Seán Kelly tofa chun parlaimint na hEorpa den tríú huair

Gaeilgeoir líofa é an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael a toghadh i dtoghlach an Deiscirt ar an naoú comhaireamh

Seán Kelly tofa chun parlaimint na hEorpa den tríú huair

Beidh an t-iaruachtarán ar CLG agus Gaeilgeoir líofa Seán Kelly ag filleadh ar pharlaimint na hEorpa den tríú téarma.

Toghadh an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael i dtoghlach an Deiscirt ar an naoú comhaireamh.

Tháinig an Ciarraíoch sa chéad áit le 118,444 vóta céadrogha agus é gar don chuóta – 119,866 – ar an gcéad chomhaireamh.

Beidh suíochán chomh maith ag iarrthóir Fhianna Fáil Billy Kelleher a fuair 84,083 vóta céadrogha.

Tá Kelleher sa dara háit sa toghlach cúig shuíochán agus é chun tosaigh ar an iarrthóir de chuid Independents4Change TD, Mick Wallace. Beidh sé ina throid go bun an angair don suíochán deireanach agus an feisire Eorpach Gaeltachta de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada, a fuair 79,072 vóta céadrogha, chun tosaigh ar Grace O’Sullivan ó Chomhaontas Glas a fuair 75,946, Malcolm Byrne,  Fianna Fáil, a fuair 69,166 vóta, agus an feisire eile de chuid Fhine Gael Deirdre Clune a fuair 64,605 vóta.

Cuirfear tús arís ar maidin le comhaireamh na vótaí i dtoghchán Eorpach Bhaile Átha Cliath tar éis aighneas idir iarrthóirí a d’fhág gur cuireadh an comhaireamh ar fionraí aréir.

Cinneadh an comhaireamh a chur ar fionraí mar gheall ar easaontas idir iarrthóir Fhianna Fáil Barry Andrews agus an t-iarrthóir neamhspleách Clare Daly.

Bhain an t-easaontas leis an ord ina ndéanfaí vótaí aistrithe a dháileadh.

Nuair a cuireadh stop le cúrsaí tar éis an 14ú comhaireamh aréir, bhí Barry Andrews chun tosaigh ar Clare Daly don tríú suíochán sa toghlach. Tá an ceathrú suíochán ann chomh maith ach an té a fhaigheann é sin ní bheidh sé nó sí ag dul chun na parlaiminte in Strasbourg go dtí go bhfágann an Bhreatain an AE, má tharlaíonn sin.

Cuirfear tús leis an gcomhaireamh arís ag 11am i mBaile Átha Cliath. Toghadh cheana féin i mBaile Átha Cliath Ciarán Cuffe ó Chomhaontas Glas agus Frances Fitzgerald, Fine Gael. Toghadh Mairéad McGuinness i dtoghlach an Láir Tíre- an Iarthuaiscirt, mar a bhfuil an neamhspleách Luke ‘Ming’ Flannagan sa dara háit agus an dara hiarrthóir de chuid Fhine Gael, Maria Walsh sa tríú háit.

Meastar go bhfuil tréimhse eile san Eoraip i ndán do Matt Carthy ó Shinn Féin atá chun tosaigh ar an neamhspleách Peter Casey agus Saoirse McHugh, Comhaontas Glas.

Tá nach mór gach ceann den 949 suíochán sna toghchán áitiúla líonta agus Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó le sciar 26.9% den vóta agus 277 suíochán acu.

Ó thuaidh, chuir an Alliance cor gan choinne i gcúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae nuair a bhain a gceannaire Naomi Long suíochán amach i bParlaimint na hEorpa.

D’éirigh le Long, beagnach 106,000 vóta céadrogha a fháil, díreach taobh thiar de Shinn Féin agus an DUP. Fágann bua Long go bhfuil dhá cheann de na trí shuíochán ó thuaidh ag páirtithe atá i gcoinne an Bhreatimeachta.

Fuair an Alliance a dhá oiread vótaí agus a fuair Páirtí Aontachtach Uladh, 53,052, a bhí ag cosaint an tríú suíochán.

143,112 an cuóta a bhí sa toghcheantar agus níor shroich aon iarrthóir é sin ar an gcéad chomhaireamh.

Mar a rinne sí in 2014, ba í Martina Anderson, Sinn Féin, ba mhó a fuair vótaí céadrogha agus, cé go raibh titim ar a vóta, d’éirigh léi a suíochán a choinneáil.  Diane Dodds an DUP a fuair an  suíochán eile.

Fág freagra ar 'Seán Kelly tofa chun parlaimint na hEorpa den tríú huair'