na meán inniu arbh iad Seán Ó Morónaigh agus an Comhlachas a thug ardán ar dtús dóibh.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Ollamh Cúnta le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus saineolaí ar dhrámaíocht na Gaeilge, gur thacaigh Seán Ó Morónaigh le “gach duine” a raibh suim acu sa drámaíocht Gaeilge.

“B’fhear mór drámaíocht phobail a bhí ann, fear a chaith a shaol le cur chun cinn dhrámaíocht na Gaeilge. Thacaigh sé le mic léinn ollscoile, le grúpaí Gaeltachta agus le taighdeoirí agus le gach duine a raibh spéis acu sa drámaíocht Ghaeilge.

“Rinne sé taighde fíorfhiúntach freisin. Saothar ceannródaíoch a bhí in Agallamh na hÉigse, an chéad chnuasach mór agallamh agus lúibíní a foilsíodh agus físeáin ag gabháil leis,” a dúirt Éadaoin Ní Mhuircheartaigh.

Fágann Seán a chéile Eibhlín, a ghaolta agus a chairde ar fud na tíre faoi bhrón. Beidh aifreann sochraide Sheáin i Séipéal Naomh Muire ar an Aonach i dTiobraid Árann inniu ag a 11.00 a.m.

Fág freagra ar 'Seán Ó Morónaigh, iarstiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, ar shlí na fírinne'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ba mhór an spreagadh agus an chabhair dúinn Seán agus mé bainteach leis an gCumann Dramaíochta i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (ag an am) i dtús na 80adaí. Suaimhneas síoraí go raibh aige agus comhbhrón lena bhean, lena ghaolta agus lena chairde ar fud na tíre.

  • jpmorley0@gmail.com

    Roinn Seán a chuid ama, a ghairmiúlacht agus a savoir faire go fial foighneach liom i gcónaí agus mé ag dul i mbun drámaí a stáitsiú. Fear stuama, séimh, suáilceach. Go bhféacha Dia ort a sheanchara.